Monday, December 23, 2013

Cisneoir faoi Dhuilliúr



(Mura bhfuil suim agat i nuacht ón ngairdín, scip thar an mír seo).

Tar éis dom an sárbharr sin piseanna a bhaint as an gceapach ardaithe, an ceann leis na síolta difriúla agus eangacha chun iallach a chur ar na gasanna fás go hingearach, thug mé faoiseamh don cheapach agus níor bhain mé léi go dtí tús Lúnasa, tráth ar chuir mé cairéid i dtalamh.  Dhá chineál a chuir mé; Detroit Hybrid agus Ya-Ya Hybrid.  Ní de dhifear eatarthu ach go bhfuil fréamh fhada thanaí ag Detroit agus fréamh cineál sféarúil ag an gceann eile.  Thairis sin, níl a dhath de dhifear, idir mhéid, dhath, bhlas ná sheas le braith eatarthu.  Trian den cheapach a chuireadh sa chéad chur, cur eile coicís níos déanaí agus an ceann deireanach i lár Mheán Fómhair.

Agus an sioc ag bagairt, bhain mé toradh an chéad chuir agus nach iad a bhí briosc, úr, milis agus blasta.  Leath mé 9 n-orlach duilleoga dara ar na plandaí eile, á gclúdach go huile is go hiomlán. 

Mí na Nollag 20, bhaineas na duilleoga agus d’ardaigh chuile chairéad.  Leath-dhosaen díobh, ba léir go raibh bith éigin ag baint súp astu, ach thairis sin bhí 80 cairéad againn.  A gcáil leata ar fud na sráide agus dosaen díobh mar aon le maróg bheag mar chuid de bhronntanas Nollag mhuintir O’Connor ar ár gcomharsana béal dorais. 

Ionadh orm nár loiteadh an glasra le linn seachtain seaca díreach roimh a mbaint.

3 comments:

  1. Gura fada uait an sioc i 2014, a chara!

    Nollaig Shona, a Sheáin, uainn uilig anseo i gCeann Scríbe..:-)

    ReplyDelete
  2. Beannachtaí na Féile ort, a Gharraíodóir.

    Is nár ithe na péisteanna do ya-ya-anna i 2014

    ReplyDelete