Thursday, July 5, 2012

Orgánach Abú?




Seans go bhfuil in bhur measc duine nó beirt a chreideann gur ‘fearr’ bia orgánach ná bia ‘neamhorgánach’.  Well a chairde, tá torthaí an fhiosraithe is déanaí ar an gceist seo ar fáil, agus creid é nó ná creid, ach níl puinn difir eatarthu.  Ach, deir tú, mórchomhlacht idirnáisiúnta a rinne an suirbhé, nárbh ea?  Dheara, níorbh ea.  Grúpa Orgánach Lochlannach a rinne agus a d’fhoilsigh.  Seo daoibh URL.

http://www.irishtimes.com/newspaper/opinion/2012/0705/1224319427071.html

4 comments:

  1. Ach a Sheáin, tá bia orgánach níos naofa, go díreach mar atá bia caisear na nGiúdach.
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Dennis, deacracht ar bith agam le ‘níos naofa’, ráiteas nach féidir a chruthú, ach ‘níos sláintiúla’? Cuireann a leithéid le cancracht mé, mar is maíomh in éagmais fianaise é, agus a fhios san anois go fiú ag lucht an cheartchreidimh.

    ReplyDelete
  3. Ar ndóigh, tá brí eile leis an bhfocal ‘neamhorgánach’ agus í ag éinne a rinne Ceimic 101, go fiú acusan ar theip go tubaisteach orthu sa scrúdú. Samhlaigh duit féin cad iad na cáilíochtaí a bheadh ag, abraimis, ‘práta neamhorgánach’. Más práta é, siad seo na heilimintí (dúile) a bheadh ann: carbón, hidrigin, ocsaigin, nítrigin, fosfar, clóirín, sóidiam, potaisiam, cailciam. Sea, tá riandúile eile ann ach fágaimis ar leataobh iad. Conas, mar sin a chuirfimid na heilimintí thuas le chéile chun ‘práta neamhorgánach’ a dhéanamh?
    1. Na2HPO3
    2. KHCO3
    3. CaHPO3
    4. KCl
    5. CaCO3
    6. NaNO3
    7. NH4NO3
    Is leor sin, ach feicim nach blasta an meascán a bheadh againn.

    PRÁTA NEAMHORGÁNACH gan dabht!!

    ReplyDelete
  4. @ maíomh in éagmais fianaise

    Neart den toradh sin thart, go deimhin, a chara..:-)

    ReplyDelete