Monday, July 20, 2015

Luibhghairdín i bPota


Dá mbeadh suíomh lánghréine i ngar don chistin againn, bheadh an luibhghairdín seo suite díreach lasmuigh den doras.  Ach, mo léan, ó tharla nach bhfuil a leithéid de shuíomh ar fáil, is ag bun an ghairdín atá sé suite agam.  Seans go n-aithneoidh sibh na luibheanna atá ar fás agam: Tím, Sáiste, Dragan Francach, Oragán Gréagach, Oragán Cumhra, Marós agus Lavandar.  Cé go raibh geimhreadh cruálach againn, mhair an Tím, an tSáiste agus an Lavandar agus iad le feiceáil ag péacadh aníos sa phota ag deireadh Mhí Aibreáin.  D’athchuir mé na cinn eile nuair a bhí fáil agam orthu ó mhuintir an tseastáin thaobh bóthair mar a bhfaighim geall le bheith chuile phlanda le blianta beaga anuas. 


Uair sa tseachtain, roimh bhricfeasta, mo mhuga caife i lámh amháin agus siosúr is ciseán sa lámh eile, téim ag baint luibheanna.  Deirtear gur fearr iad a bhaint i moch na maidine.  N’fheadar faoi sin, ach is cinnte gur fearr iad roimh bhláthú dóibh.  Is iomaí slí ann chun luibheanna a thriomú, ach le blianta beaga anuas, is crochta ina ndlochtáin ar bhalla staighre an íoslaigh mo rogha slí.
 

Monday, May 4, 2015

Faoi Cheilt


Bhí a fhios agam go gcaithfinn an cheapach a bhfuil na sútha talún ag fás inti a athchóiriú.  Tá an cheapach chéanna ar cheann de na cheapacha a thóg mé thart ar dheich mbliana ó shin.  Ar an ábhar sin tá an ithir inti domhain agus méith, rud a éascaíonn fás na bhfréamhacha fada.  Ionann fréamhacha fada, ar ndóigh, agus stró mór agus mé ag ardú agus ag athlonnú suas le tríocha planda.  Chuir mé an jab ar an méar fhada ar feadh míosa, ach an deireadh seachtaine seo caite thug mé faoi.  Tá leath den cheapach ag na sútha talún agus bhí fúm an cheapach ina hiomlán a bheith acu.  Ach bhí planda mór lavandair ag fás sa chuid eile den cheapach.  Chaithfí é a bhogadh.  Mé ar tí an rámhainn a shá ag bun an phlanda nuair a thug mé faoi deara go raibh dorn maith clúimh measctha le féar tirim ag a imeall.  Síos liom ar mo ghlúine gur bhog an fionnadh go cúramach ar leataobh.  B’in romham trí ghlasmhíol, iad cuachta isteach i gcuas ithreach agus a thuilleadh clúimh go teolaí fúthu.  D’iompaigh ceann díobh i mo threo agus d’fhan muid ag stánadh ar a chéile ar feadh meandair.  Ansin agus a fhios aige, de réir dealraimh, nár bhaol dóibh, d’iompaigh sé uaim.  Bhog mé an clúmh ar ais á gclúdach agus chúlaigh.  An t-athchóiriú ar athlá arís.  Beidh na glasmhíolta in inmhe i gceann coicíse. 
Agus fiche bliain caite againn sa teach seo, tháinig mé ar ‘nead’ giorria ceithre uaire in áiteanna éagsúla sa ghairdín.  Uair amháin ba i lár na faiche tosaí a bhí sí agus ba dhóbair dom í a scrios agus mé ar bearradh an fhéir.  An lá dár gcionn, bhí na glasmhíolta glanta den fhaiche.  Tháinig mé orthu faoi bhun toir i gcoinne balla tosaigh an tí. A máthair, ar ndóigh, a d’aistrigh iad.  Na cinn nua, fillfidh an mháthair orthu i gcoim na hoíche chun iad a bheathú agus chun an nead a chóiriú as an nua, mar féach a amscaí is a d’fhág an duine sin chuile rud. 

Wednesday, January 7, 2015

An Seán O Eile



Le blianta beaga anuas faighim glao fóin uair sa mhí ó dhuine a fhiafraíonn díom “Are you Seán O’Connor?”  Well, is léir gurb ea, agus i mblianta tosaigh an eachtra seo, d’admhaigh mé gurb é sin m’ainm.  A thúisce sin cloiste, áfach, leanadh na ceisteanna ar aghaidh, go béasach ar feadh i bhfad, mo dháta breithe nó na huimhreacha deiridh dem SSN uatha, agus ag an bpointe sin, chrochainn an fón.  Ní bhfaighim na glaonna seo ach ar an bhfón teaghlaigh agus ní riamh ar mo fón póca.  Ar ndóigh, níl uimhir mo fóin phóca foilsithe agus ní deacair teacht ar an iliomad Sean O’Connor ach ríomhaire a chur ag ransú na n-eolaithe fóin. 

Le mí nó dhó anuas tá athrú tagtha ar na glaonna.  Is i mbagracht nó i séimhe atá siad dulta agus is go luath ar maidin, go fiú roimh mo chéad chupán caife, a thagann siad.  Is nós dom anois a fhiafraí ‘cad é fá dtaobh de’ an glao, ach freagra ní bhfaighim.  Sé an guth fireann bagrach a ghlaoigh orm díreach agus muid ag bualadh amach chun an Nollaig a chaitheamh le clann an mhic is sine linn.  Ach maidin inniu, ba í “Sweetie” a bhí ar an bhfón agus mo chéile á fhreagairt. 

“Could I speak to Seán?” ar sí, an mhil, an mealladh agus an géilleadh le brath ar a guth.  Ní raibh an guth seo cloiste cheana ag mo chéile agus an fhiosracht ina súile agus í ag síneadh an glacadóra chugam.  Na ceisteanna céanna ag Sweetie agus an crochadh céanna agamsa. 

Is léir anois gur bailitheoirí fiacha iad na daoine bochta a bhíonn ar an bhfón, iad ar thóir scraiste nó scraistí atá ar chomhainm liom: lucht tréigthe clainne, lucht goidte cártaí creidmheasa, lucht claonsheiceanna nó daoine bochta nár íoc an bille gáis nó leictreachais. 

Agus tuige iad ag síorghlaoch?  Mar creideann siad go bhfuil Sean O eile sa teach linn, mac nó garmhac nó gaol éigin.  Agus an tuin chainte sin agam agus mé ag diúltú na n-uimhreacha a roinnt leo.  Tuige sin? Mar gur mídhleathach mé agus mé in éagmais carta.  Sin é, cinnte.  Coimeád ar an liosta é, nó tá rud éigin á cheilt aige.  Cinnte dearfa!