Friday, May 3, 2013

Saothar na mBeach Láibe

Ar na tomhais a bhíonn ar an ngarraíodóir sna bólaí seo a bhfuil crainn thorthaí aige a dhéanamh, tá cathain ar chóir na beacha láibe a mhúscailt ó chodladh an gheimhridh. Cuimhin libh na beacha céanna? Iad san a dhéanann pailniú ar chuile short bláth, ar bhláthanna úll, piorra agus silín ach go háirithe agus a dhéanann nead i dtollán beag a iann siad le láib? I mbliana, agus aimsir an earraigh aisteach ar fad, chinn mé, seachtain ó shin, ar na tithe beach a aistriú ón gcuisneoir san íoslach agus iad a chrochadh ar fud an ghairdín. 

 

Ceithre theach a bhí ullmhaithe agam anuraidh agus seo an ceann is gnóthaí faoi láthair agus é i ngar do chrann piorra Áisigh.  Tá mé ag ceapadh go bhfuil ar a laghad dhá chineál beach láibe ag saothrú dom sa teach seo; Osmia lignaria agus Osmia ribifloris.   Más suim leat na beacha seo, tá cur síos gearr orthu ag Wikipedia faoi teideal Mason bee. 

Tuilleadh eolais?  Seol r-phost chugam. 

 

4 comments:

  1. ag smaoineamh ar tabhairt faoi na beacha! an-spéisúil go gcoinníonn tú iad sa chuisneoir. Ag foghlaim liom. D'fhéach mé ar http://www.irishbeekeeping.ie/ ach an mholfá aon leabhar nó suíomh don té nach bhfuil aon eolas aici?

    ReplyDelete
  2. An t-eolas atá agamsa faoi na beacha seo, is ó Wikipedia agus foinsí eile ar an ngréasán a fuair mé é. I dtosach báire, cheannaigh mo chéile ‘teach beach láibe’ dom. É déanta as bambú. Im thuairimse, ní féidir a leithéid a úsáid ach ar feadh dhá bhliain cionn is go n-éiríonn na tolláin foirgthe le fíneoga nach ar leas na mbeach iad. Mar is léir ón bhfótó thuas, is as píobán PVC a dhéanaim na tithe agus cheannaigh mé na cíora plaisteacha ó áir éigin i gCeanada, áit atá dearmadta agam anois. Chuardaigh mé foinsí eolais faoi beacha láibe in Éirinn, ach ní bhfuair mé tada.

    ReplyDelete