Friday, June 8, 2012

An Calcalas Difreálach

An bharúil faoin gCalcalas Difreálach a nocht Dennis le déanaí “Tá mé níos cinnte ná riamh anois gur ortha uimhriúil atá ann”, chuir sí ag smaoineamh mé ar an gcaoi a gcuireann Matamaitic i gcoiteann, agus An Calcalas go háirithe, as do dhaoine. Imní, mearbhall, agus breoiteacht is minice a bhraitheann lear mór daoine agus iallach á chur orthu aghaidh a thabhairt ar an earnáil seo den scolaíocht. Agus, im thuairimse, is trua sin, mar, má fhágaimid an nodaireacht ar leataobh, is fíorshimplí iad an dá bhun-idé ar a mbunaíodh An Calcalas.

1. Ráta an athrú (ar luas, mar shampla; luas seasta, ráta = 0)

2. Cá fad a taistealaíodh? (ar luas seasta, nó ar luas athraitheach)

Creid é nó ná creid, ach sin iad an dá rud is gá a thuiscint. Thairis sin, is ornáidiú nó ‘twiddly bits’ gach rud eile a chuirtear leis na cothromóidí. Sa chás a ba bhun leis an téad seo, sé a bhí i gceist ná teacht ar an líon daoine nua ar ghá dóibh tosú ar an teanga a fhoghlaim chun buan- mharthanacht a chinntiú don teanga. Baintear leas as an gcóras céanna chun teacht ar an bhfuinneamh is gá chun satailít a chur i bhfithis. Ná lig do leithéid dy/dx∫_x^y mearbhall a chur ort. Níl iontu ach nodanna nó ‘shorthand’ a chruthaigh Leibnitz agus é ag iomrascáil le gluaiseacht na bpláinéad agus níl de dheacracht iad a fhoghlaim thar mar a bheadh agat agus tú ag teacht isteach ar an aibítear Gréagach.

2 comments:

  1. Is trua nach raibh tú agam nuair a rinne mé calcalas san ollscoil i bhfad ó shin. Tháinig mé slán as, ar éigean, ach níor thuig mé mórán de dáiríre.

    ReplyDelete
  2. Áit éigin, ní cuimhin liom anois sá háit, scríobh mé faoin tionchar a bhíonn ag dearcadh an mhúinteora i leith an ábhair atá le múineadh aige. Dhá shampla agamsa chun cur os bhur gcomhair.

    Rang a haon, Scoil Náisiúnta Rialto, BÁC. Mister Dooilin againn do gach ábhar. Seo mar a tharla.
    “Today, we’re starting on Irish. You’ll see that it’s quite different from English and that’s a nice thing.”

    Agus ar aghaidh linn, an bhéim ar ghnáth-tharluithe an lae agus gan trácht ar bith ar ghramadach, inscne nó tuiseal. Sé mhí anonn, bhuail taom croí Mister Doolin agus tháinig múinteoir nua ina áit. Ar sé agus tús á chur aige leis an gcéad rang Gaeilge uaidh:
    “Irish is very hard……………..” agus b’in sin. (D’éag Mister Dooilin an bhliain dár gcionn.)

    Meánscoil Choláiste Mhuire, BÁC. An Bráthair X ag múineadh Calcalas dúinn. (Seans ann go bhfuil sé ina bheo fós.) De réir a chéile, tuigeadh dúinn nach raibh tuiscint dhomhain aige ar a raibh á mhúineadh aige agus nach raibh sé thar cúpla leathanach chun tosaigh orainn sa téacsleabhar. Rang de 22 a bhí ionainn agus an leath dínn a raibh suim againn sa Chalcalas, chaithimis am lóin i gcúinne linn féin ag iarraidh teacht ar thuiscint ar an ábhar. Trí bliana anonn agus mé ar an Ollscoil, fuaireas glao fóin ó phríomhoide an Choláiste. An múinfinn Calcalas don ard-rang ar feadh míosa mar bhí an Bráthair X tinn? Ghlac mé leis an deis agus leis an gcúpla punt a bhí ag dul léi.

    “Níl le freagairt agaibh sa Chalcalas,” a deirimse, “ach dhá cheist: ‘cad é an t-athrú ar an ráta gluaiste’ agus ‘cá fad a taistealaíodh?’”

    Ag deireadh na míosa agus an Bráthair X ar tí filleadh, glaodh chuig oifig an phríomhoide mé. Tuismitheoirí ag cur brú air mé a choimeád mar mhúinteoir Mata. Ach ní sa mhúinteoireacht a bhí mo shuim, ach sa Cheimic, agus faillí á dhéanamh agam intisin.

    ReplyDelete