Monday, February 13, 2012

Lá ‘le Vailintín

Cothrom an lá seo gach bliain, tagann chugam mar a bheadh cogar milis im chluas cuid de na línte filíocht ghrá is ansa liom:

Éirigh chugam a rún;

A ghile, gluais liom.

Seo anois, tá an geimhreadh thart,

Tá an bháisteach glanta feasta,

Tá an tír seo againne faoi bhláth.

(Laoi na Laoithe)

*******************

Mo Ghrá go daingean tú

Lá dá bhfaca thú ag ceann tí an mhargaidh

Thug mo shúil aire duit

Thug mo chroí taitneamh duit

D’éalaíos óm mhuintir leat

I bhfad ó bhaile leat

(Caoineadh Art Uí Laoire)

Agus machnaím ar cé chomh foirfe is a oireann siad dom scéal féin agus gan oiread is smid aithrí orm dá bharr.

3 comments:

  1. Ana dheas. Droim ar ais liomsa, ar ndóigh. D'fhuadaigh mé mo Vailintín ó thar lear ....

    ReplyDelete
  2. cén Ghaeilge atá ar 'softy' mór míofar? an-deas

    ReplyDelete
  3. Beagán maoithneach, b’fhéidir, ach ‘míofar’?

    ReplyDelete