Wednesday, October 22, 2014

A Thuilleadh Faoi Na Beacha Láibe



I rith an gheimhridh d’ullmhaigh mé teach na mbeacha; píosa píopa PVC a raibh suas le céad sorcóirí páipéir de thrastomhas 6 mm sáite ann, an píopa druidte ag foirceann amháin le claibín daingean plaisteach.  Lár Mhí Aibreáin agus na bláthanna ar mo chrainn piorraí ar tí oscailt, chuireas an teach ar crochadh lámh le crann díobh.  Láithreach bhí flosc faoi bhailiú na pailine, pailin a bheadh mar bhia ag na hábhair beiche i rith an tsamhraidh.  Tar éis gur leag an bheach bhaineann ubh aonair, dhún sí isteach í le balla láibe agus ar aghaidh léi ag bailiú a thuilleadh pailine agus ag leagadh a thuilleadh uibheacha, ceann i ndiaidh a chéile, balla i ndiaidh balla.  Faoi dheireadh Bhealtaine bhí ré na mbeach láibe thart agus d’aistrigh mé an teach isteach sa gharáiste d’fhonn é a chosaint ar fhoichí seadánacha.  Ag druidim le deireadh Mhí Dheireadh Fómhair, tharraing mé na sorcóirí as an bpíopa agus sna pictiúirí thíos feicfidh sibh an próiseas.

 
 

Beach aonair á bhaint as sorcóir:  láib, beach, láib

 

 









Iomlán sorcóra amháin, ceann sármhaith.

 

 








An barr ina iomlán ar ní dó le huisce d’fhonn an láib agus na fíneoga a ghlanadh de.

 



Caithfidh na beacha an geimhreadh sa chuisneoir san íoslach i soitheach bogthaise. 

Thursday, August 14, 2014

Ceiríní ar Fud An Domhain

Mé ag bailiú eolais faoin leas a bhaintear agus a baineadh as an iliomad sort ceirín ó gach cearn den domhan.  Sé atá i gceist agam le ‘ceirín’ ná substaint nó meascán a leagtar ar bhall den chorp d’fhonn feabhas nó athrú a chur i bhfeidhm.  Ní gá go mbeadh créacht nó máchail ar an mball céanna.  Mar shampla, deirtear liom go leagtaí ceirín mustaird ag bhrollach páiste a raibh slaghdán air.  Bhí mo mháthair féin thar a bheith oilte le ceiríní ach sé an ceann is suimiúla dár leagadh orm ná ceirín a bhí déanta de ghréasáin damhán alla a bailíodh le héirí na gréine i gConamara sna caogaidí seo caite.

Friday, July 4, 2014

Focal Ón nGairdín


Fada ó scríobh mé focal faoin ngairdín.  Ní hé nach bhfuil raidhse ar siúl a bhféadfainn scríobh fúithi.  Leisce, is dócha.  Sin nó mé ag ceapadh go mbeadh sibh dubh dóite de bheith ag léamh faoin ábhar céanna uaim.  Sin ráite, áfach, seo chugaibh rud nó dhó nár thrácht mé orthu cheana. 
 

Go luath in earrach na bliana seo caite cheannaigh mé crann figí (crann fige a bheadh agam féin, ach ‘figí’ atá ag ‘focal.ie’). ‘Brown Turkey Fig’ atá air dar leis na heolaithe.  Pé ar bith é, chuir mé i dtalamh é, ní i bpota, agus, le teacht an fhuachta, thimpeallaigh mé le fonsa sreanga é agus líon an ciorcal laistigh le féar tirim agus duilleoga feoite.  Sin déanta, chlúdaíodh an t-iomlán le tarp agus ghuigh mé codladh go hearrach ar an gcrann beag.  I lár Bhealtaine bhaineas an cumhdach agus, ar m’anam, cé go raibh duilleoga na bliana roimhe feoite, bhí duilleoga úra ar an gcrann cheana féin.  Seo agaibh an crann cumhdaithe sa chéad phictiúr agus an crann i láthair na huaire sna cinn eile mar aon le crann figí eile a chaith an geimhreadh i bpota san íoslach.  Féach na figí beaga sa phictiúr deiridh.
Tá an t-uafás nithe eile ar siúl faoi láthair, ach a bhformhór, ní bhaineann siad leis an ngairdín agus ba leasc liom sibh a bhodhrú lena leithéid. 

Monday, April 14, 2014

Stóras Geimhridh?


Agus mé ag ullmhú ceann de na ceapacha ardaithe d’fhonn cainneanna a chur ann, cad a fuair mé romham go domhain (9 orlach) in ithir na ceapaí ach trí phráta, ceann amháin measartha mór, na cinn eile ach ina bpóiríní.  Bhí an ceann mór (Detroit Red) gan smál ar bith. 
 
Ar intinn agam é a bheith agam inniu am dinnéir.  Níl dabht ar bith ann gur reoigh an ithir sa cheapach le linn an gheimhridh, go mór mór le linn fuacht uafásach Feabhra.  Conas, mar sin, a tháinig prátaí slán?  Tá’s ag an saol mór go loitear prátaí má reoitear iad.  Freagra, tomhas, eolas ag aoinne?  Iad ite agam anocht.  Blasta mar sceallóga le hispíní.  

Monday, March 17, 2014

An tIora Vandalach, Cuid a Dó


Thart ar dheich bliana ó shin, bhí iora cróga amháin a chaith samhradh linn, iora a bhí chomh cliste sin gur thug muid ‘An Faoileoir’ air.  Bhí ar a chumas siúd nithe a dhéanamh gur dheacair a chreidiúint.  Cé nach raibh an Tank againn fós ag an am, d’éirigh leis gach bac a shárú ar na hionaid bheathaithe eile.  Níor chaith sé ach an t-aon bhliain linn agus n’fheadar ar éag sé i rith an gheimhridh nó an ndeachaigh sé ag triall ar áit éigin eile.  Mar a fheiceann sibh sa chéad phictiúr, tá sciath-chochall leathsféarach os cionn na gléasanna beathaithe.  Coisceann siad san ar na hioraí teacht ar na hionaid beathaithe trí theacht anuas ar an slabhra a bhfuil na hionaid ag crochadh air, óir a luaithe a sheasann an ainmhí ar an sciath, luascann sí agus titeann an bithiúnach go talamh.  Só, cad faoin iora cliste sin?
 
 

Well, chaith mise seachtain ag faire air faid a bhí seisean ag aimsiú slí chun an sciath a shárú.  Chaith sé lá iomlán ag iarraidh léim ón talamh chun greim a ghlacadh ar bhun an ionaid.  Teip iomlán.  Ansin, agus is fíordheacair an scéal seo a chreidiúint, thosaigh sé, crann ar chrann, ag léim san aer i dtreo an Carousel, an ceann sa phictiúr thuas.  Ní raibh suim dá laghad aige sa ghléas eile mar nach raibh a rogha síl, dubhshíol lus na gréine, ann.  Lá i ndiaidh lae, chaith sé thart ar uair a chloig ag baint triail as crainn éagsúla agus na géaga ar na crainn sin mar láthair lainseála.  Agus, by Dad, d’éirigh leis teacht ar an gcrann agus ar  an ngéag cuí, rud a chuir ar a chumas léim agus faoileitilt go bun an Carousel. An sciathchochall sáraithe aige, níor fhéad mé gan bualadh bas a thabhairt dó agus ligean dó a sháith a ithe.  Má bhí sliocht ar an bhFaoileoir, ní bhfuair siad a intleacht ná a chrógacht.



Inniu, áfach, tá iora cliste eile lonnaithe sa choill ar chúl an tí.  Sin a leaid a d’fhuascail mé ón luamhán, an leaid a réab dhá fhara adhmaid mar chineál díoltais, dar liomsa.  Sean-béalmhír fhada druilire a chuir mé in áit na faraí adhmaid.  Ach ní raibh mo dhuine críochnaithe liom fós.  Agus mé ag ní soitheach sa doirteal chonaic mé an creachadóir ina sheasamh ar bharra chúl an Tank (pic a 2).  Ansin, lena lapaí tosaigh agus a cheann bhrúigh sé i gcoinne claibín an Tank.  Arís agus arís eile a rinne sé amhlaidh go dtí gur ghéill an laiste dó agus isteach leis, gan le feiceáil agam ach a eireaball ag gobadh amach.  Thart ar dheich nóiméad a chaith sé istigh agus nuair a bhí a sháith ite aige, amach leis, agus ba ansin ba léir dom a chliste is a bhí sé, mar suas leis ar an gclaibín agus léim agus léim eile as gur dhún an laiste. 

 

Murach go bhfaca mé an cleas ina iomlán ní bheadh leid agam cad ba chúis leis an ísliú tobann a bheadh ag teacht ar an síol sa Tank.  Mé éirithe tuirseach leis an iora áirithe seo sa chaoi gur chuir mé ceangail sreinge idir an claibín agus bun an Tank (pic a 2, 3), agus b’in sin.  Tá aguisín agam le cur leis an eachtra seo, ach fanfaidh mé tamall go bhfeice mé an buan an cleas nua atá ag an iora céanna.  

Tuesday, March 4, 2014

Focal Dearmadta


Ar ndóigh, bhí an focal agam agus mé ar an meánscoil.  Ba é an Bráthair Ó Leathlobhair a bhí againn mar mhúinteoir Ceimice agus Fisice agus is cuimhin liom gurbh é an bráthair céanna an fear ba néata, deaghléasta glélabhartha sa Choláiste ag an am agus seans gurbh é a dhírigh ar an Eolaíocht mé, cé go raibh suim agam inti ó bhí mé an-óg. 

Bhí an focal dearmadta agam agus b’éigean dom ‘focal.ie’ a cheadú d’fhonn teacht air.  Ba é a thiomáin ar thóir an téarma mé ná gur thug mé faoi deara go raibh doimhneacht an sneachta ag laghdú in áiteanna ar leith sa ghairdín, áiteanna nach raibh fothain ar bith acu ón ngaoth.  Bíodh a fhios agaibh nár éirigh an teocht os cionn an reophointe anseo le trí sheachtain agus dá bharr sin, nach raibh leá i gceist i gcás an laghdú sin.  An focal a bhí uaim ná ‘néalú’ (sublimation).  Sé is néalú ann ná substaint sholadach éirí ina ghás gan leá.   Chun a leithéid a tharlú i gcás sneachta, is gá don aer a bheith thar a bheith tirim, rud ab fhíor anseo le tamall anuas.  Deachair a chreidiúint ach tá thart ar throigh sneachta imithe ‘le gaoth’ le coicís anuas.  Ionann sin agus 25% den ualach sneachta atá tite orainn ó thús na bliana.   

An Láthair Bheathaithe


Mar fhreagra ar cheist Aonghuis, seo daoibh pictiúr d’iomlán freastal An Bheathaitheora ar an éanlaith agus ar cibé eile a thagann chun greim a fháil uaithi.  Má mhéadaíonn tú an pictiúr feicfidh tú go bhfuil iora ar chlé agus é ag ithe geire a bhfuil na cnagairí mar phríomhchustomairí aici.  Níl éan ar bith ar an Tanc ach feicfidh tú cúpla éan ag ithe síol niger agus cúpla ceann eile ag slogadh siar síol lus na gréine ar dheis.

Só, ní gá don iora bheith ag brath go hiomlán ar a stór síl, mar tá mo chéile chun deimhin a dhéanamh de nach mbeidh easpa bia ann i rith an gheimhridh.

Monday, March 3, 2014

An tIora Vandalach


Ar na gléasanna atá ag An Beathaitheoir chun na héin a bheathú, tá ceann ar a dtugaimid ‘The Tank’.  Déanta de chrua, oibríonn sé ar phrionsabal an luamháin.  Tá fara ar an Tank agus suíonn na héin ar an bhfara chun teacht ar an síol atá laistiar de ghráta os a gcomhair.  Arae, má shuíonn an iomad éin ar an bhfara, íslíonn an luamhán sa chaoi nach mbíonn teacht a thuilleadh ar an síol.  Agus, ar ndóigh, má shuíonn iora ar an bhfara, íslíonn sé láithreach.

Formhór na n-ioraí, tuigeann siad nach bhfuil teacht acu ar an síol sa Tank, ach tá ceann amháin agus níl glactha aige leis an tátal sin.  Seachtain ó shin agus é ag iarraidh teacht ar shíol ón Tank, tharla go ndeachaigh ionga méir i lapa leis i bhfostú i bpoll beag sa luamhán a dtéann an fara tríd. 

Ghlaoigh An Beathaitheoir orm le go bhfeicfinn cruachás an iora. 

“Tá sé dulta ó smacht anois,” ar sí.  “É ag baint greamanna as a lapa chun é féin a shaoradh, ach eagla orm dul ina ghaobhar.”

Cén fear chéile nach n-aithneodh an achainí?    

Chuaigh mé ag tochailt sa bhosca go bhfuair mé na lámhainní troma leathair.  Ansin, na ‘wellies’ ar mo chosa, ar aghaidh liom, sneachta beagnach go glún liom, i dtreo an truáin.  Ar ndóigh rinne sé iarracht greim a bhaint as mo lámh, ach sa deireadh rug mé greim air agus shaoir é ón luamhán.  Scaoil mé mo ghreim air agus as mo lámh leis ar luas lasrach.

“Súil agam,” arsa An Beathaitheoir, “ go bhfuil ceacht foghlamtha aige anois agus go bhfanfaidh sé amach ón Tank.” 

Caolseans!  É ar a sheanchleasaíocht arís, ach anois, ní hamháin gur foinse bia é an Tank, ach is namhaid é freisin.  Tá dhá fhara adhmaid scriosta aige le seachtain anuas agus inné b’éigean dom fara miotail a shuiteáil ina n-áit agus an cothromaíocht a athrú mar gur troime an fara miotail ná na cinn d’adhmad.   Mé ag súil le cleas nua ón Vandal ach n’fheadar fós cad é.