Sunday, April 29, 2012

An Fheirm

Seo daoibh toradh mo shaothair, a chairde. Tá 2,300 troigh chearnach iata ag an bhfál agus an dian-obair chun an talamh a thabhairt chun míntíreachais geall le bheith críochnaithe. Níl uaim inniu ach spléachadh a thabhairt daoibh ar chruth an iomláin. Beidh a thuilleadh le rá agam amach anseo faoi na plandaí atá curtha i dtalamh agam. Inniu, áfach, dírím bhur n’aire ar dhuibhe na línte. Ionann líne dubh dúbailte agus ceapach ardaithe, líne singil agus gnáthcheapach san ithir. Ionann poncanna agus plandaí aonar.

3 comments:

  1. Feirmeoir gnóthach, is cosúil..:-)

    ReplyDelete
  2. An-deas! Ach cá bhfuil an cró cearc?

    ReplyDelete
  3. Ag mo chomharsa, Dennis. Sin foinse m'aolaigh. Aspargas ar chac.

    ReplyDelete