Wednesday, December 25, 2013

Beannachtaí na Nollag Oraibh Uile



Sea!  Beannachtaí oraibh ó thailte reoite Connecticut.  De bharr tinnis neamh-ainmnithe, coisceadh orm tiomáint ar feadh coicíse agus sé an cárta seo toradh mo dhíomhaoine.  Deir Denis go bhfuil sé breac le botúin, go fiú sa Vítneamais.  Ah, well, leagaim an milleán orm féin agus ar Google Translate.  Ar a shon sin is uile, is léir cad tá i gceist agam a chur in iúl.  An chéad líne, is Aramais an teanga sin, ach caitheann sibh na cinn eile a aithint as bhur stuaim féin.

Beir bua is beannacht,

Nollaig Shona agus Athbhliain den scoth, idir shláinte agus uile oraibh go léir.


2 comments:

  1. Go raibh mile maith agus go ndéirí do shos leat féin agus Maris

    ReplyDelete
  2. go dtaga biseach ort i gcibé teanga a roghnaíonn sé theacht!

    ReplyDelete