Wednesday, January 2, 2013

Córas Cian-Rabhaidh na hÉanlaithe

 N’fheadar an bhfuil éinne agaibh aosta go leor le go mbeadh cuimhneamh agaibh ar na línte ionad Radar a shín trasna Ceanada i rith an Chogaidh Fhuair? Seo pictiúr de cheann de na hionaid sin. Chuir rud a chonaic mé inniu na línte sin i gcuimhne dom. Bhíos ag amharc amach fuinneog na cistine agus mé ag ullmhú béile nuair a scuaird scata éan soir i dtreo na deice. Tar éis thart ar 3 shoicind eile scuaird an dara scata agus thugas faoi deara go raibh na hiorraí greamaithe gan chorraí le stoic na gcrann. I gceann dhá shoicind eile chonaic seabhac ag landáil ar chrann sa choill. Níor fhan sé ansin ach ar feadh leathnóiméid. Ní foláir go raibh córas cian-rabhaidh ag na héin, ach níor chuala mise faic. Ó uair go chéile feicimid cleití ar an talamh, comhartha nach bhfuil an córas rabhaidh foirfe, ach níl dabht ach go bhfuil se éifeachtach. 

1 comment:

  1. Feicim an rud ceannann céanna ag tarlú anseo, nuair a bhíonn an spioróg úd ar a chonair cogaidh ar chúl an tí.

    Ní dóigh liom gur éirigh lenár meantán gorm éalú in am..:-(

    ReplyDelete