Monday, December 31, 2012

Guth na nAingeal?


Bhí aithne agam ar Charlie agus bhaist mé a ainm, Oileán Charlie, ar oileán beag in úrscéal liom, ach dall ní raibh mé ar uaillmhian agus taicticí an fhir céanna.  Ar a shon sin is uile, táim ar aon intinn le Dame Ruth, óráidí den scoth a bhí ann agus é i mbun áitithe nó cur ar strae. 
Go ndéana Dia trócaire ar a anam.

Monday, December 24, 2012

Beannachtaí An Linbh Is Dia Oraibh Uile


(Is dócha ná a mhalairt go bhfuil an scéilín seo léite agaibh cheana, ach siúd is gur fíor geall le bheith gach tarlú ann, seo chugaibh arís é.) 

Cúpla Punt um Nollaig 


Im iarchéimí le Cheimic mé, bhí mé de shíor ar ghannchuid airgid.  Agus an Nollaig ag teannadh liom, ghlacainn post sealadach in Oifig an Phoist, Sráid an Phiarsaigh.  Níorbh éasca an dá thrá a fhreastail, idir thaighde agus Phost, mar bhíodh mo chomhairleoir taighde amhrasach fúm an tráth sin bliana, é de shíor am lorg sa tsaotharlann agus mo chomhthaighdeoirí ag cur mí-threoir air chun nach mbeadh teacht aige orm. 
I moch na maidine, i bhfad roimh éirí na gréine, síos liom ar mo shean-Vespa go Sráid an Phiarsaigh.  Agus an mála poist arna líonadh agam, amach liom ag seachadadh litreacha ó bhun barr Shráid Grafton agus sna foshráideanna a ghabhann aisti. 
I ngar do dheireadh mo “shiúil”, mar a thugtaí ar raon seachadta, thagainn uirthi, lá i ndiaidh lae, ag seasamh sa doras, gan focal aisti, ag feitheamh liom, an dóchas ag lonrú ina súile is mé ag teannadh léi, is ag múchadh nuair ba léir nach raibh rud ar bith agam di.  Lá i ndiaidh lae, maidin is iarnóin, b’in romham í.  Faoi dheireadh, i ngar cúpla lá don Nollaig, labhair sí. 
“Anything from England, sir?”
“No, Mam, not a thing.”
“You sure?  You can always tell, her picture on the stamp, you know.”
“Nothing today, Mam.  Maybe tomorrow.”
“Yeh, tomorrow.  Tomorrow for sure.”
Leag sí lámh ar mo mhála.
“He can’t get home, you know.  Terrible hard they are over there.  Never a bit of time off for the Paddies, he says.  So he sends me the few pounds, for the Christmas, like.”
Lá i ndiaidh lae, ach faic na fríde agam di. 
Agus mé ar mo shiúl deiridh roimh Nollaig, bheannaigh sí dom, ag guí “Happy Christmas” orm is ar mo mhuintir agus rith deor léi ó shúile gan dóchas síos gona smig chrón ghuaireach.
“It’s likely tied up in England,” arsa mise.  “Should be here the day after Steven’s.”
“Tied up in England, you say?  You’d think they’d make the effort, it being Christmas and all.”
Cúpla lá faoisimh agam sa bhaile agus ansin ar ais liomsa, mar aon le cúpla leaideanna eile ón ollscoil, chun fuílleach na Nollag a ghlanadh agus an oifig sórtála a chur ina gnáthriocht arís.  Agus, ar m’anam, bhí litir ó Shasana agam di.  Ach ar theacht fad lena doras dom, ní raibh sí romham.  Suas staighre liom, suas go barr an tí.  Chnag mé ar an doras ach freagra ar bith ní bhfuaireas.  Ghob ceann amach ó dhoras trasna an léibhinn uaim. 
“You looking for Maggie, Maggie Flynn?  Took bad, she was, Christmas morning, and rushed off to the Mater.”
Chuireas an litir im phóca agus ag deireadh mo shiúil, dhírigh mé ar an Mater agus ligeadh isteach chuici mé ar feadh bomaite. 
“Just like you said,” ar sí de ghuth lag.  “Held up in England.  Isn’t it nice of you to traipse all the way over here just to bring it to me.  I knew he’d never forget.  Me couple of pound at Christmas.”
Agus d’fháisc sí an litir lena hucht agus thit ina codladh.
Ar mo shlí amach dom, sméid an bhanaltra orm.
“You related?”
“No, just her postman.  She was expecting a letter.  How soon will she be out of here?”
“So that’s what she was going on about with her “held up in England, the hoors.”  I’m glad you got it to her for now she’ll calm down and maybe get a bit of sleep.  But as for her getting out of here, it’ll be a miracle if she sees the year out.”
Cúpla punt um Nollaig, cúpla domsa agus cúpla eile dise, agus suaimhneas croí di maille leo.

Saturday, December 22, 2012

Maidhm Shneachta


Má tá fáil agat air, caith súil ar an URL thíos, mar is éacht foilsitheoireachta í.  Is treise cumhacht an scéil más féidir leat fuaim a chur leis an alt trí challaire nó cluaisíní. 
 

 

 

Tuesday, December 18, 2012

Deora Ráchael


Is mar seo a deir An Tiarna

Cluineadh guth i Ráma

Caoineadh agus gol géar

Is í Ráchael I ag caoineadh a clainne

Mar nach bhfuil siad ann

(Irimia, 31, 15)
A fhios agaibh, ar ndóigh, faoin slad a rinneadh in Newtown, baile beag in Connecticut; scór leanaí agus seisear ban.  An Stát faoi bhrón.  Aréir i gceann dár nEaglaisí Caitliceacha, an eaglais a bhfreastalaím féin uirthi, tháinig maithe móra agus muintir an bhaile le chéile i gcuimhne na n-íospartach.  Bhí ó Anabhaistigh go Úinitéirigh ann, ag guí, ag canadh agus ag caoineadh. Deora go fras, strainséirí ag breith barróige ar a chéile, ag síneadh ciarsúirí, ag iarraidh coimeád leis na hiomainn in ainneoin na snaganna agus na tochtaíola. 

Saturday, December 8, 2012

Torthaí An Fhómhair, 2012


Prátaí (Norkotah)                               80 punt

Puimcín (Indiana Choice)                  90 punt

Scuais Gheimhridh (síol gan ainm)   160 punt

Biatas (Detroit)                                  35 punt

Piseanna (Lincoln)                             3 phunt

Gairleog (Iodálach)                            20 punt

Leitís (gearr is athfhás)                      raidhse

Súnna Craoibhe (Heritage)                10 bpunt

Trátaí, dhá short                                 35 punt

Luibheanna triomaithe (marós, tím, dragan, peirsil, basal:  go leor don bhliain)

Tá a bhfuil fágtha de na prátaí i gciseáin i ndorchadas fionnuar an íoslaigh. 

Na puimcíní agus na scuaiseanna, gearradh ina leath iad, glanadh na síolta astu agus róstadh ar feadh 90 nóiméad iad ag 400º F.  Baineadh an ‘fheoil’ astu, homaiginigh í le cumascóir tumtha agus tar éis ligean don slaod draenáil thar oíche i mála éadach cáise, steirilíodh an t-iomlán i bprócaí i mbrú-bhruthaire.  Anraith den scoth agus pióga blasta déanta as cuid de.

Tá na biatais cócaráilte, slisnithe agus stóráilte i bhfínéagar.

Na piseanna nár itheadh, táid reoite i ziploc agus beidh siad againn Lá Nollag

Bronnadh leath den gairleog i bhfoirm trilseán ar ár gcomharsa béal dorais.  An leath eile, tá sé ar crochadh san íoslach.  Úsáidim í le haghaidh stobhaigh, anlainn agus bruschetti.

Rinneadh subh agus pióga le roinnt de na súnna craoibhe.  An chuid eile, tá sí reoite, ag fanacht lena lá. 

Ní raibh rath ar na trátaí.  Tá thart ar galún anlainn de shaghsanna éagsúla déanta agam, ach ní den scoth ceann ar bith díobh. 

Seachas na giolcacha sú craoibhe, tá achan chrann, tor agus planda ilbhliantúil prúnáilte agam agus múnlaithe (shaped) nuair ba ghá sin ceal spáis. 

An bhliain seo chugainn ní bheidh ach crann amháin eile á chur agam lena bhfuil ann cheana, ach beidh orm uainíocht a chur i bhfeidhm ar phrátaí agus trátaí. 
Só, a chairde, sin sin go dtí teacht an earraigh.  Aghaidh dírithe agam anois ar an scríbhneoireacht.