Friday, June 22, 2012

Rún na nGallán

Faoi dheireadh tá an leabhar is nua liom i mo lámha.  Agus más suim leat úrscéal a bhfuil idir ghrá, chairdeas, uabhar, theangeolaíocht, uisce faoi thalamh agus amthaisteal ag baint leis, agus 7.50 agat le caitheamh air, téigh sa seans agus ceannaigh é. 



Go mbaine sibh oiread taitnimh as is a bhain mise as an gcumadh. 

Piseanna, An Aimsir, Dóchas agus An tÁdh.


Gach bliain um an taca seo deirim leis an gCosantóir gan ligean dom, an t-earrach seo chugainn,  am, foighne, ceapach mhéith agus airgead a chur amú ar chur piseanna.  Ach, tá an-dúil agam i dtoradh an bharr céanna agus ina theannta sin, tá tábhacht shiombalach ag baint le piseanna; siad an síol is luaithe a chuirtear i dtalamh, thart ar, nó go fiú roimh Lá ‘le Pádraig.  Fógraíonn siad go bhfuil greim an gheimhridh ag lagú, go bhfuil an dúlra ag múscailt agus go bhfuil bliain nua chugainn.  Arae, níor thaise dom i mbliana.  Cé i dtalamh iad roimh an bhFéile, bhí siad mall ag péacadh, fíormhall ag bláthú agus faoin am sin bhí an teocht éirithe thar réim a bhfáis.  Bhain mé barr beag tá seachtain ó shin ann.  “Sea,” a deirim liom féin.  “Caitheann sí comhairle mo leasa a chur orm an t-earrach seo chugainn.”    

Inniu, bhí orm aire a thabhairt do na trátaí.  Roinnt díobh faoi bhrú ag an  Scoiltbholb (Cutworm, Foclóir Talmhaíochta).  Sin déanta agam, chaith mé súil ar na piseanna.  N’fheadar arbh é gur roghnaigh mé cineál difriúil i mbliana (Lincoln), nó cúinsí aimsire, atá an-ghuagach le tamall, nó an phaidir sin a dhírigh mé aníos agus mé á gcur, ach, go tobann, tá an-rath ar na piseanna agus go leor bainte agam inniu le roinnt díobh a scillig agus a reo.  Beidh siad san againn Lá an Altaithe. 

Ababú, a chéile.  Ná bac leis an gcomhairle um earrach!! 

Thursday, June 21, 2012

Baol Na Ró-Ghlaine?


Arís is arís eile le blianta beaga anuas, feicim altanna sna nuachtáin agus sna hirisí eolaíochta a léim, iad uile ag tagairt don fás atá tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil ailléirgí acu, pé acu do bhianna, deannach, nó fiú dá gcorp féin (Galar Crohn agus Drólainnítis).  Táthar den bharúil anois gurb é an ró-ghlaine is cúis le roinnt mhaith den fás seo.  Tá alt suimiúil intuigthe in NYT an lae inniu.

http://www.nytimes.com/2012/06/21/opinion/lets-add-a-little-dirt-to-our-diet.html

Slad is Creachadh


Maidin inné, baineadh siar as An gCosantóir nuair a chonaic sí go raibh ceann dá hionaid bheathaithe éan, (a ceann ar a dtugaimid ‘The Tank’ cionn is gur as cruach dó), briste réabtha.  Am dinnéir chonaic muid an coirpeach.  Seo pictiúr daoibh; máthair agus ceann amháin dá triúr coileán agus iad teite suas i gcrann ar imeall na coille. 

Wednesday, June 20, 2012

Blúiríní Barrúla


Mar is eol daoibh, más suim libh aon chuid dem rámhaillí ar an mblag seo, ba é ba chúis le tógáil an fháil timpeall na Feirme, ná na fianna a chur ó bheith ag innilt ar mo chuid plandaí.  Ní hé go raibh fúm iad a bhac ar fad, rud a éileodh airde de 8 dtroigh ar a laghad san fhál.  Sé throigh is airde dó, cuaille gach 8 dtroigh agus mogalra plaisteach dubh ceangailte leis go talamh.

Is iontach na nithe a thagann chun solais agus duine ina shuí gan chorraí sa ghairdín ar feadh tamaill.  Mar shampla, cionn is nach ndearna mé iarracht ar bith aon chuid den fhál a chur faoi thalamh, tá saorchead ag na hioraí talún sleamhnú isteach faoin mogalra.  Agus mé ag glacadh scíthe tamall ó shin, chonac beirt díobh ag imirt cleas nua leis an bhfál.  Rithidís ina threo agus i bhfogas slat nó dhó ón bhfál, léimidís san aer sa chaoi go mbuailfidís i gcoinne an mhogalra agus go n-aisteilgfí ar chúl iad.  Arís agus arís eile a lean siad leis an gcleas sin, an mogalra mar thrampailín ingearach acu.  A luaithe is a chorraigh mise, amach leo faoin mogalra.

Arís eile, má tá saorchead isteach ag na hioraí beaga, is amhlaidh, freisin, do na coiníní.  Deacracht ar bith ní bheadh acu brú isteach faoin mogalra.  Ach creidim nach bhfuil a leithéid déanta ag coinín ar bith, go nuige seo ar aon nós.  Agus cad is bun leis an gcreideamh sin, a deir tú?  Cionn is nach bhfuil oiread is greim amháin bainte as an lear mór leitíse atá ag fás i dtrí cheapach agam.  Meastar go coitianta sna bólaí seo gur ainmhí bómánta é an coinín, ach seo bómántacht thar a bhfaca mé riamh.
Ar na plandaí atá ar fás agam tá ceithre fhíniúin.  Dhá cheann díobh, is cineál iad a dtugtar Interlaken.  Ní fheicimse difear ar bith idir duilleoga Interlaken agus na fíniúnacha eile, ach dealraíonn go bhfuil difear eatarthu, mar siad na duilleoga sin atá á n-ithe ag créatúr éigin i rith na hoíche.  Mé chun an t-éancheamara a chur ag obair anocht féachaint cé an gourmand nach n-itheann ach duilleoga Interlaken.

Sunday, June 17, 2012

Pedro


Sé seo an t-oibrí is nua ar an bhFeirm.  Bhaist mé Pedro air, rud a chuir le cuthach é.  Dealraíonn nach neach daonna é.  Dar leis féin is de chine na nGnóman é agus roghnaigh sé Spáinnis mar a theanga labhartha leis an gcine daonna.  Tá cúpla focal Béarla aige, ach ós rud é go mbím ag labhairt liom féin as Gaeilge agus mé ag obair sa ghairdín, tá deacrachtaí cumarsáide againn.  Ní hamháin sin, ach ar chéad theacht dó chugam, d’iarr mé air carn clocha agus carraigeacha a lódáil isteach sa bharra rotha.  Tugadh le fios dom nach ‘bracero’ é agus mar chomhartha ar a chumhacht, leag sé ortha ar an mBurro sa chaoi nach raibh ar mo chumas é a chur ag obair.  N’fheadar an mbeidh aon chomhthuiscint eadrainn, nó an mbeidh orm é a dhíbirt sula leagann sé ortha de chineál éigin ormsa. 

Friday, June 8, 2012

An Calcalas Difreálach

An bharúil faoin gCalcalas Difreálach a nocht Dennis le déanaí “Tá mé níos cinnte ná riamh anois gur ortha uimhriúil atá ann”, chuir sí ag smaoineamh mé ar an gcaoi a gcuireann Matamaitic i gcoiteann, agus An Calcalas go háirithe, as do dhaoine. Imní, mearbhall, agus breoiteacht is minice a bhraitheann lear mór daoine agus iallach á chur orthu aghaidh a thabhairt ar an earnáil seo den scolaíocht. Agus, im thuairimse, is trua sin, mar, má fhágaimid an nodaireacht ar leataobh, is fíorshimplí iad an dá bhun-idé ar a mbunaíodh An Calcalas.

1. Ráta an athrú (ar luas, mar shampla; luas seasta, ráta = 0)

2. Cá fad a taistealaíodh? (ar luas seasta, nó ar luas athraitheach)

Creid é nó ná creid, ach sin iad an dá rud is gá a thuiscint. Thairis sin, is ornáidiú nó ‘twiddly bits’ gach rud eile a chuirtear leis na cothromóidí. Sa chás a ba bhun leis an téad seo, sé a bhí i gceist ná teacht ar an líon daoine nua ar ghá dóibh tosú ar an teanga a fhoghlaim chun buan- mharthanacht a chinntiú don teanga. Baintear leas as an gcóras céanna chun teacht ar an bhfuinneamh is gá chun satailít a chur i bhfithis. Ná lig do leithéid dy/dx∫_x^y mearbhall a chur ort. Níl iontu ach nodanna nó ‘shorthand’ a chruthaigh Leibnitz agus é ag iomrascáil le gluaiseacht na bpláinéad agus níl de dheacracht iad a fhoghlaim thar mar a bheadh agat agus tú ag teacht isteach ar an aibítear Gréagach.