Monday, March 17, 2014

An tIora Vandalach, Cuid a Dó


Thart ar dheich bliana ó shin, bhí iora cróga amháin a chaith samhradh linn, iora a bhí chomh cliste sin gur thug muid ‘An Faoileoir’ air.  Bhí ar a chumas siúd nithe a dhéanamh gur dheacair a chreidiúint.  Cé nach raibh an Tank againn fós ag an am, d’éirigh leis gach bac a shárú ar na hionaid bheathaithe eile.  Níor chaith sé ach an t-aon bhliain linn agus n’fheadar ar éag sé i rith an gheimhridh nó an ndeachaigh sé ag triall ar áit éigin eile.  Mar a fheiceann sibh sa chéad phictiúr, tá sciath-chochall leathsféarach os cionn na gléasanna beathaithe.  Coisceann siad san ar na hioraí teacht ar na hionaid beathaithe trí theacht anuas ar an slabhra a bhfuil na hionaid ag crochadh air, óir a luaithe a sheasann an ainmhí ar an sciath, luascann sí agus titeann an bithiúnach go talamh.  Só, cad faoin iora cliste sin?
 
 

Well, chaith mise seachtain ag faire air faid a bhí seisean ag aimsiú slí chun an sciath a shárú.  Chaith sé lá iomlán ag iarraidh léim ón talamh chun greim a ghlacadh ar bhun an ionaid.  Teip iomlán.  Ansin, agus is fíordheacair an scéal seo a chreidiúint, thosaigh sé, crann ar chrann, ag léim san aer i dtreo an Carousel, an ceann sa phictiúr thuas.  Ní raibh suim dá laghad aige sa ghléas eile mar nach raibh a rogha síl, dubhshíol lus na gréine, ann.  Lá i ndiaidh lae, chaith sé thart ar uair a chloig ag baint triail as crainn éagsúla agus na géaga ar na crainn sin mar láthair lainseála.  Agus, by Dad, d’éirigh leis teacht ar an gcrann agus ar  an ngéag cuí, rud a chuir ar a chumas léim agus faoileitilt go bun an Carousel. An sciathchochall sáraithe aige, níor fhéad mé gan bualadh bas a thabhairt dó agus ligean dó a sháith a ithe.  Má bhí sliocht ar an bhFaoileoir, ní bhfuair siad a intleacht ná a chrógacht.



Inniu, áfach, tá iora cliste eile lonnaithe sa choill ar chúl an tí.  Sin a leaid a d’fhuascail mé ón luamhán, an leaid a réab dhá fhara adhmaid mar chineál díoltais, dar liomsa.  Sean-béalmhír fhada druilire a chuir mé in áit na faraí adhmaid.  Ach ní raibh mo dhuine críochnaithe liom fós.  Agus mé ag ní soitheach sa doirteal chonaic mé an creachadóir ina sheasamh ar bharra chúl an Tank (pic a 2).  Ansin, lena lapaí tosaigh agus a cheann bhrúigh sé i gcoinne claibín an Tank.  Arís agus arís eile a rinne sé amhlaidh go dtí gur ghéill an laiste dó agus isteach leis, gan le feiceáil agam ach a eireaball ag gobadh amach.  Thart ar dheich nóiméad a chaith sé istigh agus nuair a bhí a sháith ite aige, amach leis, agus ba ansin ba léir dom a chliste is a bhí sé, mar suas leis ar an gclaibín agus léim agus léim eile as gur dhún an laiste. 

 

Murach go bhfaca mé an cleas ina iomlán ní bheadh leid agam cad ba chúis leis an ísliú tobann a bheadh ag teacht ar an síol sa Tank.  Mé éirithe tuirseach leis an iora áirithe seo sa chaoi gur chuir mé ceangail sreinge idir an claibín agus bun an Tank (pic a 2, 3), agus b’in sin.  Tá aguisín agam le cur leis an eachtra seo, ach fanfaidh mé tamall go bhfeice mé an buan an cleas nua atá ag an iora céanna.  

2 comments:

  1. Is maith an t-anlann an t-ocras...nó, b'fhéidir go méadaíonn ocras clisteacht!

    ReplyDelete
  2. Dea-lá,

    Tá mé an tUasal Carlos Stev. A cáil, dlisteanach agus creidiúnaithe iasachtóir. Táimid a thabhairt amach ar iasacht de gach cineál ar bhealach an-tapa agus éasca, Iasachtaí Pearsanta, Iasacht Car, Iasacht Baile, Iasacht do Mhic Léinn, Iasacht Gnó, iasacht Aireagóir, Comhdhlúite Fiach. srl

    Faigh ceadaithe le haghaidh gnó nó iasachtaí pearsanta a lá atá inniu ann agus cistí a fháil laistigh de sheachtain céanna i bhfeidhm. Is féidir na iasachtaí pearsanta a cheadú beag beann ar do creidmheasa agus tá go leor de na custaiméirí sásta chun cúltaca an éileamh seo. Ach ní bheidh ort a fháil ach ar an iasacht phearsanta de dhíth ort; gheobhaidh tú an ceann is saoire. Is é seo ár gealltanas: ráthaíocht muid an ráta is ísle le haghaidh gach iasacht le sochair comhthaobhachta saor in aisce.

    Déanfaimid ár ndícheall a fhágáil le tuiscint dhearfach buan trí níos mó ná an ionchais mo chustaiméirí i ngach rud a dhéanfaidh mé. Is é ár gcuspóir chun cóir leighis duit le dínit agus le meas céanna ag soláthar seirbhís ar ardchaighdeán ar bhealach tráthúil.

    Níl Uimhir slándála sóisialta is gá agus aon seiceáil creidmheasa ag teastáil, 100% ráthaithe.

    Mar sin, r-phost: carlos_stev@yahoo.co.uk lá atá inniu ann iarratas a dhéanamh ar IASACHT.

    ReplyDelete