Monday, July 20, 2015

Luibhghairdín i bPota


Dá mbeadh suíomh lánghréine i ngar don chistin againn, bheadh an luibhghairdín seo suite díreach lasmuigh den doras.  Ach, mo léan, ó tharla nach bhfuil a leithéid de shuíomh ar fáil, is ag bun an ghairdín atá sé suite agam.  Seans go n-aithneoidh sibh na luibheanna atá ar fás agam: Tím, Sáiste, Dragan Francach, Oragán Gréagach, Oragán Cumhra, Marós agus Lavandar.  Cé go raibh geimhreadh cruálach againn, mhair an Tím, an tSáiste agus an Lavandar agus iad le feiceáil ag péacadh aníos sa phota ag deireadh Mhí Aibreáin.  D’athchuir mé na cinn eile nuair a bhí fáil agam orthu ó mhuintir an tseastáin thaobh bóthair mar a bhfaighim geall le bheith chuile phlanda le blianta beaga anuas. 


Uair sa tseachtain, roimh bhricfeasta, mo mhuga caife i lámh amháin agus siosúr is ciseán sa lámh eile, téim ag baint luibheanna.  Deirtear gur fearr iad a bhaint i moch na maidine.  N’fheadar faoi sin, ach is cinnte gur fearr iad roimh bhláthú dóibh.  Is iomaí slí ann chun luibheanna a thriomú, ach le blianta beaga anuas, is crochta ina ndlochtáin ar bhalla staighre an íoslaigh mo rogha slí.
 

2 comments:

  1. Is aoibhinn liom luibheanna úra...tá siad i bpotaí agam féin, freisin, mar níl gairdín agam. Cuireann siad go mór le béile, gan dabht ar bith, a SheáinÓ.

    ReplyDelete
  2. Tá balsam liomóin agam nach bhfuil i bpota agus nach orm a bhfuil an díomá. Tá sé spréite faoin chasán anois, fiú.

    ReplyDelete