Tuesday, May 29, 2012

Lánúin Nua sa Ghairdín


Ar theacht go dtí an teach seo dúinn, d’iarr An Cosantóir orm na héan-tithe a bhí crochta ar na crainn thall is abhus a ghlanadh agus a dheisiú, rud a rinne.  Thugas faoi deara nach raibh teach dreoilín ina measc agus i rith an chéad gheimhridh sin, rinne mé ceann as giotaí adhmaid a bhí sa gharáiste.  Níor thúisce an teach sin crochta agam an bhliain dár gcionn nó b’in mo dhuine ag glacadh seilbh air agus ag fógairt don domhan mór go raibh togha lóistín ar fáil ach an bhean cheart a theacht á lorg.  D’éirigh go seoigh leis, chinn dreoilín baineann glacadh leis an tairiscint agus cromadh ar nead a thógáil agus ál a ghoradh agus a bheathú.  Lean an scéal amhlaidh go ceann 4-5de bhlianta, mé ag glanadh agus ag deisiú an éan-tí i ndiaidh don phéire agus a n-ál bailiú leo.  Agus le teacht an earraigh, chrochainn an teach an athuair. 

Mar is eol daoibh, is éan an-bheag é an dreoilín, ach is draíochta ceolmhar glórmhar canadh an éin chéanna.  Ní féidir bheith in iomrall faoi cheol an dreoilín.  Cumasc de rírá, mealladh agus bagairt, agus go bhfóire Dia ar an gcréatúirín nach dtuigeann an bhagairt.  Thart ar chúig bliana ó shin tosaigh bearna shuntasach i saol ceoil an ghairdín; muid in éagmais dreoilín in ainneoin go raibh an t-éanteach cóirithe i gceart agam.  In áit an dreoilín ghlac cnóshnag (Sitta europaea, Nuthatch) sealbh ar an teach ach ní raibh ar a cumas siúd an nead a chosaint ar an iora talún (Chipmunk) a chnaígh adhmad an pholl iontrála go dtí go raibh ar a chumas dreapadh isteach agus na huibheacha a ithe.  Bhain mé síos an t-éanteach agus é ar intinn agam ‘rud éigin a dhéanamh leis’, nó sin a dúirt mé léi féin.  Iontach mar a shleamhnaíonn na blianta thart, ceann i ndiaidh a chéile.  An geimhreadh seo caite agus mé ag cuardach ruda éigin, thugas an t-éanteach faoi deara, é ina shuí go huaigneach deannachúil i gcúinne san íoslach.  Dar le Bing, trastomhas d’orlach ba chóir a bheith sa pholl iontrála i dteachín do dhreoilín.  Dhruileáil mé poll den tomhas sin i ngiota miotail ó bhun channa beorach agus rinne an poll céanna i gcearnóg adhmaid.  Ghreamaigh mé an miotail den phíosa adhmaid le Gorilla Glue, na poill os cionn a chéile agus ansin ghreamaigh mé an t-iomlán d’aghaidh an éantí. 

Seachtain i ndiaidh dom an teach a chrochadh b’in éanín á iniúchadh.  Ar dhreoilín é?  N’fheadramar, ach seachtain anonn b’in arís é agus cipín ina ghob.  Isteach leis an gcipín, agus ceann eile agus ceann eile arís.  B’ansin a thosaigh an ceol, ó mhoch na maidine go fuineadh na gréine;  “Teach álainn sábháilte nuachóirithe i measc na gcrann agus chuile áis ann.”  B’in an teachtaireacht a bhí á fógairt aige, agus by dad, i gceann seachtaine bhí céile neide aige.
Tá camera bídeach Sony agam agus de réir an menu féadtar video a ghlacadh leis. Inné, cheangail mé an camera den tríchosach, zúmáil isteach ar bhéal an tí, bhrúigh an cnapa agus as liom go bun an ghairdín, i bhfad ón éanteach.  Trua nach féidir liom an video a roinnt libh (fiú dá mbeadh sin ceadaithe, ní thuigim conas a leithéid a dhéanamh).  30 nóiméad a leanann an video agus fústar thar a bhfaca riamh faoin mbeirt.  Go deimhin, tá lánúin nua sa ghairdín.

4 comments:

  1. ach is draíochta ceolmhar glórmhar canadh an éin chéanna

    Chuala mé scéal atá ag na hIndiaigh Salish ar an taobh seo de Phuget Sound. Leagan de scéal idirnáisiúnta atá ann, faoin dreoilín agus faoin iolar. In Éirinn, tar éis don iolar dul in airde chomh fada agus a b'fhéidir leis, d'éirigh an dreoilín óna eireaball, mar a raibh sé i bhfolach, agus chuaigh sé suas cúpla orlach eile. Fuair sé ríocht na n-éan mar sin. Ach sa scéal a chuala mé abhus anseo, bhí amhráin na n-éan uilig i bhfostú sa spéir. (Tá scéal eile acu faoi sin.) Bhí ar na h-éin a gcuid amhráin a fháil ar ais. Ach ní raibh éan ar bith in ann eitilt a fhad leo. Ansin, rinne an dreoilín an cleas céanna, ach i comhpháirt leis an iolar. Shroich an t-éan beag na hamhráin agus rug sé ar ais leis iad. Ansin roinn sé i measc na n-éan uilig iad. Thug sé na hámhráin is fearr do éin bheaga eile, agus na hamhráin nach raibh binn do na héin mhóra: an préachán, an corr, an fiach, an faoileán, agus mar sin de. Ach thug sé amhrán binn don iolar, an t-éan a bhí páirteach leis san eachtra. Agus choinnigh sé amhrán an-deas dó féin, ar ndóigh. Smaoiním ar an scéal seo cibé uair a chloisim na hiolair mhaola sa chomharsanacht ag feadaíl.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat as an eolas breise sin, Dennis. Suimiúil go bhfuil na scéalta faoin dreoilín agus a chuid ceoil chomh forleathan sin.

    ReplyDelete
  3. Scéalta deasa, ón mbeirt agaibh, a fheara..:-)

    Dea-scéal faoin 'lánúin nua sa ghairdín', a SheáinO - táim in éad leat,a chara!

    ReplyDelete
  4. Aguisín: Tá críoch curtha leis an neadtógail agus ní fheictear anois ach dreoilín amháin, an ceann fireann, más fíor do Wikipedia. Thart ar naoi lá déag a bheidh an goradh ar siúl agus an méid céanna ama chun an t-ál a chleitiú agus a sheoladh amach ar an saol. Ansin, má tá an neart acu chuige, tabharfaidh an bheirt faoin gcleas céanna arís. Faoi láthair tagann an dreoilín fireann go dtí an nead faoi dhó gach uair a chloig, ó dhubh go dubh de réir mar a fheicimse é. Fógraíonn sé a theacht go ceolmhar glórach ar feadh nóiméid, ansin isteach sa teach leis. Laistigh de leathnóiméad amach leis arís, déanann an fógairt/rabhadh arís agus ar aghaidh leis as amharc.

    ReplyDelete