Wednesday, November 20, 2013

Is Fada Mé im Thost


Cúrsaí clainne, cúrsaí sláinte, cúrsaí taistil agus, thar gach ní eile, cúrsaí garraíodóireachta.  I gcás an ghairdín de, bhíos den tuairim go mbeadh laghdú ar an sclábhaíocht a luaithe is a bheadh an talamh uile tugtha chun míntíreachais, na ceapacha tógtha agus líonta le hithir den scoth, na crainn curtha agus a bhfréamhacha go docht ag síneadh amach.  Ina theannta sin, bhí feabhsú na hithreach le feiceáil ó na hanailísí a rinne saotharlann na hollscoile dom. 

Baoth-thuiscint, a chara, mar dá mhéad é feabhas do shealúchais sea is mó aire a éilíonn sé.  An lustan, mar shampla, ní hamháin go mbíonn flosc breise faoi sa dea-ithir, ach is ceacht phraiticiúil é ar theagasc Darwin.  Murar féidir liom fiaile a fheiceáil, ní bhainfidh mé léi fad a bhím ag glanadh iad siúd atá so-fheicthe.  Lé déanaí, feicim go bhfuil athrú tagtha ar an lustan (ionann ‘lustan’ agus rud ar bith atá ag fás mar nár mhaith liom é bheith ag fás.)  Tá cineál nua caisearbháin tar éis cur faoi sa ghairdín.  É thar a bheith íseal agus na bláthanna geall le bheith ag leibhéal na hithreach.  Ní bhaineann an lomaire/tarracóir blúirín ar bith de.   Planda eile, gan ainm agam air fós agus dath na nduilleog éirithe dubh-ghlas-corcra, sa chaoi gur geall le do-fheicthe atá sé agus iontas na n-iontas is ag an tráth seo bliana atá siad ag péacadh.   

OK, is leor sin den olagón.  Seo cleas ar bhain muid an-tairbhe as agus na súnna craoibhe á mbaint againn.  Más duine tú a chuaigh ag baint súnna craoibhe nó sméara dubha nó cuiríní dubha nó fraochán riamh, tá’s agat gur jab dá-lámhach é.  Lámh chun breith ar na gais, an ceann eile chun an toradh a bhaint.  I gcatalóg ait tháinig mé ar an bhfearas atá á chaitheamh agam sa fótó.  Is do phéintéirí a rinneadh é, ach féach cé chomh háisiúil is atá sé le linn duit na caora a bhailiú.  Suas le dhá phunt meáchain de shúnna craoibhe a iompraíonn sé agus ní chosnaíonn sé ach $15.  Más suim leat é, téigh ag féachaint ar láthair ‘American Science and Surplus’.  Hands free pouch painter and apron a thugtar air.  Dála an scéil, bhaineamar 25 phunt de shúnna craoibhe i mbliana.  Muid ag súil lena dhá oiread sin an bhliain seo chugainn. 

Agus seo an fhiaile eile a luas thuas. 

 

4 comments:

  1. Is áisiúil an gléas é. Fáilte ar ais.

    ReplyDelete
  2. an-áis go deo. ag féachaint ar aon ní glas nó buí anseo i nÉirinn á ithe ag na seilidí. Tromfhuacht luath, cíocras neamhghnáth!

    ReplyDelete
  3. Is cosúil go ndearna tú niche nua an-tarraingteach do chuile shórt cuairteoirí glasa!

    ReplyDelete
  4. Níl sé chomh simplí sin, Dennis. Dar liomsa, sé atá ag tarlú ná go bhfuil mé ag cur oiread sin brú ar an lustan tríd an síor-ghortghlanadh, go bhfuilim ag roghnú an corr-phlanda a bhfuil sóchán ann, sóchán a bhfuil de thoradh air go gceiltear an planda orm, nó mura gceiltear, go ndéantar níos deacra é an planda a fheiceáil. Níl líon na gcaisearbhán ‘íseal’ i ngar don líon a bhíodh ag a ngaolta ‘arda’ sular ar dhíothaigh mé iad, ach más fíor do Darwin, leanfaidh na sócháin randamacha go dtí go dtarlaíonn ceann a chuireann go mór le héifeachtacht síolscaipeadh an phlanda. Seans maith go mbeid féin ag beathú na bplandaí faoin am sin. An planda eile, áfach, níl a fhios agam cad is foinse síl dó. Fótó de seolta agam go dtí Saotharlann na bPlandaí in Ollscoil Connecticut ag lorg breis eolais faoi.

    ReplyDelete