Thursday, June 21, 2012

Slad is Creachadh


Maidin inné, baineadh siar as An gCosantóir nuair a chonaic sí go raibh ceann dá hionaid bheathaithe éan, (a ceann ar a dtugaimid ‘The Tank’ cionn is gur as cruach dó), briste réabtha.  Am dinnéir chonaic muid an coirpeach.  Seo pictiúr daoibh; máthair agus ceann amháin dá triúr coileán agus iad teite suas i gcrann ar imeall na coille. 

4 comments:

  1. Cad a dhéanfadh mac an racún ....

    Ach is beatha na n-éan seachas na héin a itheadh, an ea?

    ReplyDelete
  2. Nuair a chuir mé mo chlann ar an eolas faoin slad, sheol m’iníon, a bhfuil cónaí uirthi in Minneapolis, racht feirge chugam. Deir sí gur fuath léi na racúin. Dar léi, sé a déanann siad, tabhairt faoi neadacha éan agus idir uibheacha agus éin óga a ithe. Cuireann éagaoin na dtuistí as di agus molann sí díothú na racún, comhairle nach nglacann An Cosantóir léi........ go fóill.

    ReplyDelete
  3. Maraíodh gearrcaigh mar sin?

    ReplyDelete
  4. I dtólamh, dar léi. Cionn is nach bhfuil teacht aici ar neadacha ar na crainn atá againne, is sna hionaid bheathaithe atá a suim. Agus mé geall le bheith dóite leis.

    ReplyDelete