Tuesday, October 9, 2012

Seirindipíocht


Sea, ar uaire, Seirindip is ainm dom.  Tuige sin?  a deir tú. 
Seo mar a tharla.  Agus mé ag glanadh áit don Fheirm, tháinig mé ar stoc crainn a raibh an chuma air go raibh sé marbh.  Níorbh éasca an speiceas a aithint toisc easpa duilleoga agus a raibh ann den chrann, bhí sé tachta ag Oriental Bittersweet (Celastrus  orbiculatus), planda atá thar a bheith ionrach agus a mharaíonn crainn trí iad a thimpeallú agus a thachtadh (girdling: focal nach bhfuil ag Focal.ie).  Ghearr mé an bittersweet den stoc agus réab as an talamh é.  Ba thruamhéalach an feic é a raibh agam den chrann leathmharbh.  Ghearr mé de na géaga marbha agus phrúnáil mé siar a raibh ann d’adhmad beo.  Ansin dhírigh mé arís ar thógáil an fháil agus rinne mé dearmad ar an seanchrann.  Seachtain ó shin bhuail An Cosantóir isteach chugam. 
“Nach iontach an jab a rinne tú,” ar sí.
“Cén jab é sin?” 
“Tar go bhfeice tú.”
 
Dhírigh sí m’aire ar an seanchrann a tharla a bheith cúpla troigh lasmuigh den fál.  Seo pictiúir de.  Nach álainn é?  Cuileann Meiriceánach (Ilex verticillata) é.  Is crann duillsilteach é, ach nach álainn iad na caora dearga?

3 comments:

  1. Cuireann sé crann caorthainn (Sorbus aucuparia) i gcuimhne dom, agus is aoibhinn liom an Mountain Ash (nó an Rowan mar a thugtar air chomh maith) atá againn sa tír seo.

    An-jab, a chara! Tá an crann go hálainn, gan dabht..:-)

    ReplyDelete