Bhí aithne
agam ar Charlie agus bhaist mé a ainm, Oileán Charlie, ar oileán beag in úrscéal
liom, ach dall ní raibh mé ar uaillmhian agus taicticí an fhir céanna. Ar a shon sin is uile, táim ar aon intinn le
Dame Ruth, óráidí den scoth a bhí ann agus é i mbun áitithe nó cur ar
strae.
Go ndéana
Dia trócaire ar a anam.
Aingeal ab ea lucifer freisin!
ReplyDeleteIs dóigh liom go mbíonn meas ag daoine uaireanta ar thréithe i gceannaire nach féidir iad a mhíniú, b'fhéidir, de réir na loighice atá i réim i measc lucht mhúnlaithe thuairimí an phobail ag an am.
ReplyDeleteI gcás Charlie mheasadh daoine seasamh a choda a bheith ann.
Níl aon cheist ach gurbh ceannaire glic é, ainneoin a lochtanna. Rattenfänger, mar a tugtar ar a mhacasamhail thall, ag tagairt don bpíobaire breac!
ReplyDeleteIs cuimhn liom na ráflaí a bhíodh ag dul thart sna seachtóidí mar gheall air ach sa deireadh, nuar a tháinig sé chun solais, bhí fírinne an scéil ní ba dhoshamhalta fós. Ní dóigh liom go seasfadh ach an dream is lú dá lucht tacaithe dá mb'é go raibh a leithéid ar eolas acu.
ReplyDelete@ Ní dóigh liom go seasfadh ach an dream is lú dá lucht tacaithe dá mb'é go raibh a leithéid ar eolas acu.
ReplyDeleteNíl a fhios agam faoi sin, a Ormondo, mar feictear dom go bhfuil cleasaithe fós ag fáil neart vótaí/tacaíochta sa tír seo, fiú agus daoine ar an eolas faoina gcleasa.