Tuesday, September 25, 2012

Gerry Naofa In Connecticut


Sa nuachtán logánta léigh mé go mbeidh Gerry Adams mar aoi ag oscailt ‘Músaem An Ghorta Mhóir’ ar láthair Quinnipiac University (Hamden, CT) ag an deireadh seachtaine.  Dealraíonn nach eol do lucht na hollscoile iomlán stair Gerry, nó sin a dúradh liom mar fhreagra ar r-phost a sheol mé chucu. 

Monday, September 17, 2012

Bláthach Abú


 
Seo daoibh ‘Cailín Deas Crúite na mBó’ agus raidhse bláthaí aici daoibh.  Agus mé ag cur síos ar m’oideas d’arán caiscín ar mo bhlag, thagair mé d’easpa bláthaí sa tír seo agus go raibh orm slimbhainne a aigéadú le fínéagar.  Well, cé nach bhfuil fail agamsa ar thairgeadh Colleen fós, beidh mé ag caitheamh súil ar sheilfeanna an ollmhargadh logánta, féachaint ar ghéill an banaisteoir do m’achainí.   http://www.nytimes.com/2012/09/12/dining/buttermilk-often-maligned-begins-to-get-its-due.html?pagewanted=all
 

Tuesday, September 4, 2012

An Arracht


Níor lena leithéid a bhí mé ag súil, arae níor thriail mé an barr seo cheana.  Ach gur thug Gina,  gruagaire mo chéile, cúpla síol dom, ní thriailfinn riamh é.  Leor domsa an puimcín a cheannaíonn An Cosantóir gach bliain ag tús Mhí na Samhna.  Dhá mhullóg bheaga a rinne mé d’ithir mhaith i lár na Feirme, ceann do shíolta Gina, ceann do puimcíní oráiste Oíche Shamhna, airde troigh I ngach mullóg.  I gceann seachtaine, phéac gach síol díobh agus níor fhág mé ach trí shíológ i ngach mullóg.  Ansin rinneamar ar Virginia chun slán a fhágáil leis an mac is óige agus a chlann agus iad ar tí bualadh leo go Napoli, mar a gcaithfidh siad 3 bliana.  Fás maith fúthu agus muid fillte abhaile agus ba léir go raibh cosa fúthu cheana féin.  Níorbh fhada, áfach,  go rabhamar ar ár slí go dtí an tSeapáin.  Coicís thaitneamhach a chaitheamar sa tír sin agus an teanga ag filleadh orm ar chosa in airde.  Faoi dheireadh na saoire, b’in mé ag argóint praghsanna le fear nó bean an tsiopa. 

Tuirseach, traochta a bhíos ar fhilleadh abhaile dúinn agus bhí cúpla lá ann sular thug mé faoin Arracht a raibh an ceathrú cuid den Fheirm gafa aici cheana féin.  Sea, tá’s agam go raibh dhá chineál scuais ar fás agam, ach faoin am a d’fhill muid abhaile, níorbh fhéidir idirdhealú eatarthu, iad claochlaithe ina nArracht mhór amháin.  Bhí leath de na tráta-phlandaí leagtha aici, ceapach ardaithe amháin gafa ina iomlán agus dhá chrann piorra geall le bheith tachta aici.  An t-amadóir atá i bhfeighil uisciú na mbarr, ní raibh teacht agam air gur ghearr mé bealach chuige.  Tá ar a laghad leathdhosaen scuais gheimhridh (Winter Squash) agus trí phuimcín oráiste le feiceáil anois agus seans go bhfuil cúpla ceann eile faoi cheilt na nduilleoga móra glasa.  Teorainn curtha agam anois le ‘Réimse na bPuimcíní’ agus castar siar le lámh láidir nó lámh bhog gach iarracht a dhéantar a thuilleadh talaimh a ghabháil.  Fanfaidh an scéal mar atá go dtaga céad sioc an fhómhair, nuair a nochtfar gach atá ceilte orm anois.  Seo pictiúr daoibh den Chosantóir le taobh na hArrachta. 
 
 
(Cé gur mhaith liom an locht a leagadh ar Google, is ormsa a thiteann sé an iarracht seo.  Praiseach cruthanta a rinne mé agus cuntas g-mail á bhunú agam.  Mó bhuíochas le hÁine as sibh a chur ar an eolas fúm, mé gan a bheith fós faoin gcré atá i gceist agam.)