Saturday, January 2, 2016

Nótaí Fánacha Eolaíochta I


Tá sé aitheanta le fada go ngineann síolta crann níos luaithe tar éis loisce coille ná mar a bheifí ag súil leis.  Agus le fada an lá ba é an míniú air sin gur gá babhta téite ón loisce chun na síolta a mhúscailt.  Ach ní hamháin gur síolta crann a mhúsclaítear ach lear mór síol eile i gcré na coille.  Níos aistí fós is sa deatach ón loisceadh a fhaightear cibé substaint a bhrostaíonn giniúint na síol.  ‘Karrikin’ a baisteadh ar an substaint, ar grúpa substaintí é.  Ní tharlaíonn Karrikin áit ar bith sa dúlra in éagmais loisceadh siúcraí agus ceallalóis.  I dteannta éifeacht Karrikin ar ghiniúint síl, is léir anois go gcuireann sé le fás agus le gus an phlanda chéanna.

Is iad seo ar chlé na baill is cumhachtaí den chlann Karrikin.