Friday, May 18, 2012

Nótaí ón nGairdín

Ceapach na Luibheanna


Le blianta beaga anuas bíonn piobair mhilse agus ‘te’ agus basal ar fás agam i bpaiste beag talaimh cois bóthair.  Anuraidh chinn mé ar luibhghairdín a dhéanamh de.  Ar na luibheanna eile a bhí ar fás ann agus a raibh rath orthu bhí peirsile, tím, sáiste, marós, dragan Francach, oragán Gréagach agus cilantro.  Ionadh orm agus mé ag cóiriú na ceapaí le déanaí go bhfaca mé gur mhair an peirsile Iodálach (ach ní an cineál catach), an tím, an sáiste, an t-oragán agus an dragan thar geimhreadh agus an dealramh ar an scéal go bhfuil an cilantro ag athfhás ó shíol.  Agus an geimhreadh ag teannadh liom, d’ardaigh mé an dá phlanda marós a bhí ag fás i bpotaí agus d’aistrigh mé go dtí an tábla san íoslach iad mar a bhfuil ‘fás-shoilse’ (gro-light) againn.  I gceann míosa bhí an dá cheann feoite marbh, ainneoin go bhfuair siad idir uisce agus sholas.  ‘Bhing’ mé chun an chúis a aimsiú: easpa taise san aer, b’in an freagra.  I mbliana beidh ‘Ziploc’ móra bun os cionn orthu maille le maidí beaga bambú san ithir chun bac ar na plandaí tadhall leis an bplaisteach.

2 comments:

  1. Aguisín beag.
    Chuir mé dhá chineál ‘gurd’ inniu; puimcín agus scuais gheimhridh. Níl ceachtar díobh triallta agam cheana agus tá na páistí béal dorais ar bís féachaint an mbeidh puimcín acu ón ngairdín d’Oíche Shamhna.

    ReplyDelete
  2. Leid mhaith ansin maidir leis an marós,a SheáinO, agus bainfidh mé triail as mé féin, go raibh maith agat.

    ReplyDelete