Wednesday, October 31, 2012

Iarmhairt na Stoirme

Dhá chrann leagtha, ceann díobh mór sláintiúil a raibh airde de 60 troigh ann.  Le breis bheag agus bliain anuas tá lear mór crann caillte againn sa chaoi go bhfuil muid chun tús a chur le feachtas plandáil crann an tseachtain seo chugainn; Daracha, Feánna agus Mailpeanna a bheidh sa chéad dreas.  Agus iad i dtalamh, cuirfear plandaí agus toranna sa tsraith mheánach (understory) os a gcomhair agus ina measc.  Orthu san beidh Labhras sléibhe (Kalmia latifolia), ar bláth oifigiúil Connecticut é.



Tuesday, October 23, 2012

Lámh Acu ina Scriosadh Féin?



Alt ag Fintan O’Toole in Irish Times an lae inniu.  Suimiúil mar alt é agus é ar a dhícheall idirdhealú a dhéanamh idir ‘náire fhónta’ agus ‘náire urchóideach’.  Dar leis, measann móramh de mhuintir na hÉireann go bhfuil an ghéarchúis gheilleagrach a bhfuil siad gafa léi tuillte acu de bharr a míghnímh le linn Ré an Tíogair agus go nglactar leis an ualach geilleagrach do-fhulaingthe atá brúite orthu mar chineál aithrí as peacaí an tsochaí.  Maíonn sé nach bhfuil na fiacha sin inghlactha agus go gcaithfear diúltú dóibh, agus mar shampla den chineál diúltú a rinneadh cheana, luann sé bunú an eagraíocht ‘Cherish’ a tharla 40 bliain ó shin.  Eagraíocht ab ea í a chuir go láidir agus go héifeachtach i gcoinne náire agus drochíde ban ar rugadh leanbh dóibh lasmuigh den phósadh. 

Cuimhin go beo liomsa samplaí den náire agus den drochíde sin sular dhírigh mé ar an tír seo agus is cuimhin bean óg a cailleadh de dheasca iarracht a rinneadh ginmhilleadh a imirt uirthi chun an náire sin a sheachaint.  Ní cuimhin liom go raibh aon easpa measa agamsa ar na mná sin ná ar a leanaí.  Ach ag filleadh dom ar argóint O’Toole agus an gaol a shíleann sé a dhéanamh idir cás na mban úd agus cás na tíre faoi láthair, i bhfianaise a bhfaca mé ar mo chuairteanna iomadúla ar Éirinn le linn Ré an Tíogair, tá’s agam go raibh lear mór de mhuintir na tíre ar mire le saint, le cearrbhachas eastáit réadaigh, le caiteachas gan srian, le fiachas gan teorainn, agus ní chreidim gurbh iad na forbróirí amháin a bhí gafa leis an saint chéanna.  Go deimhin, chonac féin pinsinéirí agus mná tí a chreid go leanfadh praghas tithe ag éirí go deo na ndeor agus a chuaigh i bhfiacha dá réir, ach seo anois acu lá na ndeor. 
An ceart ag O’Toole nuair a deir sé go bhfuil fiacha poiblí na tíre do-fhulaingthe agus go gcaithfear teacht  ar shlí chun an t-ualach a laghdú roinnt, ach dar liom féin ní ‘náire urchóideach’ a bhraitheann na daoine, ach ‘náire fhónta’ as a n-iompar mire, agus súil agam go bhfuil an ceacht foghlamtha acu, faoi dheireadh, ach ní rachainn i mbannaí ar an nguí sin.

Thursday, October 18, 2012

Uibheacha na hArrachta

BOLG LE GRIAN

 
 
Well, seo iad, cúigear den seisear (an ceann eile rósta, scríobtha, reoite).  An dara ceann ar chlé, snoífear é ós é atá oráiste ina iomlán.  Na cinn eile, beidh siad ag imirt ‘Bolg le Grian’ go n-iompaíonn a ndath.  Pióg agus anraith puimcín is dán don cheathrar.  Na scuaiseanna gheimhridh ag aibiú fós san Fheirm, agus beidh go ceann seachtaine eile.

Friday, October 12, 2012

Focal de Dhíth?


Agus mé ag cur síos ar an gCuileann duillsilteach, luaigh mé nach raibh téarma Gaeilge ar ‘girdling’ ag Focal.ie.  Ar ndóigh, chuir mé an cheist orthu agus ba é a fuair mé mar mholadh, agus moladh measartha maith, dar liom, ná ‘crioslaigh’.  Deir An Cosantóir liom go bhfuil mé i bhfad ró-fussy (poilteáilte?), go mór mór i gcás beaichte téarmaí teicniúla.  N’fheadar an suáilce nó duáilce an phointeáilteacht chéanna, ach tar éis dom an freagra a fháil ó Jenny Ní Chumhaill ag Foras na Gaeilge, rith sé liom nach raibh an téarma Béarla thar moladh beirte agus go raibh sé d’uain againn téarma Gaeilge a chumadh a bheadh pas beag níos saibhre, níos tuairisciúla.  Cionn is gur rud olc é ‘girdling’ i gcomhthéacs na garraíodóireachta agus na feirmeoireachta de, cad faoi réimír a chur leis an bhfocal ‘crioslaigh’ chun nod a thabhairt don léitheoir faoi thionchar an ‘crioslaigh’ céanna?  Anchrioslaigh, nó ainchrioslaigh na moltaí atá agam. 
Bhur mbarúil, a chairde?

Tuesday, October 9, 2012

Seirindipíocht


Sea, ar uaire, Seirindip is ainm dom.  Tuige sin?  a deir tú. 
Seo mar a tharla.  Agus mé ag glanadh áit don Fheirm, tháinig mé ar stoc crainn a raibh an chuma air go raibh sé marbh.  Níorbh éasca an speiceas a aithint toisc easpa duilleoga agus a raibh ann den chrann, bhí sé tachta ag Oriental Bittersweet (Celastrus  orbiculatus), planda atá thar a bheith ionrach agus a mharaíonn crainn trí iad a thimpeallú agus a thachtadh (girdling: focal nach bhfuil ag Focal.ie).  Ghearr mé an bittersweet den stoc agus réab as an talamh é.  Ba thruamhéalach an feic é a raibh agam den chrann leathmharbh.  Ghearr mé de na géaga marbha agus phrúnáil mé siar a raibh ann d’adhmad beo.  Ansin dhírigh mé arís ar thógáil an fháil agus rinne mé dearmad ar an seanchrann.  Seachtain ó shin bhuail An Cosantóir isteach chugam. 
“Nach iontach an jab a rinne tú,” ar sí.
“Cén jab é sin?” 
“Tar go bhfeice tú.”
 
Dhírigh sí m’aire ar an seanchrann a tharla a bheith cúpla troigh lasmuigh den fál.  Seo pictiúir de.  Nach álainn é?  Cuileann Meiriceánach (Ilex verticillata) é.  Is crann duillsilteach é, ach nach álainn iad na caora dearga?

Wednesday, October 3, 2012

Comharthaí, Nodanna agus Tráth na gCeist.

I gcoim na hoíche is túisce a chloisim é an tráth seo bliana.  Im leathchodladh dom, is geall le teachtaireacht i gCód Morse é, ach é pas beag deacair aon chiall a bhaint as.  Go mall, mall ritheann sé liom nach teachtaireacht atá i gceist ach titim na ndearchán ar an deic lasmuigh.  Sé an chéad chomhartha é, roimh athfhás an fhéir, roimh chéad ruachan na máiplí, go fiú roimh bhuíochan an hiocaire, tosaíonn na dearcháin ag titim agus díríonn na hioraí go cíocrach ar a mbailiú.  Músclaím arís le céadsolas an lae agus seo chugam an dara chomhartha: hútáil na ngéanna ar a slí ó dheas.  As sin amach tagann na comharthaí ina gcaise: deireadh leis na trátaí agus leis na súnna craoibhe, ruachan na gconbhaiscní agus ildathú na máiplí.  Agus an teocht ag titim istoíche, cloisim torann na foirnéise agus meabhraím ar phraghas na hola agus cá mhéad connadh adhmaid atá geartha, scoilte, carntha agam le hais an tí.  Cá fhad anois go dtí an chéad sioc marfach?  An mbeidh sé chugainn go luath i mbliana?  An mbeidh na scuaiseanna abaí roimh a theacht?  Seo an chéad bhliain dom scuais/puimcín a fhás.  Dhá chineál a chuir mé i dtalamh, Puimcíní Oráisteacha Samhna agus Scuaiseanna Bánliatha Geimhridh.  Iad ar aon ollmhór cheana féin ach neamhaibí.  Na páistí béaldorais ag tnúth le ceann mór oráiste uaim.  Gheall mé ceann dóibh.  Arbh fhearr ceann glas-oráiste a bhaint agus é a choimeád istigh ag súil go n-aibeoidh sé in am?  Bainfidh mé triail as, ach cá bhfios?  Tráth na gCeist, gan dabht.