Sunday, August 12, 2012

Athrú Ceannais, Sasebo, 2 Lúnasa 2012

Bain de an gleo, na bratacha agus an feisteas bán míchompordach a chaitheann na príomhaisteoirí, agus is searmanas é atá thar a bheith simplí agus suaithinseach.  Ar eitealdeic an Bonhomme Richard tá triúr mac máthar ina seasamh; Aimiréal agus beirt Chaptaen; duine díobh siúd ina Chomadóir, and duine eile ina Leaschomadóir.  Arsa an tAimiréal leis an gComadóir “Léigh d’orduithe.”

‘Scar ón lonnú seo inniu agus i gceann míosa cláraigh tú féin ag X.’

Ag díriú ar an Leaschomadóir, cuirtear an cheist chéanna.

“Glac ceannas láithreach ar PHIBRON 11.”

Cúpla focal ón Séiplíneach dírithe ar ‘An Athar Neamhaí’, agus sin sin.

Ruaille buaille, Rí Rá, Bualadh bas.  Dhá bhláthfhleasc mhóra, ceann do chéile an Chomadóra nua, ceann do Chosantóir na mBilí agus ar aghaidh leis an gceiliúradh.  Bia den scoth ó chistineacha an flotilla, ach gan deor alcóil ar fáil.

Chéad dualgas an Chomadóra nua?  Seasamh i lár an aonaigh, é timpeallaithe ag an bPreas logánta, a theangaire oifigiúil lena ais.  Chuir sé Seóthriall i gcuimhne dom.  By Dad, ach tá oiliúint nach beag faighte ag an leaid sin, a deirim liom féin.

Dhá uair a chloig ó thús go deireadh.  Agus geall le bheith gach éinne bailithe leo, tionlacann an Comadóir nua an tIarchomadóir go dtí an dug.  Dhá fheadaíl, agus ón gcallaire cloistear den chéad uair ‘Bonhomme Richard departing’, ag tagairt don Chomadóir nua agus an ‘nasc pósta’ atá idir é agus an long.


2 comments:

  1. Crua an saol é, mar seachtain ar aghaidh ón searmanas, amach leis an flotilla uile, iad ar a slí cá bhfios agus gan ach an caolseans ann go bhfillfidh siad abhaile go Sasebo roimh Lá an Altaithe.

    ReplyDelete