Thursday, August 16, 2012

Mise Seán, Tusa Áine

Go tobann feicim lear mór de shean-bhlagmhíreanna ó ‘Mise Áine’ ar mo scáileán.  An amhlaidh d’éinne eile?

5 comments:

  1. Ní thuigim cén fáth, a SheáinO, ach amháin go raibh mé ag baint seanmhíreanna den bhlag sin aréir - ach is á scriosadh a bhí mé, agus ní á uaslódáil!

    Tá uaim an seanbhlag a iompórtáil go Rámhaille, agus bhain mé amach as Mise Áine na míreanna atá ar Rámhaille cheana féin. Ní thuigim cén chaoi ar éirigh leis na cinn a scrios mé dul ar do scáileán!


    ReplyDelete
  2. Nílim baileach cinnte cad atá i gceist agaibh le "le feiceáil ar mo scáileáin"

    Ach más rud é gur foilsíodh mír nua ar bhlag a bhfuil tú nasctha leis chífidh tú fógra.

    Ach ó luaigh sibh é, deir léitheoir Google liom go bhfuil 145 mír nua ar Mhise Áine!

    Mar sin, seans gur shíl blogger gur nuashonrú seachas scriosadh a
    rinne tú ar na míreanna?

    N'fheadar!

    ReplyDelete
  3. Tá roinnt cuardaigh déanta agam.
    Ní bhfuair mé freagra beacht: ach tá taisce ag léitheoir Google. Sílim gurbh amhlaidh a tharlaíonn ná go bhfógraíonn Google aon athrú idir an blag agus an taisce mar athrú, gan a chuir san áireamh gur scriosadh an bun alt.

    Tá alt anseo faoi: http://crsouza.blogspot.co.uk/2010/03/partial-least-squares-analysis-and.html

    ReplyDelete
  4. Tharla seo le blag Néadaí tamall ó shin, freisin.

    ReplyDelete
  5. @ seans gur shíl blogger gur nuashonrú seachas scriosadh a
    rinne tú ar na míreanna?

    Táim den bharúil gur mar sin a tharla, agus tá aiféala orm go bhfuair daoine 145 mír ón mblag Mise Áine - níorbh é sin mo mhian!

    Maith dom a mbotún, a SheáinO, agus bíodh tú féin ag scriosadh na míreanna céanna anois, a chara..:-)

    ReplyDelete