Ar ndóigh, bíonn tuarascáil bhliantúil eagraíocht ar bith
rud beag (nó rud mór) féinmholtach, ach is fiú súil a chaitheamh ar thuarascáil an
IDA don bhliain 2011. Táid ann a deir
gurb é an ráta cáin chorparáideach amháin is cúis leis an FDI (foreign direct
investment), ach tá a fhios ag madraí an bhaile nach é sin amháin atá i gceist
agus comhlacht ag cinneadh ar infheistíocht a dhéanamh in Éirinn. Bhí mé féin páirteach mar chomhairleoir do
chomhlacht cógaseolaíochta Meiriceánach agus iad ag déanamh ‘due diligence’
féachaint arbh fhiú an tsaotharlann a bhí acu in Éirinn a fhorbairt. Bí cinnte nárbh é an ráta cánach an cloch ba
mhó ar an bpaidrín acu: fáil ar dhaoine a mbeadh a scileanna cuí acu, b’in an
cheist ba mhó a bhí le freagairt againn.
Agus d’fhreagair, agus cruthaíodh 200 post dá bharr. Anois, a chairde,
caith súil ar an tuarascáil, as Gaeilge.
http://www.idaireland.com/news-media/publications/annual-reports/accesible-versions/2011/pdf/IDA-Annual_Report_2011-Irish.pdf
@ fáil ar dhaoine a mbeadh a scileanna cuí acu
ReplyDeleteTáim den bharúil go bhfuil baint nach beag aige sin leis an scéal, a Sheáin, ach cuidíonn an ráta cánach úd, freisin, cheapfainn.
@ cruthaíodh 200 post dá bharr
Maith sibh!
An-spéisiúil. Ní léim a leithéid de ghnáth. Is léir ón tuarascáil cé chomh mór is atá an tír ag brath ar an bhfear thall (Uncail Sam).
ReplyDeleteAithníonn An Fear Thall sladmhargadh nuair a leagtar os a chomhair é.
ReplyDelete