Friday, March 1, 2013

A Bhuí le Dia; Plúiríní Sneachta Agus Seo

 
Chuir mé orm mo wellies nua agus amach liom ag lorg fianaise ar bith go raibh an t-earrach ar na bacáin, mar a déarfá, mar féach níl ach coicís idir sinn agus Lá ‘le Padraig agus cur na bpiseanna etc.  Tá plandaí ann, de leithéid Vinca agus Pachysandra a fhanann linn ó cheann ceann na bliana.  Ach mar chineál fíneáil orthu as a síorghlaise, níl áilleacht ar bith ag baint leo.  Ina theannta sin, ní nós dóibh fáilte a fhearadh roimh plandaí eile; ‘territorial’, an dtuigeann sibh?  Ach siúd inniu, amach romham ar an talamh chonac chéad phlúirín na bliana neadaithe i measc an Pachysandra.

Agus an dara ceann?  Do thomhas? 

4 comments:

  1. Tá bláth ag teacht ar na cróchanna anseo i bPennsylvania, agus tá gasa lusanna an chromchinn ag tosú ag gobadh amach as a gcréafóg.

    ReplyDelete
  2. Níl a fhios agam céard atá sa dara grianghraf (rud éigin faoin uisce?), ach is aoibhinn liom na plúiríní sneachta thuas..:-)

    ReplyDelete
  3. An chuid den dabhach séarachais is giorra don dromchla, barr an ‘riser’ mar a thugtar air sna bólaí seo, tá sé 3 throigh faoi bhun na talún. I rith gnáthgheimhridh anseo, tá an ‘reolíne’ thart ar 36 orlach ar dhomhain. Agus an teas ón gcoipeadh ag éirí tríd an riser agus an domhan ag leá, briseann an teas tríd an oighear agus feictear ‘féar glas ar bharr an dabhaigh’; comhartha gur gairid uainn séasúr na plandála.

    ReplyDelete
  4. In 1976 McGraw-Hill published Irma Bombeck's 'The Grass Is Always Greener Over The Septic Tank', Is cuimhin liom an leabhar, a raibh an-ráchairt air.

    ReplyDelete