Monday, May 14, 2012

Ár gComharsa Béal Dorais


Is cineál iora é, ceann beag.  Sna bólaí seo tugtar ‘chipmunk’ orthu.  Nuair a rinne mé tagairt do cheann díobh in úrscéal liom, thug mé ‘siopmonc’ air, ach is gnáth linne ‘Shima’ a thabhairt orthu.  Tharla go raibh cuairteoirí againn ón tSeapáin agus chuir siad an-suim san ainmhí beag.  Dealraíonn go gcoimeádtar mar pheataí iad sa tSeapáin agus ‘Shima risu’ mar ainm orthu.  Ionann sin agus ‘iora stríocach’ agus, ar ndóigh, sé Tamias striatus an t-ainm eolaíoch idirnáisiúnta. 



2 comments:

  1. Chím gur Iora talún atá ag an gCoiste orthu:

    ReplyDelete
  2. Cónaíonn an leaid sa phictiúr faoin ‘stúp’ seo ‘gainne, sé sin faoi na céimeanna ar aghaidh príomhdhoras an tí. Ar ndóigh tá gaolta leis a chónaíonn i bpoill nó tolláin a dhéanann siad ar thailte O’Connor. Feicim, freisin, go bhfuil dhá sheift acu i gcás beathú an gheimhridh. Cuid díobh déanann siad stóras mór amháin agus ní fheictear i rith an gheimhridh iad. An tseift eile ná lear mór mionstórais a bheith acu ag fud an ghairdín agus iad le feiceáil ó am go chéile, a ngrua-phúitsí lán acu agus iad ag filleadh ó cheann den na mionstórais.

    ReplyDelete