Tuesday, December 18, 2012

Deora Ráchael


Is mar seo a deir An Tiarna

Cluineadh guth i Ráma

Caoineadh agus gol géar

Is í Ráchael I ag caoineadh a clainne

Mar nach bhfuil siad ann

(Irimia, 31, 15)
A fhios agaibh, ar ndóigh, faoin slad a rinneadh in Newtown, baile beag in Connecticut; scór leanaí agus seisear ban.  An Stát faoi bhrón.  Aréir i gceann dár nEaglaisí Caitliceacha, an eaglais a bhfreastalaím féin uirthi, tháinig maithe móra agus muintir an bhaile le chéile i gcuimhne na n-íospartach.  Bhí ó Anabhaistigh go Úinitéirigh ann, ag guí, ag canadh agus ag caoineadh. Deora go fras, strainséirí ag breith barróige ar a chéile, ag síneadh ciarsúirí, ag iarraidh coimeád leis na hiomainn in ainneoin na snaganna agus na tochtaíola. 

4 comments:

  1. Is maith sin, ach ...

    An nglacfar na céimeanna riachtanacha eile? Fáil ar ghunnaí mharfacha a dhéanamh níos deacra? Tacaíocht a chuir ar fáil le daoine atá buailte ag meabhairghalar agus a dteaghlaigh?

    ReplyDelete
  2. In ainneoin dea-thoil deistapaíoch sealadach na bpolaiteoirí, tá srianta dlíthiúla agus bunreachtúla lenar féidir a dhéanamh i gcás 1) fáil ar ghunnaí agus 2) iad a choimeád ó lámha lucht an mheabhairghalair. De réir breith na hArdchúirte faoi alt a dó den Bhunreacht, tá sé de chead ag saoránaigh gunnaí a choimeád ina n-áiteanna cónaí. Thairis sin, de réir an chinneadh ar a dtugtar “The Pentagon Papers”, is fíordheacair ar fad srian dlíthiúil roimh ré (prior restraint) a chur i bhfeidhm ar dhuine nó ar dhream ar bith a meastar fúthu go bhfuil baol ann go ndéanfaidh sé/siad coir éigin amach anseo. Tá deacracht, freisin, le diagnóisí meabhairghalar, mar níl iontu, den chuid is mó ach tuairimíocht, agus a fhios sin agamsa go pearsanta. Bheinn i bhfách bac a chur le fáil ar shaghsanna áirithe gunnaí, ach meastar go coiteann gur fána sleamhain a leithéid agus go bhféadfaí ‘a coach and four’ i bhfocail Uí Chonaill, a thiomáint tríthi.

    ReplyDelete
  3. Tuigim na dúshláin.

    Ach is gá dul i ngleic leo. Tá líon na mbásanna de bharr gunnaí i SAM as alt le tíortha eile; fiú nuair a chuirtear líon na ngunnaí atá ar fáil san áireamh.

    Dar ndóigh, beidh an slad tubaisteach linn i gcónaí; ach is féidir baol a laghdú.

    ReplyDelete
  4. @ An Stát faoi bhrón

    Ní maith liom bhur dtrioblóid, a chara. Scéal an-bhrónach ar fad.

    ReplyDelete