Friday, May 11, 2012
Nótaí ón nGairdín
Mion-nóta
fánach: An crann piorra áiseach atá ag
fás mar espalier agam cois balla an gharáiste, is tearc an barr a fhaighim
uaidh. Easpa pailniú is cúis leis
sin. Dhá bhliain ó shin cheannaigh mé
crann beag a raibh trí chineál piorra áiseacha beangaithe air. I mbliana an chéad bhliain a bhláthaigh an
crann nua agus b’álainn an radharc é. Ní
hamháin go raibh pailniú fónta ar an sean-chrann, ach bhí an crann beag nua breac
le damhna torthaí. N’fheadar an eol
daoibh nach féidir ceadú dá leithéid? B’éigean
dom beagnach gach ceann díobh a bhaint sa chaoi nár fhág mé ach dhá bhleibe an
ceann ar na trí bheangán. Loitfí an crann beag dá gceadóinn dó dul ar aghaidh
leis an ualach a bhí air. Focal scoir:
nocht an chéad duilleog práta inné.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment