Monday, November 19, 2012

Don Chaomhach


(Bhain mé ‘An Caomhach’ ó mo liosta blaganna inné, ach bhí cúis agam leis sin.  Seo an nóta a sheol mé chuig an mblag ar fhágáil dom.)

Mé ag scaradh libh, a mhuintir na cinnteachta. Sibh ró-shiúráilte, ró-intuartha agus gan imir de chaolchúis ag baint le bhur dtuairimí. Ní frithghiúdaí mé, arae tá beirt gharleanbh liom ar Giúdaigh iad. Sin ráite, áfach, ní féidir bheith dall faoina bhfuil ar siúl leis na blianta ag rialtas Iosrael agus ag sciar mhaith de na Giúdaigh Iosraelacha sa chríoch Phalaistíneach faoi forghabháil. Bí ag caint faoi phlandáil, coigistiú, coilíneachas agus imtheorannú. Chaith mé coicís in Iosrael tamall de bhlianta ó shin, in Tel Aviv, agus in Iarúsailéim. Thaitin Tel Aviv go mór liom, ach chuir a bhfaca mé in Iarúsailéim, in Oirthear Iarúsailéim ach go háirithe, déistin orm. Chuir sé línte as An Spailpín Fánach i gcuimhne dom; ‘bodairí na tíre ag tíocht ar a gcapall’, ach gurbh é ‘Fág an Bealach’ ba mhana do na bodairí Giúdacha agus gunna ar crochadh ag gach duine díobh. Cuireann a bhfuil fulaingthe agus atá fós le fulaingt ag na Palaistínigh dhá fhocal i gcuimhne dom, mar atá APARTHEID agus LEBENSRAUM agus rith Übermensch liom freisin.


2 comments:

  1. ní deas an postáil é, cinnte, ach luíonn sé le postálacha eile ar an suíomh céanna. Agus an plé seo ar fad faoi liobrálaigh aindiaga, is léir nach dtuigeann an scríbhneoir (nó gur cuma leis?) go mbeidh bunús na nEorpach atá á léamh bunaithe i nÉirinn, tír a bhfuil stair chasta coilíneachta aici chomh maith, agus seans nach liobrálaigh iad ach Éireannaigh. Agus an blag i nGaeilge, tá an íoróin soiléir.

    ReplyDelete
  2. An rud nach n-aontaíonn leat, cuir i bhfolach é.

    ReplyDelete