Sunday, June 17, 2012

Pedro


Sé seo an t-oibrí is nua ar an bhFeirm.  Bhaist mé Pedro air, rud a chuir le cuthach é.  Dealraíonn nach neach daonna é.  Dar leis féin is de chine na nGnóman é agus roghnaigh sé Spáinnis mar a theanga labhartha leis an gcine daonna.  Tá cúpla focal Béarla aige, ach ós rud é go mbím ag labhairt liom féin as Gaeilge agus mé ag obair sa ghairdín, tá deacrachtaí cumarsáide againn.  Ní hamháin sin, ach ar chéad theacht dó chugam, d’iarr mé air carn clocha agus carraigeacha a lódáil isteach sa bharra rotha.  Tugadh le fios dom nach ‘bracero’ é agus mar chomhartha ar a chumhacht, leag sé ortha ar an mBurro sa chaoi nach raibh ar mo chumas é a chur ag obair.  N’fheadar an mbeidh aon chomhthuiscint eadrainn, nó an mbeidh orm é a dhíbirt sula leagann sé ortha de chineál éigin ormsa. 

2 comments:

  1. Meas tú nach Éireannach é, más rud go bhfuil sé ar an eolas faoi orthaí..:-)

    ReplyDelete
  2. Aithne agam ar dhaoine ón tSeapáin, ón bhFionlainn agus ó Ghana. Orthaí cumasacha i measc na ndaoine sin uile. Agus, ar ndóigh, tá ardcháil ar Hexanna na nOllannach in Pennsylvania.

    ReplyDelete