Friday, June 14, 2013

Cé Tú Le Do Chosa Greamaitheacha?


Bhí ceann de thithe na mbeach geall le bheith lán agus cionn is nach bhfaca mé beach ina ghaobhar le cúpla lá, bhián mé den bhalla é agus chuir ar leataobh sa gharáiste.  Agus mé ar mo shlí go dtí an gairdín inniu, chonaic mé beach agus í ag lorg an tí.  Ar ámharaí an tsaoil, bhí ceann folamh agam agus chroch mé láithreach é, ach, agus é crochta agam, amach le mo chara glas.  Ní fhaca cheana an créatúr seo.  An n-aithníonn aoinne agaibh é? 

1 comment:

  1. Ó ‘ichiban musuko’ sa tSeapáin: Hyla versicolor ; crann-frog liath, ach féach an focal ‘versicolor’. An ceann sa phictiúr, is frog baineann óg í.

    ReplyDelete