Tuesday, May 29, 2012

Lánúin Nua sa Ghairdín


Ar theacht go dtí an teach seo dúinn, d’iarr An Cosantóir orm na héan-tithe a bhí crochta ar na crainn thall is abhus a ghlanadh agus a dheisiú, rud a rinne.  Thugas faoi deara nach raibh teach dreoilín ina measc agus i rith an chéad gheimhridh sin, rinne mé ceann as giotaí adhmaid a bhí sa gharáiste.  Níor thúisce an teach sin crochta agam an bhliain dár gcionn nó b’in mo dhuine ag glacadh seilbh air agus ag fógairt don domhan mór go raibh togha lóistín ar fáil ach an bhean cheart a theacht á lorg.  D’éirigh go seoigh leis, chinn dreoilín baineann glacadh leis an tairiscint agus cromadh ar nead a thógáil agus ál a ghoradh agus a bheathú.  Lean an scéal amhlaidh go ceann 4-5de bhlianta, mé ag glanadh agus ag deisiú an éan-tí i ndiaidh don phéire agus a n-ál bailiú leo.  Agus le teacht an earraigh, chrochainn an teach an athuair. 

Mar is eol daoibh, is éan an-bheag é an dreoilín, ach is draíochta ceolmhar glórmhar canadh an éin chéanna.  Ní féidir bheith in iomrall faoi cheol an dreoilín.  Cumasc de rírá, mealladh agus bagairt, agus go bhfóire Dia ar an gcréatúirín nach dtuigeann an bhagairt.  Thart ar chúig bliana ó shin tosaigh bearna shuntasach i saol ceoil an ghairdín; muid in éagmais dreoilín in ainneoin go raibh an t-éanteach cóirithe i gceart agam.  In áit an dreoilín ghlac cnóshnag (Sitta europaea, Nuthatch) sealbh ar an teach ach ní raibh ar a cumas siúd an nead a chosaint ar an iora talún (Chipmunk) a chnaígh adhmad an pholl iontrála go dtí go raibh ar a chumas dreapadh isteach agus na huibheacha a ithe.  Bhain mé síos an t-éanteach agus é ar intinn agam ‘rud éigin a dhéanamh leis’, nó sin a dúirt mé léi féin.  Iontach mar a shleamhnaíonn na blianta thart, ceann i ndiaidh a chéile.  An geimhreadh seo caite agus mé ag cuardach ruda éigin, thugas an t-éanteach faoi deara, é ina shuí go huaigneach deannachúil i gcúinne san íoslach.  Dar le Bing, trastomhas d’orlach ba chóir a bheith sa pholl iontrála i dteachín do dhreoilín.  Dhruileáil mé poll den tomhas sin i ngiota miotail ó bhun channa beorach agus rinne an poll céanna i gcearnóg adhmaid.  Ghreamaigh mé an miotail den phíosa adhmaid le Gorilla Glue, na poill os cionn a chéile agus ansin ghreamaigh mé an t-iomlán d’aghaidh an éantí. 

Seachtain i ndiaidh dom an teach a chrochadh b’in éanín á iniúchadh.  Ar dhreoilín é?  N’fheadramar, ach seachtain anonn b’in arís é agus cipín ina ghob.  Isteach leis an gcipín, agus ceann eile agus ceann eile arís.  B’ansin a thosaigh an ceol, ó mhoch na maidine go fuineadh na gréine;  “Teach álainn sábháilte nuachóirithe i measc na gcrann agus chuile áis ann.”  B’in an teachtaireacht a bhí á fógairt aige, agus by dad, i gceann seachtaine bhí céile neide aige.
Tá camera bídeach Sony agam agus de réir an menu féadtar video a ghlacadh leis. Inné, cheangail mé an camera den tríchosach, zúmáil isteach ar bhéal an tí, bhrúigh an cnapa agus as liom go bun an ghairdín, i bhfad ón éanteach.  Trua nach féidir liom an video a roinnt libh (fiú dá mbeadh sin ceadaithe, ní thuigim conas a leithéid a dhéanamh).  30 nóiméad a leanann an video agus fústar thar a bhfaca riamh faoin mbeirt.  Go deimhin, tá lánúin nua sa ghairdín.

Sunday, May 20, 2012

Seachfhoinsiú de Chineál Eile

Sea, Seachfhoinsiú na Sean atá i gceist agam.  Sin an gnóphlean is bun le plota scannán a chonaic mise agus An Cosantóir inné.  ‘The Best Exotic Marigold Hotel’ is teideal dó agus cé gur aimsigh mé eithne an phlota go measartha tapa, bhain mé an-taitneamh as an scannán.  Aisteoirí a bhfuil sean-aithne againn orthu is ea na ‘expats’ a chinneann ar a mblianta deiridh a chaitheamh in óstán in India.  Agus tuige nach n-oibreodh an gnóphlean?  Tá an costas maireachtála níos lú agus cóir sláinte den scoth ar fáil ach breis bheag ar bheagán airgid a bheith ag duine.  Ar ndóigh, níl glaine na háite thar moladh beirte, tá amhras faoin gcóras séarachais agus ní plód go plód India. Mheas An Cosantóir go ndearna Judi Dench éacht sa pháirt a bhí aici ach maidir liom féin bhí an lá ag Maggie Smith agus an tslí a chuaigh sí i ngleic leis na Dalit, an aicme ar a dtugtar ‘Untouchables’.  Agus seo nath eile daoibh:  ‘Sa deireadh thiar thall, beidh gach ní sásúil, agus mura mbíonn sé amhlaidh, níl muid ag an deireadh thiar thall.’

Friday, May 18, 2012

Nótaí ón nGairdín

Ceapach na Luibheanna


Le blianta beaga anuas bíonn piobair mhilse agus ‘te’ agus basal ar fás agam i bpaiste beag talaimh cois bóthair.  Anuraidh chinn mé ar luibhghairdín a dhéanamh de.  Ar na luibheanna eile a bhí ar fás ann agus a raibh rath orthu bhí peirsile, tím, sáiste, marós, dragan Francach, oragán Gréagach agus cilantro.  Ionadh orm agus mé ag cóiriú na ceapaí le déanaí go bhfaca mé gur mhair an peirsile Iodálach (ach ní an cineál catach), an tím, an sáiste, an t-oragán agus an dragan thar geimhreadh agus an dealramh ar an scéal go bhfuil an cilantro ag athfhás ó shíol.  Agus an geimhreadh ag teannadh liom, d’ardaigh mé an dá phlanda marós a bhí ag fás i bpotaí agus d’aistrigh mé go dtí an tábla san íoslach iad mar a bhfuil ‘fás-shoilse’ (gro-light) againn.  I gceann míosa bhí an dá cheann feoite marbh, ainneoin go bhfuair siad idir uisce agus sholas.  ‘Bhing’ mé chun an chúis a aimsiú: easpa taise san aer, b’in an freagra.  I mbliana beidh ‘Ziploc’ móra bun os cionn orthu maille le maidí beaga bambú san ithir chun bac ar na plandaí tadhall leis an bplaisteach.

Thursday, May 17, 2012

Fiachra faoi Dhíon

Mór mo náire, ach ba é Dennis, an Frithchríostaí a chuir ar mo shúil dom go raibh an íomhá de Fiachra Naofa in éagmais cosaint ón síon.  Tharla go raibh píosa d’adhmad síonchaite sa gharáiste agus rinne mé foscadh dó.  B’éigean dom leas a bhaint as an splanc agus mé ag glacadh an phictiúr mar go raibh aghaidh na híomhá faoi scáth ón ngrian

Monday, May 14, 2012

Ár gComharsa Béal Dorais


Is cineál iora é, ceann beag.  Sna bólaí seo tugtar ‘chipmunk’ orthu.  Nuair a rinne mé tagairt do cheann díobh in úrscéal liom, thug mé ‘siopmonc’ air, ach is gnáth linne ‘Shima’ a thabhairt orthu.  Tharla go raibh cuairteoirí againn ón tSeapáin agus chuir siad an-suim san ainmhí beag.  Dealraíonn go gcoimeádtar mar pheataí iad sa tSeapáin agus ‘Shima risu’ mar ainm orthu.  Ionann sin agus ‘iora stríocach’ agus, ar ndóigh, sé Tamias striatus an t-ainm eolaíoch idirnáisiúnta. 



Friday, May 11, 2012

Nótaí ón nGairdín

Mion-nóta fánach:  An crann piorra áiseach atá ag fás mar espalier agam cois balla an gharáiste, is tearc an barr a fhaighim uaidh.  Easpa pailniú is cúis leis sin.  Dhá bhliain ó shin cheannaigh mé crann beag a raibh trí chineál piorra áiseacha beangaithe air.  I mbliana an chéad bhliain a bhláthaigh an crann nua agus b’álainn an radharc é.  Ní hamháin go raibh pailniú fónta ar an sean-chrann, ach bhí an crann beag nua breac le damhna torthaí.  N’fheadar an eol daoibh nach féidir ceadú dá leithéid?  B’éigean dom beagnach gach ceann díobh a bhaint sa chaoi nár fhág mé ach dhá bhleibe an ceann ar na trí bheangán. Loitfí an crann beag dá gceadóinn dó dul ar aghaidh leis an ualach a bhí air.  Focal scoir: nocht an chéad duilleog práta inné.