Wednesday, August 15, 2012

Ón bhFeirm

Cuireadh na prátaí, ‘Norkotah’, 3 phunt díobh, 22 síolphráta, i dtalamh 16 Aibreán agus baineadh iad inné, 14 Lúnasa.  Ba sa phlota ‘P’ (http://seano-thallisabhus.blogspot.com/2012/04/fheirm-cuid-do.html) ar an bplean a cuireadh iad, píosa talún nár fhás a dhath ann roimhe.  Tar éis gur baineadh 3 thonna clocha as an bpaiste sin, cuireadh seagalach bliantúil ag fás ann Mí Dheireadh Fómhair agus treabhadh an barr sin i dtalamh i lár Mhí Mhárta i mbliana.  OK, a deir sibh, toradh na hoibre?  Ó 3 phunt síolphrátaí, bhaineas 80 punt glan de bharr.  Agus seo pictiúr den cheann is mó díobh.  1.032 kg, (36 unsa). 

An fhaid a bhíomar sa tSeapáin, rinne na guird ionradh ar na plandaí taobh leo; leagadh leath de na trátaí, tachtadh crann amháin úill agus glacadh seilbh ina iomlán ar cheapach ardaithe.  Cinnte, beidh puimcíní geimhridh agus oráiste againn i gceann dhá mhí, ach b’éigean dom an scian a tharraingt ar na féithleoga rábacha a bhí ar a ndícheall an fheirm ar fad a ghabháil.  Rud thar a bhfaca mé riamh agus é uilig tarlaithe laistigh de choicís!!  Nod don té a chuirfeadh guird: ná téigh ar saoire agus caith súil ghéar orthu go laethúil. 

3 comments:

  1. B'fhéidir go bhféadfá tús a chur le tionscal cosúil leis an gceann seo..:-)

    ReplyDelete
  2. Ar an drochuair, Áine, ní féidir liom bun ná barr a dhéanamh den nasc atá agat thuas.

    ReplyDelete
  3. Is éachtach go deo an práta é! Níl baol dá laghad ann go mbeidh gorta mór ag bagairt oraibh i mbliana, ná gorta beag ach chomh beag.

    ReplyDelete