Sunday, May 20, 2012

Seachfhoinsiú de Chineál Eile

Sea, Seachfhoinsiú na Sean atá i gceist agam.  Sin an gnóphlean is bun le plota scannán a chonaic mise agus An Cosantóir inné.  ‘The Best Exotic Marigold Hotel’ is teideal dó agus cé gur aimsigh mé eithne an phlota go measartha tapa, bhain mé an-taitneamh as an scannán.  Aisteoirí a bhfuil sean-aithne againn orthu is ea na ‘expats’ a chinneann ar a mblianta deiridh a chaitheamh in óstán in India.  Agus tuige nach n-oibreodh an gnóphlean?  Tá an costas maireachtála níos lú agus cóir sláinte den scoth ar fáil ach breis bheag ar bheagán airgid a bheith ag duine.  Ar ndóigh, níl glaine na háite thar moladh beirte, tá amhras faoin gcóras séarachais agus ní plód go plód India. Mheas An Cosantóir go ndearna Judi Dench éacht sa pháirt a bhí aici ach maidir liom féin bhí an lá ag Maggie Smith agus an tslí a chuaigh sí i ngleic leis na Dalit, an aicme ar a dtugtar ‘Untouchables’.  Agus seo nath eile daoibh:  ‘Sa deireadh thiar thall, beidh gach ní sásúil, agus mura mbíonn sé amhlaidh, níl muid ag an deireadh thiar thall.’

2 comments:

  1. An scannán sin le feiceáil fós agam féin agus é fhéin, ach muid ag súil go mór leis..:-)

    ReplyDelete
  2. Má tá ar fáil ó Netflix, cuirfidh mé sa chiú anocht é.

    ReplyDelete