Wednesday, October 31, 2012

Iarmhairt na Stoirme

Dhá chrann leagtha, ceann díobh mór sláintiúil a raibh airde de 60 troigh ann.  Le breis bheag agus bliain anuas tá lear mór crann caillte againn sa chaoi go bhfuil muid chun tús a chur le feachtas plandáil crann an tseachtain seo chugainn; Daracha, Feánna agus Mailpeanna a bheidh sa chéad dreas.  Agus iad i dtalamh, cuirfear plandaí agus toranna sa tsraith mheánach (understory) os a gcomhair agus ina measc.  Orthu san beidh Labhras sléibhe (Kalmia latifolia), ar bláth oifigiúil Connecticut é.



3 comments:

  1. Ach tháinig sibh féin slán?

    ReplyDelete
  2. Go nuige seo, níl feicthe agam ach na crainn leagtha agus slinn dín amháin in easnamh. Chuir neart na gaoithe as go mór don Chosantóir agus níl amhras ach gur baineadh croitheadh, ó uair go chéile, as an teach. De réir an méadar báistí, níor thit anseo ach orlach go leith. Ní ligtear dom a thuilleadh dreapadh suas ar an díon, mar sin beidh orm duine a fhostú féachaint cad as a tháinig an tslinn.

    ReplyDelete
  3. Is mór an trua gur chaill sibh na crainnte sin, a Sheáin, ach tá áthas orm go bhfuil sibh féin ceart go leor, a chara - go n-éirí go géaga leis na crainnte nua!

    ReplyDelete