Friday, July 19, 2013

104 nó 40

Ní cuimhin liom a leithéid seo de lá.  Cinnte, tá 90 nó 95 feicthe agam cheana, ach inniu, agus mé ag filleadh ón ollmhargadh ní raibh dabht ar bith ann, bhí an céad sáraithe, ní faoin ngrian, ach faoi scáth.  Tá an flóra buailte balbh, an teocht ró-ard do phailniú, ró-ard do sheachadadh cillsú, ró-ard d’oscailt bachlóg.  Chuile phlanda ag feitheamh, féachaint an bhfuil faoiseamh in ann dóibh, an ísleoidh an teocht, an dtiocfaidh fearthainn in am nó an é an feo atá in ann dóibh.

2 comments:

  1. Tintreach agus Toirneach agus clagarnach báistí ar feadh cúpla nóiméad. Beagán, ach go leor chun tart an nádúir a mhúchadh go sealadach agus an teocht a ísliú de 20˚ F.

    ReplyDelete