Sunday, July 14, 2013

An Arracht Srianta Iata


Cuimhin libh an radharc a bhí romhainn anuraidh agus muid fillte ón tSeapáin; an gairdín geall le bheith leath-ghafa ag na puimcíní agus na scuaiseanna?  Well, chinneas gan aon phuimcín a chur i mbliana, óir táid ar fáil go héasca agus go saor díreach tar éis Oíche Shamhna.  Thairis sin, ní raibh spás agam dóibh agus líon na ngas sú craoibhe méadaithe faoi thrí agam agus fás spleodrach fúthu.  Na gais nua ar chlé, na cinn is sine ar dheis. 




Chinn céile deartháir mo chéile féin tabhairt suas den gharraíodóireacht agus bhronn sí orm dhá sconsa so-aistrithe a bhfuil ceann díobh le feiceáil sa phictiúr thíos.  Laistigh den sconsa níl ach trí phlanda, scuaiseanna  gheimhridh iad, agus gach iarracht á dhéanamh acu éalú as an ‘rez’ ina bhfuil siad.  Beag an seans, ach mé ag coinneáil súile orthu mar sin féin, mar is seiftiúil mar ionróirí iad. 

Bhain mé glac bheag de shúnna craoibhe inné agus na céad phrátaí inniu.  750g de Yukon Gold ó phlanda amháin; go leor don dinnéar.  Ar eagla go mbuailfidh an luath-dhúchan iad, bainfidh mé iomlán an chineáil sin i gceann lá nó dhó, ach fanfaidh mé coicís go dtabharfaidh mé faoi na Pontiac Dearga. 
 
 

4 comments:

  1. Na scuaiseanna bochta! Na h féidir leat cead a gcinn a thabhairt dóibh?

    ReplyDelete
  2. Is de nádúr na bpuimcíní agus na scuaiseanna go ndreapann siad agus chuige sin tá lear mór teannóga acu. An fál atá timpeall orthu, is air atáid ag dreapadh agus sé is mian liomsa go mbéarfar na scuaiseanna, ní ar an dtalamh, áit a mbeadh teacht ag drúchtíní agus seilidí orthu, ach san aer, lasmuigh den sconsa agus ag crochadh idir barr an sconsa agus an talamh. Táid ann, ‘huggers’ den chuid is mó, dar liomsa, a deir go gcuireadh na bundúchasaigh trí bharr i dteannta a chéile sa chearn seo den tír, roimh theacht do na hEorpaigh, mar a mbíodh grán buí, pónairí agus scuaiseanna. (Tá tagairt don chleachtadh sin i Músaem na Mashantucket Pequot in oir-dheisceart an stáit seo (CT) agus is fíorshuimiúil mar mhúsaem é agus is fiú lá a chaitheamh ann, nó leath-lá ar a laghad.) Pé ar bith é, d’fhásadh an grán, dhreapadh na pónairí ar an ngrán agus d’fhásadh na scuaiseanna i scáth na beirte eile agus ag dreapadh mar a d’oir dóibh. Ní maith liom pónairí agus níl mé chun an gran buí ag cur in iomaíocht leis na scuaiseanna, mar níl aon dabht ann cé a bhuafadh.

    ReplyDelete
  3. am agus dua curtha isteach agat! idir na súnna, scuaiseanna agus na piseanna! nar laga Mor thú!

    ReplyDelete
  4. Grán buí, pónairí agus scuaiseanna: an triúr deirfiúracha a thugtar orthu uaireanta. Sea, tá an scéal sin cloiste agam freisin. Chum m'athair iad scartha óna chéile iad áfach sa gharraí mór a bhí againn

    ReplyDelete