Sunday, February 19, 2012

Díomhaointeas an Gheimhridh

‘Ná lig sinn i gcathú’ a deir an paidir, ach ‘Lig Sinn i gCathú’ a bhí ag Breandán Ó hEithir i gceann de na húrscéalta is greannmhara dar léigh mé riamh, agus is eagal liom gurbh ag leanúint comhairle Bhreandáin seachas an paidir a bhí mé feadh an
gheimhridh, geimhreadh nach bhfuil a dheireadh sroichte againn fós in Connecticut.

Tá luaite liom gur garraíodóir mé agus le blianta beaga anuas táid ann a deir gur imithe thar fóir atáim i bhfianaise m’aoise agus mo dhroim fhabhtach. Pé ar bith é, ag filleadh dúinn ar an díomhaointeas úd agus a tharlaíonn dá bharr, ag tosú thart ar Lá an Altaithe agus ag leanúint gan staonadh gan stad go dtí lár Mhárta, tagann na catalóga ina gcaise; catalóga maisithe le pictiúir de bhláthanna, bláthanna de fhoirfeacht, idir chruth agus dhath, nach bhfaca neach daonna riamh; catalóga de chrainn, de ghlasraí, de shíolta agus d’uirlisí ilghnéitheacha a maítear fúthu go ndéanann siad beag is fiú den jab is déine. Cathú iad uilig, sea, cathú.

Agus mé ar bhunscoil logánta Rialto i bhfad ó shin is cuimhin liom na focail a bhí ag an sean-Chaiticiosma faoi ghéilleadh don chathú:

‘He who fails in small things shall fall by little and little.’

Beag a thuig mé ag an am nach do ghoid úll ó ghairdín na comharsan a bhíothas ag tagairt, ach do mhealladh na gcatalóga. Súimín beag as an gceann seo agus súimíní fíorbheaga as na cinn eile agus i ndeireadh na dála tá a leithéid seo agat.

Dhá chrann coill; Trí fhíniúin; Dhá thor spíonán; Tor cuiríní dubha; Dhá chrann silíní; Dhá chrann úll; Crann Piorra Áiseach; Sé Labhras Sléibhe; Dhá chrann cuilinn; Sé Helleborus agus cnuasach raithneacha le dul leo.

Is leor sin chun blaiseadh den liosta a thabhairt daoibh, mar nílim chun cur síos ar na cineálacha síolta atá seachadta cheana féin, síolta nach gcuirfear roinnt díobh i dtalamh go dtí mí Bealtaine (Edamame agus puimcín, mar shampla) ná ar na plandaí eile a cheannófar in am trátha, ar nós trátaí agus piobair.

Ar fheiceáil an liosta seo do Chosantóir na mBilí, ar sí “You poor man. Couldn’t you take is easy, for once?”

Fíor di, ach níl dul as agam, nó sin a deirim liom féin i gcoim na hoíche.

2 comments:

  1. Nár laga Dia do dhroim, a Sheáin.

    Tá na plasóga agus na cosáin thart anseo loite ag an gcaonach i mbliana tar éis geimhreadh tais bog.

    ReplyDelete
  2. Go fiú caonach, tá a áilleacht féin ag baint leis. Agus mé fós bainteach leis an taighde cógaiseolaíochta, bhí cara liom a raibh cnuasach de gach cineál caonach mar aidhm aici agus ar na slite a bhí aici chun iad a bheathú agus a ghríosú bhí bainne géar a dhoirteadh ar charraigeacha a bhí suite faoi scáth. B’iontach ar fad a ‘Caonach-Ghairdín’ a fheiceáil. Thar a bhfaca mé riamh. Ná bí ag caitheamh anuas ar an gcaonach mar fásann siad in áiteanna nach bhfásann aon rud eile.

    ReplyDelete