Saturday, August 11, 2012

Feicim… Ní Fheicim


Seans ann nach ar Google atá an milleán.  Seans gurb ar mo bhaithis féin atá sé, le fíor.  Cheannaigh mé fón póca, ceann atá i bhfad níos ildánaí ná an seancheann nach n-úsáidim ach in am an ghátair.  Ba le linn dom an ceann nua a chur in oiriúint dom féin a d’éalaigh an seanbhlag uaim sa chaoi nár fhéad mé teacht air.  Dar le Dennis, bhí sé ‘inutile’, ach bhí teacht ag Aonghus air i gcónaí.  In ionad bheith ag iarraidh nithe dá leithéid a thuiscint, bhunaigh mé blag nua (An Focal Fánach) agus ar aghaidh linn go dtí an tSeapáin.  Ar fhilleadh dom, bhí teacht agam arís ar an seanbhlag maille le gach ar scríobh mé air leis na cianta. 

An Focal Fánach ar fionraí.  É rite liom go n-oirfeadh sé do ghiotaí scríbhneoireachta a mheastar go coitianta a bheith ‘neamhoiriúnach’.  Cuir i gcás, giotaí as úrscéal liom faoin ‘Maighdean Mhara/Selkie/Murúch.  Tharla gur cáineadh an saothar céanna le déanaí ar chúiseanna nach rabhthas sásta a mhíniú dom, seachas a rá go raibh sé ‘neamhoiriúnach’.  (Blas caint m’athar féin ar a leithéid agus é ag bac orm (agus mé in aois a deich) freastal ar “Juno and The Paycock”.)  Pléascadh na collaíochta idir an rón-bhean agus an feirmeoir, seans go ndeachaigh mé beagán thar fóir leis an gcur síos.  Ah, well.  Ní raibh mé ach ag tarraingt as mo shaoltaithí féin, nó sin a mhaífidh mé, pé ar bith é.     

3 comments:

  1. Ar shiúl tú amach le murúch go minic?

    (Ach féach an méid a scríobh mé faoi do bhlag a shábháil pé scéal é: http://aonghus.blogspot.ie/2012/07/conas-coip-ded-bhlag-shabhail.html )

    ReplyDelete
  2. Ní fhaca súil ná níor chuala cluas leithéid na gcluichí atá triallta agam agus mé ag sórtáil na bantrachta.

    ReplyDelete
  3. A fhad is gur bhain tú sult, agus go bhfuil tú fós ag baint suilt, as an 'sórtáil', a SheáinÓ, agus as an mblagáil, beidh an bhean seo ag súil go mór le do chuid scríbhinní..:-)

    Fáilte ar ais, a chara!

    ReplyDelete