Wednesday, December 25, 2013

Beannachtaí na Nollag Oraibh Uile



Sea!  Beannachtaí oraibh ó thailte reoite Connecticut.  De bharr tinnis neamh-ainmnithe, coisceadh orm tiomáint ar feadh coicíse agus sé an cárta seo toradh mo dhíomhaoine.  Deir Denis go bhfuil sé breac le botúin, go fiú sa Vítneamais.  Ah, well, leagaim an milleán orm féin agus ar Google Translate.  Ar a shon sin is uile, is léir cad tá i gceist agam a chur in iúl.  An chéad líne, is Aramais an teanga sin, ach caitheann sibh na cinn eile a aithint as bhur stuaim féin.

Beir bua is beannacht,

Nollaig Shona agus Athbhliain den scoth, idir shláinte agus uile oraibh go léir.


Monday, December 23, 2013

Cisneoir faoi Dhuilliúr



(Mura bhfuil suim agat i nuacht ón ngairdín, scip thar an mír seo).

Tar éis dom an sárbharr sin piseanna a bhaint as an gceapach ardaithe, an ceann leis na síolta difriúla agus eangacha chun iallach a chur ar na gasanna fás go hingearach, thug mé faoiseamh don cheapach agus níor bhain mé léi go dtí tús Lúnasa, tráth ar chuir mé cairéid i dtalamh.  Dhá chineál a chuir mé; Detroit Hybrid agus Ya-Ya Hybrid.  Ní de dhifear eatarthu ach go bhfuil fréamh fhada thanaí ag Detroit agus fréamh cineál sféarúil ag an gceann eile.  Thairis sin, níl a dhath de dhifear, idir mhéid, dhath, bhlas ná sheas le braith eatarthu.  Trian den cheapach a chuireadh sa chéad chur, cur eile coicís níos déanaí agus an ceann deireanach i lár Mheán Fómhair.

Agus an sioc ag bagairt, bhain mé toradh an chéad chuir agus nach iad a bhí briosc, úr, milis agus blasta.  Leath mé 9 n-orlach duilleoga dara ar na plandaí eile, á gclúdach go huile is go hiomlán. 

Mí na Nollag 20, bhaineas na duilleoga agus d’ardaigh chuile chairéad.  Leath-dhosaen díobh, ba léir go raibh bith éigin ag baint súp astu, ach thairis sin bhí 80 cairéad againn.  A gcáil leata ar fud na sráide agus dosaen díobh mar aon le maróg bheag mar chuid de bhronntanas Nollag mhuintir O’Connor ar ár gcomharsana béal dorais. 

Ionadh orm nár loiteadh an glasra le linn seachtain seaca díreach roimh a mbaint.

Wednesday, November 20, 2013

Is Fada Mé im Thost


Cúrsaí clainne, cúrsaí sláinte, cúrsaí taistil agus, thar gach ní eile, cúrsaí garraíodóireachta.  I gcás an ghairdín de, bhíos den tuairim go mbeadh laghdú ar an sclábhaíocht a luaithe is a bheadh an talamh uile tugtha chun míntíreachais, na ceapacha tógtha agus líonta le hithir den scoth, na crainn curtha agus a bhfréamhacha go docht ag síneadh amach.  Ina theannta sin, bhí feabhsú na hithreach le feiceáil ó na hanailísí a rinne saotharlann na hollscoile dom. 

Baoth-thuiscint, a chara, mar dá mhéad é feabhas do shealúchais sea is mó aire a éilíonn sé.  An lustan, mar shampla, ní hamháin go mbíonn flosc breise faoi sa dea-ithir, ach is ceacht phraiticiúil é ar theagasc Darwin.  Murar féidir liom fiaile a fheiceáil, ní bhainfidh mé léi fad a bhím ag glanadh iad siúd atá so-fheicthe.  Lé déanaí, feicim go bhfuil athrú tagtha ar an lustan (ionann ‘lustan’ agus rud ar bith atá ag fás mar nár mhaith liom é bheith ag fás.)  Tá cineál nua caisearbháin tar éis cur faoi sa ghairdín.  É thar a bheith íseal agus na bláthanna geall le bheith ag leibhéal na hithreach.  Ní bhaineann an lomaire/tarracóir blúirín ar bith de.   Planda eile, gan ainm agam air fós agus dath na nduilleog éirithe dubh-ghlas-corcra, sa chaoi gur geall le do-fheicthe atá sé agus iontas na n-iontas is ag an tráth seo bliana atá siad ag péacadh.   

OK, is leor sin den olagón.  Seo cleas ar bhain muid an-tairbhe as agus na súnna craoibhe á mbaint againn.  Más duine tú a chuaigh ag baint súnna craoibhe nó sméara dubha nó cuiríní dubha nó fraochán riamh, tá’s agat gur jab dá-lámhach é.  Lámh chun breith ar na gais, an ceann eile chun an toradh a bhaint.  I gcatalóg ait tháinig mé ar an bhfearas atá á chaitheamh agam sa fótó.  Is do phéintéirí a rinneadh é, ach féach cé chomh háisiúil is atá sé le linn duit na caora a bhailiú.  Suas le dhá phunt meáchain de shúnna craoibhe a iompraíonn sé agus ní chosnaíonn sé ach $15.  Más suim leat é, téigh ag féachaint ar láthair ‘American Science and Surplus’.  Hands free pouch painter and apron a thugtar air.  Dála an scéil, bhaineamar 25 phunt de shúnna craoibhe i mbliana.  Muid ag súil lena dhá oiread sin an bhliain seo chugainn. 

Agus seo an fhiaile eile a luas thuas. 

 

Sunday, September 29, 2013

Ar Ámharaí an tSaoil


Arú inné, thug An Cosantóir faoi deara go raibh talamh suaite i measc na bplandaí gar don phríomhdhoras agus go raibh fuílleach nead foiche ina lár.  Yellow jackets (Vesupula maculifrons) ab ea iad agus cealg thar a bheith pianmhar ag an gcineál baineann díobh.  Chinneamar ar iad a dhíothú roimh dul a chodladh dúinn.  Amach linn thart ar a haon déag, lóchrann an duine againn agus spraechanna nimhneach im lámh.  Dhírigh mé m’aire agus mo lóchrann go huile is go hiomlán ar an nead agus spraeáil mé í agus an talamh mórthimpeall uirthi go raibh an canna ídithe. 
Agus an jab críochnaithe agam arsa An Cosantóir liom.
“An bhfaca tú sin?”
“Caidé?”
“Scúnc a rith thar do chosa agus tú ag spraeáil.”
“Scúnc!!  Ag magadh fúm atá tú.”
“Ní raibh mo lóchrann dírithe ar an nead agus níl dabht ar bith ach gur scúnc a bhí ann.  Tá an stríoca bán agus an eireaball sin do-amhrais.”
Agus an bheirt againn ar tí bualadh chun bóthair i dtreo na hIodáile, nach ormsa a bhí an t-ádh nár bhac an créatúir liom, nó bí cinnte de nach ligfí ar bord eitleáin mé agus aon phioc de rian na spraeála orm.

Friday, August 30, 2013

Maidhc Dainín Ó Sé

Muidne ar chomhaois, geall le bheith.  Cuimhin liom an croitheadh láimhe agus an bharróg a fuair mé uaidh ag bronnadh duaiseanna Chomórtas Liteartha an Oireachtais tráth ar roinneadh an chéad duais eadrainn; eisean agus duais ar dhuais buaite aige agus seilf de leabhair leis foilsithe cheana féin, agus é ag fáiltiú roimh an ‘blow-in’ seo ón diaspóra a sciob leath na duaise uaidh.  I measc na bhfilí agus na n-údar uile go raibh a anam dílis.  Muid bochtaithe ina éagmais.

Monday, August 5, 2013

Fillte Orainn Arís gona nÁlta


Bhíomar as baile ar feadh cúpla lá agus is dócha go raibh an áit rí-chiúin.  Pé ar bith é, ar fhilleadh dúinn ba léir go raibh créatúirí nua ag baint leasa as beathaitheoirí An Chosantóra.
Cúigear a bhí ann inné, ach ba léir gur scaipeadh an focal agus inniu bhí suas le hochtar againn ar feadh tamaill.
 
 

Friday, July 19, 2013

104 nó 40

Ní cuimhin liom a leithéid seo de lá.  Cinnte, tá 90 nó 95 feicthe agam cheana, ach inniu, agus mé ag filleadh ón ollmhargadh ní raibh dabht ar bith ann, bhí an céad sáraithe, ní faoin ngrian, ach faoi scáth.  Tá an flóra buailte balbh, an teocht ró-ard do phailniú, ró-ard do sheachadadh cillsú, ró-ard d’oscailt bachlóg.  Chuile phlanda ag feitheamh, féachaint an bhfuil faoiseamh in ann dóibh, an ísleoidh an teocht, an dtiocfaidh fearthainn in am nó an é an feo atá in ann dóibh.

Sunday, July 14, 2013

An Arracht Srianta Iata


Cuimhin libh an radharc a bhí romhainn anuraidh agus muid fillte ón tSeapáin; an gairdín geall le bheith leath-ghafa ag na puimcíní agus na scuaiseanna?  Well, chinneas gan aon phuimcín a chur i mbliana, óir táid ar fáil go héasca agus go saor díreach tar éis Oíche Shamhna.  Thairis sin, ní raibh spás agam dóibh agus líon na ngas sú craoibhe méadaithe faoi thrí agam agus fás spleodrach fúthu.  Na gais nua ar chlé, na cinn is sine ar dheis. 




Chinn céile deartháir mo chéile féin tabhairt suas den gharraíodóireacht agus bhronn sí orm dhá sconsa so-aistrithe a bhfuil ceann díobh le feiceáil sa phictiúr thíos.  Laistigh den sconsa níl ach trí phlanda, scuaiseanna  gheimhridh iad, agus gach iarracht á dhéanamh acu éalú as an ‘rez’ ina bhfuil siad.  Beag an seans, ach mé ag coinneáil súile orthu mar sin féin, mar is seiftiúil mar ionróirí iad. 

Bhain mé glac bheag de shúnna craoibhe inné agus na céad phrátaí inniu.  750g de Yukon Gold ó phlanda amháin; go leor don dinnéar.  Ar eagla go mbuailfidh an luath-dhúchan iad, bainfidh mé iomlán an chineáil sin i gceann lá nó dhó, ach fanfaidh mé coicís go dtabharfaidh mé faoi na Pontiac Dearga. 
 
 

Wednesday, July 3, 2013

Na Piseanna


OK.  Tá’s agam nach suim le bhur bhformhór a leithéid, ach ar eagla go bhfuil go fiú duine amháin amuigh ansin a dtaitníonn piseanna leis, seo na torthaí ar bharr na bliana seo. 

I gceapach ardaithe 4’x 8’x3’ chuireas paicéad amháin (1.5 unsa: cooksgarden.com/$5.95) de mheascán de thrí chineál síl; cineál luath, leath-luath agus mall.  Ar eangach (3 shraith) 5 throigh ar airde ab éigean dóibh fás, sé sin le rá go raibh fás ingearach fúthu, rud a mhéadaigh go mór ar an méid solais a theagmhaigh an duilliúr.  Faighneoga gearra ba thúisce a d’aibigh agus lean an bhaint gach re lá go dtí go raibh deireadh leis na faighneoga fada, cúpla lá ó shin, tar éis faid bhainte de thrí sheachtain.  Bhaineas beagán thar 4 phunt de phiseanna scilligthe.  Ionann sin agus 5,400 punt/acra.  2,000 an meántoradh feirmeoireachta sa tír seo.  Ar ndóigh, bhí raidhse beathú (10:10:10) ag na plandaí maille le huisciú rialta (osán maois, 90 nóiméad gach re lá.)  Formhór an bhairr, tá sé reoite le haghaidh béilí an gheimhridh. 

Monday, June 24, 2013

Beagán Bolscaireachta

Tá an tríú leabhar sa tsraith ‘Seán Ruiséal agus X’ foilsithe ag Coiscéim.  ‘Seán Ruiséal agus Na Corpáin ar Shiúlán na hAille’ is teideal dó agus beidh sé ar fáil go luath ar 7.50.

 
Bainis:  Maraítear athair na brídí agus deartháir an ghrúim, agus níl ansin ach tús leis an sléacht.  Seo scéal a ghluaiseann ó Na Clocha Liatha go dtí An tInbhear Mór agus as sin go leithinis Chuaille agus faoi dheireadh trasna na dtonnta go Chicago.   

Thursday, June 20, 2013

Is Fiú Cluas a Thabhairt Di


Róisín Elsalfy agus caoineadh muintir na Iaráice agus na bPalaistíneach

Caithim a admháil go ritheann na deora liom agus í ag canadh. 





Friday, June 14, 2013

Cé Tú Le Do Chosa Greamaitheacha?


Bhí ceann de thithe na mbeach geall le bheith lán agus cionn is nach bhfaca mé beach ina ghaobhar le cúpla lá, bhián mé den bhalla é agus chuir ar leataobh sa gharáiste.  Agus mé ar mo shlí go dtí an gairdín inniu, chonaic mé beach agus í ag lorg an tí.  Ar ámharaí an tsaoil, bhí ceann folamh agam agus chroch mé láithreach é, ach, agus é crochta agam, amach le mo chara glas.  Ní fhaca cheana an créatúr seo.  An n-aithníonn aoinne agaibh é? 

Sunday, June 2, 2013

Taca Áisiúil Athinúsaidte


Is iomaí córas tacaíochta atá triallta agam agus mé i mbun trátaí, piseanna agus pónairí a fhás. Tá idir chásanna, chuaillí agus chordaí triallta agam i gcás trátaí, ach ní raibh mé sásta le ceann ar bith díobh. I mbliana, turgnamh eile, and t-am seo le heangacha. Sé is mogall dó 5” x 30’ (nó 18cm x 1535 cm). Bhí orm dul ar thóir an téarma sin (focal.ie) mar sé a bhí agam, ó áit éigin i gcúl m’intinne ná ‘caighdeán’, an focal a bhí ar iascairí i gCo. Mhaigh Eo ar ‘mesh’ a n-eangach, (focal a dtagann an bhrí nua uaidh, mar atá sa Chaighdeán Nua.) Pé ar bith, tá an-fhás faoi na piseanna agus iad á ngreamú féin den eangach agus fás rábach fúthu.  I mbliana, freisin, ní saghas amháin pise a chuir mé, ach 5 cinn.  Deirtear fúthu go n-aibíonn siad de réir a chéile agus go mbeidh barr agam ar feadh breis agus mí.  Tá na trátaí is airde faoi láthair, Early Girl, beagnach réidh leis an gcéad cheangal den eangach.  Is le Velcro gairdín a dhéanfar sin, rud is féidir a athúsáid feadh an tséasúir.  A thuilleadh de réir mar a aibíonn mo bharra éagsúla. 

Sunday, May 12, 2013

An Gairdín go Nuige Seo


(5/10/20130

Níl ach píosa fíorbheag nach bhfuil treafa dí-charraigithe agam, píosa nach bhfuil ach 50 troigh cearnach ann, agus an chuid is mó de á húsáid mar láthair stórais d’adhmad tógála.

N’fheadar ar luaigh mé nach raibh mé sásta leis an leagan atá san Fhoclóir Talmhaíochta ar ‘dormant spray’ (‘sprae geimhridh’ atá acu air).  Sprae suanach an moladh sealadach a bhí ag Jenny Ní Chumhaill ón gCoiste Téarmaíochta dom.  Tá leasú déanta acu ar an moladh sin, leasú chun feabhais é.

dormant oil spray                            sprae m4 ola le linn suanachta

dormant spraying                            spraeáil f3 le linn suanachta

dormant oil spraying                       spraeáil f3 ola le linn suanachta

dormant spray                                 sprae m4 le linn suanachta

Seo mar atá an scéal inniu.  Seachas crann péitseoige nár tháinig fós, tá chuile bharr curtha:  piseanna, ionúin, leitís, biatais, raidisí, seallóidí, prátaí agus trátaí.  An fómhar seo caite chuir mé i dtalamh 20 giolcach breise sú craoibhe, agus cé mall roinnt díobh, dealraíonn go bhfásfaidh chuile cheann díobh.  San iomlán anois, tá 30 giolcach agam.  Chuile dhuine ag súil le subh, pióga agus coulis.   
I mbliana tá mé ag baint triail as arbhar buí, agus i gceapóg sa choill, morchal (morels).  Tá na crainn thorthaí uile i mbarr sláinte agus bláth, seachas crann beag amháin nár mhair an geimhreadh.  Crann piorra Áiseach ab ea é, crann ab éigean dom a athphlandáil an fómhar seo caite. 
Dearmad déanta agam ar chrann nua:  crann fige.  Is i dtalamh, seachas i bpota atá an crann seo ag fás agus beidh orm an-chúram a thabhairt dó má tá sé leis an ngeimhreadh a chur de.  Liosta fada treoracha faighte agam ón gcomhlacht a dhíol an crann liom. 
Más suim le haoinne agaibh tabhairt faoi na beacha láibe a thógáil, cuma cén tír ina bhfuil sibh, cuir r-phost chugam ag soconn1@comcast.net.  Tá treoracha agam anois agus féadaim ábhair tógála a mholadh agus, i gcás amháin, a sholáthar daoibh, ach costas an phoist a ghlanadh dom.

Friday, May 3, 2013

Saothar na mBeach Láibe

Ar na tomhais a bhíonn ar an ngarraíodóir sna bólaí seo a bhfuil crainn thorthaí aige a dhéanamh, tá cathain ar chóir na beacha láibe a mhúscailt ó chodladh an gheimhridh. Cuimhin libh na beacha céanna? Iad san a dhéanann pailniú ar chuile short bláth, ar bhláthanna úll, piorra agus silín ach go háirithe agus a dhéanann nead i dtollán beag a iann siad le láib? I mbliana, agus aimsir an earraigh aisteach ar fad, chinn mé, seachtain ó shin, ar na tithe beach a aistriú ón gcuisneoir san íoslach agus iad a chrochadh ar fud an ghairdín. 

 

Ceithre theach a bhí ullmhaithe agam anuraidh agus seo an ceann is gnóthaí faoi láthair agus é i ngar do chrann piorra Áisigh.  Tá mé ag ceapadh go bhfuil ar a laghad dhá chineál beach láibe ag saothrú dom sa teach seo; Osmia lignaria agus Osmia ribifloris.   Más suim leat na beacha seo, tá cur síos gearr orthu ag Wikipedia faoi teideal Mason bee. 

Tuilleadh eolais?  Seol r-phost chugam. 

 

Saturday, April 13, 2013

Chéad Bhláthanna An Earraigh


Seo cúpla pictiúr a thóg mé inniu. Is fada siar ó thosaigh mé ar cheapach d’ Eileabar (Helleborus) a bhunú. I mbliana, den chéad uair, tá rath ar an iarracht. Seo iad, nó an chuid díobh atá faoi bhláth inniu. Rós na Nollag, nó Rós an Charghais, nó Rós na Cásca a thugtar orthu toisc a luaithe a bhláthaíonn siad. Iad ag fás i gceapach ar leith i mo scáthghairdín, ach siúd is nach bhfuil duilliúr ar na crainn fhogais, tá fáil acu ar cibé solas gréine atá ann faoi láthair. Is i gcuid eile den ghairdín, ar imeall na coille, atá na cromchinn faoi bhláth. Gealann siad mo chroí agus athnuann siad an dóchas a bhí tráite ionam i rith an gheimhridh.





Anois, ós rud é go bhfuil na piseanna ag péacadh, maille leis na raidisí, tá sé in am dom na prátaí a chur agus chuile rud a spraeáil le ‘hanraith glas’ a mbainfidh mé triall as i mbliana.  Is cineál piseog nó draíocht é, oideas a fuair mé i leabhar le duine nach nglacann le leigheas nach ón nádúr é  Coipeadh coicíse a bhí i gceist agus de réir an pH atá air, ta sé ullamh le húsáid.  Súil agam nach dochar a dhéanann sé.  Tuilleadh amach anseo.

Tuesday, March 26, 2013

Saturday, March 16, 2013

Drochthús, Tuar an Fhómhair?

An talamh reoite go domhain fós anseo sa chaoi nach mbeidh na piseanna i dtalamh faoi Lá ‘le Padraig.  Plúiríní sneachta agus Aconaít Gheimhridh faoi bhláth, ach gan oiread is cromcheann amháin le feiceáil fós.  Drochthús, agus a fhios agam cén fáth.  Gheall mé roimh Nollaig go mbeadh an scríbhinn is déanaí liom críochnaithe roimh chur na bpiseanna.  Tá ar a laghad 1000 focal fós le scríobh agam, agus ní bheidh, de réir dealraimh, feabhas ar an aimsir go mbeidh mé réidh leis an scríbhneoireacht.  Bleaist air mar úrscéal. 

Stoirm sneachta ag teacht anocht!!!

Friday, March 15, 2013

Ní Críoch do Pháipéar

“Ahem!” mar a bhíonn ag an sárbhlagadóir ón Iarthuaisceart

http://vimeo.com/61275290

Bain taitneamh as. 

Thursday, March 7, 2013

Wednesday, March 6, 2013

An Chéad Choiscéim Agus An Iarmhairt


Ar 5 Marta, lá gréine, gaoth bhog, teocht thart ar 40ºF agus teocht na hoíche tuartha le bheith os cionn an reophointe, tharla go ndeachaigh an gealt seo amach agus gur spraeáil sé na toir agus na crainn óga agus na plandaí eile a bhí fós suanach le heibleacht d’ola canola agus uisce.  Lá foirfe amháin, an chéad cheann i mbliana, agus féach go bhfuil muid faoi láthair faoi bhagairt stoirme geimhridh arís.  Carpe diem, a deirimse, Tapaigh an deis, rud a rinne. 

Fainic an Iarmhairt.  Iarracht ar bhuntáiste a bhreith ar an séasúr?  Is minic is duitse is measa é.  Ocht n-orlach sneachta anuas ort, mar shampla.

Friday, March 1, 2013

A Bhuí le Dia; Plúiríní Sneachta Agus Seo

 
Chuir mé orm mo wellies nua agus amach liom ag lorg fianaise ar bith go raibh an t-earrach ar na bacáin, mar a déarfá, mar féach níl ach coicís idir sinn agus Lá ‘le Padraig agus cur na bpiseanna etc.  Tá plandaí ann, de leithéid Vinca agus Pachysandra a fhanann linn ó cheann ceann na bliana.  Ach mar chineál fíneáil orthu as a síorghlaise, níl áilleacht ar bith ag baint leo.  Ina theannta sin, ní nós dóibh fáilte a fhearadh roimh plandaí eile; ‘territorial’, an dtuigeann sibh?  Ach siúd inniu, amach romham ar an talamh chonac chéad phlúirín na bliana neadaithe i measc an Pachysandra.

Agus an dara ceann?  Do thomhas? 

Monday, February 25, 2013

Mí an Ghanntanais?


Tá léite agam, áit éigin, go bhfuil nath sa teanga a ainmníonn na míonna de réir fáil ar bhia le linn na míosa sin, ach foinse níl agam a bhfaighfí na nathanna sin inti.  Rith an cuimhne sin liom le déanaí toisc gur ith muid an práta deireanacha de bharr prátaí na bliana 2012 Dé hAoine seo caite.  Tá cairéid fós againn sa chuisneoir agus biatais faoi fínéagar ach níl oiread is póirín fágtha de na prátaí toisc nach bhfuil fúm an cineál céanna práta a chur i mbliana.  Norkotah, cineál nár thriail mé cheana a bhí agam anuraidh, ach níor dhea-‘keeper’ iad, ró-thugtha don luath-phéacadh agus don glasachan, ainneoin gur coinníodh sa dorchadas iad agus gur íslíodh an teocht de réir a chéile ón Nollaig i leith.  (Gaeilge ar ‘keepers’ agus ar ‘greening’?) 

Thursday, February 21, 2013

An Pápa Deireanach?


Ná tóg ormsa é.  Más foinse an ráfla atá uait, dírigh ar an Ardeaspag Maoileachlainn (Ard Macha, 1094-1148) a bhfuil liosta fada de na Pápaí luaite leis.  Ar an liosta sin sé Benedictus XVI an dara Pápa ón deireadh agus beidh Petrus Romanus, an Pápa deireanach, mar chomharba air agus is lena linn siúd a bheidh deireadh le cathair na Róimhe agus beidh sin mar chomhartha go bhfuil An Breitheamh Uafar ar teacht. 
Féilire scanrúil eile? 

Friday, February 8, 2013

An Blizzard, Go Nuige Seo



É díreach tosaithe, ag sleamhnú chugainn ‘ar choismeig choiligh’ mar a déarfá. Ach fainic a chairde, mar is ar Army Boots a bheidh sé roimh dheireadh an lae. Troigh go leith, mo thomhas. 

Tomhas lag.  A dhá oiread sin, ar a laghad.  Ceithre throigh i mbailte eile. 
 
 
 
 
 
Aiteal faoi Shneachta 
 
 
 
An Tairseach ar Maidin
 
 
 
 
Treafa Glanta Carntha

Tuesday, January 22, 2013

An Bairín, A Chríoch San


Seo daoibh an dá shaghas taobh le taobh.  Tabhair faoi deara go bhfuil leath den bhairín a rinneadh le 50% tae níos mó ná an ceann a rinneadh le 100% tae.  Agus é níos blasta freisin. 
 
 
Agus, a chairde, Sin, Sin.

Saturday, January 19, 2013

An Bairín Breac: Oideas


Is meascán an t-oideas seo de na seifteanna ar éirigh leo agus mé ag turgnamh sa chistin (le cead fial foighneach An Chosantóra).  Más duine tú nach bhfuil taithí agat ar fuineadh taois, mholfainn duit an t-oideas a leanúint ar leathscála, cionn is go bhfuil an fuineadh san oideas seo i bhfad níos deacra/níos strófara ná le gnáth-arán.     

Comhábhair

Giosta tirim                1 bsp (seans go mbeidh gá agat le tuilleadh; 1.5 bsp)

Plúr                             450 g (seans go mbeidh a thuilleadh uait)

Uisce alathe                150 ml (40ºC, 110ºF)

Tae láidir fónta           150 ml ag teocht an tseomra

Siúcra                          50 g + tsp don ghiosta

Salann                         gráinnín

Im                                50 g, fuar agus gearrtha i mblúiríní beaga

Rísíní                           175 g

Ciotrón                        50 g

Uibheacha                   2, buailte

Cainéal                        1 tsp

Noitmig                      ¼ tsp (nó breis bheag, más maith leat an blas)

Próiseas  (Bainim leas as próiseálaí bia chun an t-im a mheasadh leis leis an bplúr.  Mura bhfuil teacht agat ar phróiseálaí, bíodh an t-im fuar agus gearrtha i mblúiríní beaga agat.)

Cuir an giosta san uisce alathe, mar aon leis an tsp siúcra, suaith go maith.  Cuir at leatoabh (10 nóiméad)

Cuir an plúr, an salann agus an t-im gearrtha i mbabhla agus measc le chéile go tapa le do mhéara iad go mbeidh an t-im do-fheicthe.  (Más le próiseálaí a mheasc tú an plúr + im, tiontaigh an t-iomlán isteach i mbabhla.)  Cuir na rísíní, an siúcra, an ciotrón, an cainéal agus an noitmig lena bhfuil sa bhabhla agus measc le chéile iad.  Measc na huibheacha buailte leis an ngiosta borrtha agus isteach leis an leacht sa bhabhla leis na comhábhair thirime.  Measc le chéile a bhfuil sa bhabhla go suaitear suas an leacht go léir.  Sin déanta agat, isteach leis an tae.  Nuair a bheidh chuile rud measctha le chéile agat agus an leacht suaite suas, amach leis an iomlán ar dhromchla plúrtha agus fuin go ceann 5 nóiméad é.  Lean de bheith ag cur beagán plúr breise leis má bhíonn an taos greamaitheach.  Cuir an taos i mbabhla bealaithe le beagán ola (canola), cuir clúdach plaisteach air agus cuir ar leataobh é ar feadh 60-90 nóiméad, nó go mbeidh an taos ata faoi dhó (dúbailte).  Brú síos ar an taos agus fuin ar feadh 5 nóiméad é.  Aistrigh go dtí an *soitheach thíos é.  Clúdaigh arís é.  Las an t-oigheann agus roghnaigh sprioctheocht de 200ºC (400ºF). 

*Ullmhaigh soitheach cruinn bácála a bhfuil trastomhas de 9 orlach agus airde de 3 ½ orlach aige.  Bealaigh dromchlaí inmheánacha an tsoithigh le blonag.  Gearr píosaí de phárpháipéar a chlúdóidh, gan bhearna, bun agus ballaí  inmheánacha an tsoithigh.  Bealaigh taobh amháin den pháipéar agus clúdaigh an taobh istigh den soitheach leis, an taobh neamhbhealaithe le dromchlaí inmheánacha an tsoithigh.

Nuair a bheidh an taos ata faoi dhó, cuir an soitheach isteach san oigheann in éagmais clúdaigh agus cuir 30 nóiméad ar an amadóir.  Nuair a chlingeann an t-amadóir, tástáil an císte le rud éigin tanaí (biorán cniotála, m.sh.) a théann go lár an chíste.  Is neamhdhóchúil go mbeidh an uirlis tástála glan ó thaos ar an gcéad tástáil seo.  Lean le tástáil an chíste gach 5 nóiméad go mbeidh uirlis tástála glan agat (teocht inmheánach de thart ar 185 F).  Tóg an soitheach as an oigheann agus tiontaigh bun os cionn é.  Ba chóir go dtitfeadh an bairín as láithreach.  Mura dtiteann, ní dhearna tú an bealú mar ba chóir (rud a tharla faoi dhó domsa sna turgnaimh).  Cuir do bhairín ar raca sreinge go mbeidh sé fionnuar. 
Bain taitneamh as an mBairín Breac.  Triail mar shlisne tósta le him é, rud a chuirfidh boladh mealltach ar fud do chistine.

Tuesday, January 15, 2013

An Bairín Breac


Le déanaí, agus an gairdín faoi fhuacht agus sneachta, dhírigh mé ar an gcócaireacht, ar dhéanamh anraithí de leithéid puimcín + curraí agus práta + cainneann.  Agus iad san curtha díom agam, (steirilithe agus ‘curtha suas’ agam), dhírigh mé ar rud nár éirigh liom riamh a dhéanamh go sásúil; an bairín breac.  Tá mé ag ceapadh nár bhlais mé den chíste sin ó d’fhág mé Éire sa bhliain 1965.  Ar ndóigh chuaigh mé á chuardach sna gnáth áiteanna, ach ní raibh teacht agam riamh ar oideas a shásaigh mé, mar cé nach raibh ach meath-chuimhne agam ar an mbairín, ar a bholadh agus ar a bhlas, bhí a fhios agam go raibh ar a laghad dhá rud riachtanach chun fíorbhairín a dhéanamh; giústa agus tae.  Ar ndóigh, bheadh rísíní agus comhábhair eile i gceist, ach in éagmais tae agus giosta ní bheadh teacht agam ar mo rún. 
Ní fadhb go seift.  Rinne mé turgnamh (faoi shé!) sa chistin agus geallaim daoibh go raibh torthaí an taighde thar a bheith míshásúil.  An deacracht?  Bhí an tainnin sa tae ag cur bac fáis ar an ngiosta.  OK, chaithfí an giosta a chur ag fás in éagmais an tae agus chaithfí an tae a chur leis an taos go déanach sa phróiseas.  Thairis sin, b’eol dom go gcuireann vitimín C borradh faoi fhás ghiosta agus chuir mé blúirín (250 mg) den vitimín leis an bplúr.  Agus seo daoibh, a chairde an toradh, faoi dheireadh.  ‘Blasta ar fad,'a deir An Cosantóir, agus dar liom féin?  ‘Sásúil.!!’


Tionchar Teanga ar Iompar Eacnamaíoch agus Pearsanta.


Dar leis an eolaí M.K. Chen i Roinn na Bainisteoireachta in Ollscoil Yale, (sea, i bhfogas scread asail dom) tá tionchar nach beag ag an teanga a labhraítear go coitianta i dtír nó i réigiún tíre ar iompar eacnamaíoch agus pearsanta an phobail ar teanga leo í.  Rinne sé iniúchadh ar nithe de leithéid rátaí coigiltis, rátaí uasmheáchain agus caighdeán sláinte an tsochaí.  Deir sé gur féidir tíortha a roinnt idir iad siúd a bhfuil agus nach bhfuil ‘teanga fháistineach’ acu. 

Sea, tá’s agam gur ait agus suimiúil mar théis í, ach seo nasc daoibh chuig leacht éadrom a thug an t-eolaí céanna le déanaí. 

Wednesday, January 2, 2013

Córas Cian-Rabhaidh na hÉanlaithe

 N’fheadar an bhfuil éinne agaibh aosta go leor le go mbeadh cuimhneamh agaibh ar na línte ionad Radar a shín trasna Ceanada i rith an Chogaidh Fhuair? Seo pictiúr de cheann de na hionaid sin. Chuir rud a chonaic mé inniu na línte sin i gcuimhne dom. Bhíos ag amharc amach fuinneog na cistine agus mé ag ullmhú béile nuair a scuaird scata éan soir i dtreo na deice. Tar éis thart ar 3 shoicind eile scuaird an dara scata agus thugas faoi deara go raibh na hiorraí greamaithe gan chorraí le stoic na gcrann. I gceann dhá shoicind eile chonaic seabhac ag landáil ar chrann sa choill. Níor fhan sé ansin ach ar feadh leathnóiméid. Ní foláir go raibh córas cian-rabhaidh ag na héin, ach níor chuala mise faic. Ó uair go chéile feicimid cleití ar an talamh, comhartha nach bhfuil an córas rabhaidh foirfe, ach níl dabht ach go bhfuil se éifeachtach.