Saturday, April 13, 2013

Chéad Bhláthanna An Earraigh


Seo cúpla pictiúr a thóg mé inniu. Is fada siar ó thosaigh mé ar cheapach d’ Eileabar (Helleborus) a bhunú. I mbliana, den chéad uair, tá rath ar an iarracht. Seo iad, nó an chuid díobh atá faoi bhláth inniu. Rós na Nollag, nó Rós an Charghais, nó Rós na Cásca a thugtar orthu toisc a luaithe a bhláthaíonn siad. Iad ag fás i gceapach ar leith i mo scáthghairdín, ach siúd is nach bhfuil duilliúr ar na crainn fhogais, tá fáil acu ar cibé solas gréine atá ann faoi láthair. Is i gcuid eile den ghairdín, ar imeall na coille, atá na cromchinn faoi bhláth. Gealann siad mo chroí agus athnuann siad an dóchas a bhí tráite ionam i rith an gheimhridh.





Anois, ós rud é go bhfuil na piseanna ag péacadh, maille leis na raidisí, tá sé in am dom na prátaí a chur agus chuile rud a spraeáil le ‘hanraith glas’ a mbainfidh mé triall as i mbliana.  Is cineál piseog nó draíocht é, oideas a fuair mé i leabhar le duine nach nglacann le leigheas nach ón nádúr é  Coipeadh coicíse a bhí i gceist agus de réir an pH atá air, ta sé ullamh le húsáid.  Súil agam nach dochar a dhéanann sé.  Tuilleadh amach anseo.

4 comments:

  1. chuir mé na hoinniúin anseo in éirinn inniu féin. Earrach fuar go dtí seo! Gach rath ar an obair - agus tá an ceart agat, tá an eileabar sin agat go hálainn.

    ReplyDelete
  2. Bhíos ag súil go spreagfadh an focal ‘glas’ duine éigin chun ceist a chur. I m’fhoclóir féin, ionann ‘glas’ agus ‘ceimic-shéanach’ nó ‘lucht barróg crann’. Ar ndóigh ní anraith glas a rinne mé ach cineál coirm dhubh a raibh molás dubh, uisce te agus inoculum de bhaictéir, B. subtilis agus Lactobacillus mar bhun léi. Ar ndóigh tá teoiric laistiar de gach teoiric. Sa chás seo sé atá i gceist ná go bhfuil ar gach planda líon teoranta d’áiteanna a bhféadfadh baictéar nó fungas nó víreas tuirlingt orthu. Má tá na suíocháin go léir líonta cheana féin ag do dhea-bhaictéir, sin sin don namhaid. Mar a dúrt, ní chreidim de ghnáth i dteoiricí dá leithéid, ach ní fheicim go bhféadfadh fíordhroch-thoradh teacht ar na barra tríd an spraeáil seo. A thuilleadh amach anseo.

    ReplyDelete
  3. @ sin sin don namhaid

    Go n-éirí go geal leat!

    Agus, linn uilig, go deimhin..:-)

    ReplyDelete