Wednesday, October 22, 2014

A Thuilleadh Faoi Na Beacha Láibe



I rith an gheimhridh d’ullmhaigh mé teach na mbeacha; píosa píopa PVC a raibh suas le céad sorcóirí páipéir de thrastomhas 6 mm sáite ann, an píopa druidte ag foirceann amháin le claibín daingean plaisteach.  Lár Mhí Aibreáin agus na bláthanna ar mo chrainn piorraí ar tí oscailt, chuireas an teach ar crochadh lámh le crann díobh.  Láithreach bhí flosc faoi bhailiú na pailine, pailin a bheadh mar bhia ag na hábhair beiche i rith an tsamhraidh.  Tar éis gur leag an bheach bhaineann ubh aonair, dhún sí isteach í le balla láibe agus ar aghaidh léi ag bailiú a thuilleadh pailine agus ag leagadh a thuilleadh uibheacha, ceann i ndiaidh a chéile, balla i ndiaidh balla.  Faoi dheireadh Bhealtaine bhí ré na mbeach láibe thart agus d’aistrigh mé an teach isteach sa gharáiste d’fhonn é a chosaint ar fhoichí seadánacha.  Ag druidim le deireadh Mhí Dheireadh Fómhair, tharraing mé na sorcóirí as an bpíopa agus sna pictiúirí thíos feicfidh sibh an próiseas.

 
 

Beach aonair á bhaint as sorcóir:  láib, beach, láib

 

 









Iomlán sorcóra amháin, ceann sármhaith.

 

 








An barr ina iomlán ar ní dó le huisce d’fhonn an láib agus na fíneoga a ghlanadh de.

 



Caithfidh na beacha an geimhreadh sa chuisneoir san íoslach i soitheach bogthaise. 

5 comments:

  1. An uibheacha nó larbhaí iad ag an bpointe seo? Céard a dhéanfaidh tú leo san Earrach? An chéad chéim eile?

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. Is beach gach ceann díobh, cé ina gcodladh dóibh. Moltar, ní dhéanaim é, go n-osclófaí an corr ‘sliogán’ chun a dhearbhú gur slán do na beacha, rud a mharaíonn an bheach chéanna. Tá fós ag gach beach chodlatach roinnt den phailin a leagadh léi an chéad uair agus sé is cúis leis an gcuisniú ídiú na pailine a laghdú i dtreo nach mbeidh easpa bia ag an mbeach agus í ar tí bualadh amach ar an saol.
    An chéad chéim eile? Agus na bachlóga ar mo chrainn piorraí ag at, bainfidh mé na beacha as an gcuisneoir agus ligfidh mé dóibh ‘teacht go teocht’, ach iad fós sa soitheach bogthaise nach bhfuil éalú as. Cuirfidh mé tuaslagán de shiúcra isteach sa soitheach d’fhonn beagán bia a thabhairt dóibh. Agus na bláthanna oscailte, ligfear amach roinnt de na beacha agus déanfar an rud céanna ar fud m’áitribh go mbeidh siad uile scaoilte. Beidh 4 bheachtheach agam an bhliain seo chugainn, d.v.

    ReplyDelete
  4. Suimiúil ar fad!
    DAS, chonaic mé “d.v.” i dtvuít den chéad uair inné, agus seo arís é! LCD a scríobhaim de ghnáth, cé go bhfuil mé amhrasach Faoi.

    ReplyDelete
  5. DV no LCD, agus meabhraigh air seo: ní fírinne go hamhras, mar mura bhfuil amhras san ucht, bí cinnte nach bhfuil an fhírinne ag an té sin.

    ReplyDelete