Monday, December 31, 2012

Guth na nAingeal?


Bhí aithne agam ar Charlie agus bhaist mé a ainm, Oileán Charlie, ar oileán beag in úrscéal liom, ach dall ní raibh mé ar uaillmhian agus taicticí an fhir céanna.  Ar a shon sin is uile, táim ar aon intinn le Dame Ruth, óráidí den scoth a bhí ann agus é i mbun áitithe nó cur ar strae. 
Go ndéana Dia trócaire ar a anam.

Monday, December 24, 2012

Beannachtaí An Linbh Is Dia Oraibh Uile


(Is dócha ná a mhalairt go bhfuil an scéilín seo léite agaibh cheana, ach siúd is gur fíor geall le bheith gach tarlú ann, seo chugaibh arís é.) 

Cúpla Punt um Nollaig 


Im iarchéimí le Cheimic mé, bhí mé de shíor ar ghannchuid airgid.  Agus an Nollaig ag teannadh liom, ghlacainn post sealadach in Oifig an Phoist, Sráid an Phiarsaigh.  Níorbh éasca an dá thrá a fhreastail, idir thaighde agus Phost, mar bhíodh mo chomhairleoir taighde amhrasach fúm an tráth sin bliana, é de shíor am lorg sa tsaotharlann agus mo chomhthaighdeoirí ag cur mí-threoir air chun nach mbeadh teacht aige orm. 
I moch na maidine, i bhfad roimh éirí na gréine, síos liom ar mo shean-Vespa go Sráid an Phiarsaigh.  Agus an mála poist arna líonadh agam, amach liom ag seachadadh litreacha ó bhun barr Shráid Grafton agus sna foshráideanna a ghabhann aisti. 
I ngar do dheireadh mo “shiúil”, mar a thugtaí ar raon seachadta, thagainn uirthi, lá i ndiaidh lae, ag seasamh sa doras, gan focal aisti, ag feitheamh liom, an dóchas ag lonrú ina súile is mé ag teannadh léi, is ag múchadh nuair ba léir nach raibh rud ar bith agam di.  Lá i ndiaidh lae, maidin is iarnóin, b’in romham í.  Faoi dheireadh, i ngar cúpla lá don Nollaig, labhair sí. 
“Anything from England, sir?”
“No, Mam, not a thing.”
“You sure?  You can always tell, her picture on the stamp, you know.”
“Nothing today, Mam.  Maybe tomorrow.”
“Yeh, tomorrow.  Tomorrow for sure.”
Leag sí lámh ar mo mhála.
“He can’t get home, you know.  Terrible hard they are over there.  Never a bit of time off for the Paddies, he says.  So he sends me the few pounds, for the Christmas, like.”
Lá i ndiaidh lae, ach faic na fríde agam di. 
Agus mé ar mo shiúl deiridh roimh Nollaig, bheannaigh sí dom, ag guí “Happy Christmas” orm is ar mo mhuintir agus rith deor léi ó shúile gan dóchas síos gona smig chrón ghuaireach.
“It’s likely tied up in England,” arsa mise.  “Should be here the day after Steven’s.”
“Tied up in England, you say?  You’d think they’d make the effort, it being Christmas and all.”
Cúpla lá faoisimh agam sa bhaile agus ansin ar ais liomsa, mar aon le cúpla leaideanna eile ón ollscoil, chun fuílleach na Nollag a ghlanadh agus an oifig sórtála a chur ina gnáthriocht arís.  Agus, ar m’anam, bhí litir ó Shasana agam di.  Ach ar theacht fad lena doras dom, ní raibh sí romham.  Suas staighre liom, suas go barr an tí.  Chnag mé ar an doras ach freagra ar bith ní bhfuaireas.  Ghob ceann amach ó dhoras trasna an léibhinn uaim. 
“You looking for Maggie, Maggie Flynn?  Took bad, she was, Christmas morning, and rushed off to the Mater.”
Chuireas an litir im phóca agus ag deireadh mo shiúil, dhírigh mé ar an Mater agus ligeadh isteach chuici mé ar feadh bomaite. 
“Just like you said,” ar sí de ghuth lag.  “Held up in England.  Isn’t it nice of you to traipse all the way over here just to bring it to me.  I knew he’d never forget.  Me couple of pound at Christmas.”
Agus d’fháisc sí an litir lena hucht agus thit ina codladh.
Ar mo shlí amach dom, sméid an bhanaltra orm.
“You related?”
“No, just her postman.  She was expecting a letter.  How soon will she be out of here?”
“So that’s what she was going on about with her “held up in England, the hoors.”  I’m glad you got it to her for now she’ll calm down and maybe get a bit of sleep.  But as for her getting out of here, it’ll be a miracle if she sees the year out.”
Cúpla punt um Nollaig, cúpla domsa agus cúpla eile dise, agus suaimhneas croí di maille leo.

Saturday, December 22, 2012

Maidhm Shneachta


Má tá fáil agat air, caith súil ar an URL thíos, mar is éacht foilsitheoireachta í.  Is treise cumhacht an scéil más féidir leat fuaim a chur leis an alt trí challaire nó cluaisíní. 
 

 

 

Tuesday, December 18, 2012

Deora Ráchael


Is mar seo a deir An Tiarna

Cluineadh guth i Ráma

Caoineadh agus gol géar

Is í Ráchael I ag caoineadh a clainne

Mar nach bhfuil siad ann

(Irimia, 31, 15)
A fhios agaibh, ar ndóigh, faoin slad a rinneadh in Newtown, baile beag in Connecticut; scór leanaí agus seisear ban.  An Stát faoi bhrón.  Aréir i gceann dár nEaglaisí Caitliceacha, an eaglais a bhfreastalaím féin uirthi, tháinig maithe móra agus muintir an bhaile le chéile i gcuimhne na n-íospartach.  Bhí ó Anabhaistigh go Úinitéirigh ann, ag guí, ag canadh agus ag caoineadh. Deora go fras, strainséirí ag breith barróige ar a chéile, ag síneadh ciarsúirí, ag iarraidh coimeád leis na hiomainn in ainneoin na snaganna agus na tochtaíola. 

Saturday, December 8, 2012

Torthaí An Fhómhair, 2012


Prátaí (Norkotah)                               80 punt

Puimcín (Indiana Choice)                  90 punt

Scuais Gheimhridh (síol gan ainm)   160 punt

Biatas (Detroit)                                  35 punt

Piseanna (Lincoln)                             3 phunt

Gairleog (Iodálach)                            20 punt

Leitís (gearr is athfhás)                      raidhse

Súnna Craoibhe (Heritage)                10 bpunt

Trátaí, dhá short                                 35 punt

Luibheanna triomaithe (marós, tím, dragan, peirsil, basal:  go leor don bhliain)

Tá a bhfuil fágtha de na prátaí i gciseáin i ndorchadas fionnuar an íoslaigh. 

Na puimcíní agus na scuaiseanna, gearradh ina leath iad, glanadh na síolta astu agus róstadh ar feadh 90 nóiméad iad ag 400º F.  Baineadh an ‘fheoil’ astu, homaiginigh í le cumascóir tumtha agus tar éis ligean don slaod draenáil thar oíche i mála éadach cáise, steirilíodh an t-iomlán i bprócaí i mbrú-bhruthaire.  Anraith den scoth agus pióga blasta déanta as cuid de.

Tá na biatais cócaráilte, slisnithe agus stóráilte i bhfínéagar.

Na piseanna nár itheadh, táid reoite i ziploc agus beidh siad againn Lá Nollag

Bronnadh leath den gairleog i bhfoirm trilseán ar ár gcomharsa béal dorais.  An leath eile, tá sé ar crochadh san íoslach.  Úsáidim í le haghaidh stobhaigh, anlainn agus bruschetti.

Rinneadh subh agus pióga le roinnt de na súnna craoibhe.  An chuid eile, tá sí reoite, ag fanacht lena lá. 

Ní raibh rath ar na trátaí.  Tá thart ar galún anlainn de shaghsanna éagsúla déanta agam, ach ní den scoth ceann ar bith díobh. 

Seachas na giolcacha sú craoibhe, tá achan chrann, tor agus planda ilbhliantúil prúnáilte agam agus múnlaithe (shaped) nuair ba ghá sin ceal spáis. 

An bhliain seo chugainn ní bheidh ach crann amháin eile á chur agam lena bhfuil ann cheana, ach beidh orm uainíocht a chur i bhfeidhm ar phrátaí agus trátaí. 
Só, a chairde, sin sin go dtí teacht an earraigh.  Aghaidh dírithe agam anois ar an scríbhneoireacht.

Monday, November 19, 2012

Don Chaomhach


(Bhain mé ‘An Caomhach’ ó mo liosta blaganna inné, ach bhí cúis agam leis sin.  Seo an nóta a sheol mé chuig an mblag ar fhágáil dom.)

Mé ag scaradh libh, a mhuintir na cinnteachta. Sibh ró-shiúráilte, ró-intuartha agus gan imir de chaolchúis ag baint le bhur dtuairimí. Ní frithghiúdaí mé, arae tá beirt gharleanbh liom ar Giúdaigh iad. Sin ráite, áfach, ní féidir bheith dall faoina bhfuil ar siúl leis na blianta ag rialtas Iosrael agus ag sciar mhaith de na Giúdaigh Iosraelacha sa chríoch Phalaistíneach faoi forghabháil. Bí ag caint faoi phlandáil, coigistiú, coilíneachas agus imtheorannú. Chaith mé coicís in Iosrael tamall de bhlianta ó shin, in Tel Aviv, agus in Iarúsailéim. Thaitin Tel Aviv go mór liom, ach chuir a bhfaca mé in Iarúsailéim, in Oirthear Iarúsailéim ach go háirithe, déistin orm. Chuir sé línte as An Spailpín Fánach i gcuimhne dom; ‘bodairí na tíre ag tíocht ar a gcapall’, ach gurbh é ‘Fág an Bealach’ ba mhana do na bodairí Giúdacha agus gunna ar crochadh ag gach duine díobh. Cuireann a bhfuil fulaingthe agus atá fós le fulaingt ag na Palaistínigh dhá fhocal i gcuimhne dom, mar atá APARTHEID agus LEBENSRAUM agus rith Übermensch liom freisin.


Saturday, November 10, 2012

Caithigí Uaibh Na Piollairí


Well, bhí a fhios agam le fada an lá go raibh sásamh nach beag le baint as an ngarraíodóireacht, ach seo chugaibh píosa eolais a threisíonn an bharúil sin.  N’fheadar an eol daoibh, ach roinnt mhaith de na frithbheathaigh (antibiotics) a úsáidtear i míochaine daonna agus ainmhí, is i mblúirín ithreach a fuarthas den chéad uair iad.  Anois, áfach, tá trí ghrúpa eolaí tar éis a thuairisc go bhfuil baictéar ar leith a fhaightear go forleathan i mám ithreach, baictéar darb ainm Mycobacterium vaccae, a ghríosaíonn an corp chun breis séireatoinin a dhéanamh.  Agus, ar ndóigh, tá a fhios ag madraí an bhaile gurb é séireatoinin hormóin an tsonais.  Ní gealta iad na heolaithe sin, ná ‘huggers’ ach an oiread.  Gabhaigí misneach a chairde, téigí amach, tóg mám ithreach id lámha, cuimil é, bolaigh é, cogain blúirín de más maith leat, (ach ní gá sin).  Tá oiread agus is gá de Mycobacterium vaccae análaithe isteach agat cheana féin.  Anois, ní gá duit ach feitheamh ar an sonas, ar an áthas a theacht anuas ina chaise ort. 
Google nó Bing ainm an bhaictéir go bhfeice sibh gur fíor a deirim, gan aon agó.

Thursday, November 8, 2012

Cúpla Calóg, a Tuaradh

 
Sea, céad sneachta an gheimhridh agus gaoth sách láidir á shéideadh.  Agus mé ag déanamh ar an leaba tar éis dom 15 uair a chloig a chaitheamh ag obair ag an ionad vótála logánta, arsa an leaidín art an telly “Ní bheidh ann ach cúpla calóg agus ansin báisteach."  Well, troigh sneachta a thit orainne, ach cad faoi na daoine in Connecticut agus Nua Eabhrac agus New Jersey atá in éagmais cumhachta agus dídine?

Wednesday, October 31, 2012

Iarmhairt na Stoirme

Dhá chrann leagtha, ceann díobh mór sláintiúil a raibh airde de 60 troigh ann.  Le breis bheag agus bliain anuas tá lear mór crann caillte againn sa chaoi go bhfuil muid chun tús a chur le feachtas plandáil crann an tseachtain seo chugainn; Daracha, Feánna agus Mailpeanna a bheidh sa chéad dreas.  Agus iad i dtalamh, cuirfear plandaí agus toranna sa tsraith mheánach (understory) os a gcomhair agus ina measc.  Orthu san beidh Labhras sléibhe (Kalmia latifolia), ar bláth oifigiúil Connecticut é.



Tuesday, October 23, 2012

Lámh Acu ina Scriosadh Féin?



Alt ag Fintan O’Toole in Irish Times an lae inniu.  Suimiúil mar alt é agus é ar a dhícheall idirdhealú a dhéanamh idir ‘náire fhónta’ agus ‘náire urchóideach’.  Dar leis, measann móramh de mhuintir na hÉireann go bhfuil an ghéarchúis gheilleagrach a bhfuil siad gafa léi tuillte acu de bharr a míghnímh le linn Ré an Tíogair agus go nglactar leis an ualach geilleagrach do-fhulaingthe atá brúite orthu mar chineál aithrí as peacaí an tsochaí.  Maíonn sé nach bhfuil na fiacha sin inghlactha agus go gcaithfear diúltú dóibh, agus mar shampla den chineál diúltú a rinneadh cheana, luann sé bunú an eagraíocht ‘Cherish’ a tharla 40 bliain ó shin.  Eagraíocht ab ea í a chuir go láidir agus go héifeachtach i gcoinne náire agus drochíde ban ar rugadh leanbh dóibh lasmuigh den phósadh. 

Cuimhin go beo liomsa samplaí den náire agus den drochíde sin sular dhírigh mé ar an tír seo agus is cuimhin bean óg a cailleadh de dheasca iarracht a rinneadh ginmhilleadh a imirt uirthi chun an náire sin a sheachaint.  Ní cuimhin liom go raibh aon easpa measa agamsa ar na mná sin ná ar a leanaí.  Ach ag filleadh dom ar argóint O’Toole agus an gaol a shíleann sé a dhéanamh idir cás na mban úd agus cás na tíre faoi láthair, i bhfianaise a bhfaca mé ar mo chuairteanna iomadúla ar Éirinn le linn Ré an Tíogair, tá’s agam go raibh lear mór de mhuintir na tíre ar mire le saint, le cearrbhachas eastáit réadaigh, le caiteachas gan srian, le fiachas gan teorainn, agus ní chreidim gurbh iad na forbróirí amháin a bhí gafa leis an saint chéanna.  Go deimhin, chonac féin pinsinéirí agus mná tí a chreid go leanfadh praghas tithe ag éirí go deo na ndeor agus a chuaigh i bhfiacha dá réir, ach seo anois acu lá na ndeor. 
An ceart ag O’Toole nuair a deir sé go bhfuil fiacha poiblí na tíre do-fhulaingthe agus go gcaithfear teacht  ar shlí chun an t-ualach a laghdú roinnt, ach dar liom féin ní ‘náire urchóideach’ a bhraitheann na daoine, ach ‘náire fhónta’ as a n-iompar mire, agus súil agam go bhfuil an ceacht foghlamtha acu, faoi dheireadh, ach ní rachainn i mbannaí ar an nguí sin.

Thursday, October 18, 2012

Uibheacha na hArrachta

BOLG LE GRIAN

 
 
Well, seo iad, cúigear den seisear (an ceann eile rósta, scríobtha, reoite).  An dara ceann ar chlé, snoífear é ós é atá oráiste ina iomlán.  Na cinn eile, beidh siad ag imirt ‘Bolg le Grian’ go n-iompaíonn a ndath.  Pióg agus anraith puimcín is dán don cheathrar.  Na scuaiseanna gheimhridh ag aibiú fós san Fheirm, agus beidh go ceann seachtaine eile.

Friday, October 12, 2012

Focal de Dhíth?


Agus mé ag cur síos ar an gCuileann duillsilteach, luaigh mé nach raibh téarma Gaeilge ar ‘girdling’ ag Focal.ie.  Ar ndóigh, chuir mé an cheist orthu agus ba é a fuair mé mar mholadh, agus moladh measartha maith, dar liom, ná ‘crioslaigh’.  Deir An Cosantóir liom go bhfuil mé i bhfad ró-fussy (poilteáilte?), go mór mór i gcás beaichte téarmaí teicniúla.  N’fheadar an suáilce nó duáilce an phointeáilteacht chéanna, ach tar éis dom an freagra a fháil ó Jenny Ní Chumhaill ag Foras na Gaeilge, rith sé liom nach raibh an téarma Béarla thar moladh beirte agus go raibh sé d’uain againn téarma Gaeilge a chumadh a bheadh pas beag níos saibhre, níos tuairisciúla.  Cionn is gur rud olc é ‘girdling’ i gcomhthéacs na garraíodóireachta agus na feirmeoireachta de, cad faoi réimír a chur leis an bhfocal ‘crioslaigh’ chun nod a thabhairt don léitheoir faoi thionchar an ‘crioslaigh’ céanna?  Anchrioslaigh, nó ainchrioslaigh na moltaí atá agam. 
Bhur mbarúil, a chairde?

Tuesday, October 9, 2012

Seirindipíocht


Sea, ar uaire, Seirindip is ainm dom.  Tuige sin?  a deir tú. 
Seo mar a tharla.  Agus mé ag glanadh áit don Fheirm, tháinig mé ar stoc crainn a raibh an chuma air go raibh sé marbh.  Níorbh éasca an speiceas a aithint toisc easpa duilleoga agus a raibh ann den chrann, bhí sé tachta ag Oriental Bittersweet (Celastrus  orbiculatus), planda atá thar a bheith ionrach agus a mharaíonn crainn trí iad a thimpeallú agus a thachtadh (girdling: focal nach bhfuil ag Focal.ie).  Ghearr mé an bittersweet den stoc agus réab as an talamh é.  Ba thruamhéalach an feic é a raibh agam den chrann leathmharbh.  Ghearr mé de na géaga marbha agus phrúnáil mé siar a raibh ann d’adhmad beo.  Ansin dhírigh mé arís ar thógáil an fháil agus rinne mé dearmad ar an seanchrann.  Seachtain ó shin bhuail An Cosantóir isteach chugam. 
“Nach iontach an jab a rinne tú,” ar sí.
“Cén jab é sin?” 
“Tar go bhfeice tú.”
 
Dhírigh sí m’aire ar an seanchrann a tharla a bheith cúpla troigh lasmuigh den fál.  Seo pictiúir de.  Nach álainn é?  Cuileann Meiriceánach (Ilex verticillata) é.  Is crann duillsilteach é, ach nach álainn iad na caora dearga?

Wednesday, October 3, 2012

Comharthaí, Nodanna agus Tráth na gCeist.

I gcoim na hoíche is túisce a chloisim é an tráth seo bliana.  Im leathchodladh dom, is geall le teachtaireacht i gCód Morse é, ach é pas beag deacair aon chiall a bhaint as.  Go mall, mall ritheann sé liom nach teachtaireacht atá i gceist ach titim na ndearchán ar an deic lasmuigh.  Sé an chéad chomhartha é, roimh athfhás an fhéir, roimh chéad ruachan na máiplí, go fiú roimh bhuíochan an hiocaire, tosaíonn na dearcháin ag titim agus díríonn na hioraí go cíocrach ar a mbailiú.  Músclaím arís le céadsolas an lae agus seo chugam an dara chomhartha: hútáil na ngéanna ar a slí ó dheas.  As sin amach tagann na comharthaí ina gcaise: deireadh leis na trátaí agus leis na súnna craoibhe, ruachan na gconbhaiscní agus ildathú na máiplí.  Agus an teocht ag titim istoíche, cloisim torann na foirnéise agus meabhraím ar phraghas na hola agus cá mhéad connadh adhmaid atá geartha, scoilte, carntha agam le hais an tí.  Cá fhad anois go dtí an chéad sioc marfach?  An mbeidh sé chugainn go luath i mbliana?  An mbeidh na scuaiseanna abaí roimh a theacht?  Seo an chéad bhliain dom scuais/puimcín a fhás.  Dhá chineál a chuir mé i dtalamh, Puimcíní Oráisteacha Samhna agus Scuaiseanna Bánliatha Geimhridh.  Iad ar aon ollmhór cheana féin ach neamhaibí.  Na páistí béaldorais ag tnúth le ceann mór oráiste uaim.  Gheall mé ceann dóibh.  Arbh fhearr ceann glas-oráiste a bhaint agus é a choimeád istigh ag súil go n-aibeoidh sé in am?  Bainfidh mé triail as, ach cá bhfios?  Tráth na gCeist, gan dabht.

Tuesday, September 25, 2012

Gerry Naofa In Connecticut


Sa nuachtán logánta léigh mé go mbeidh Gerry Adams mar aoi ag oscailt ‘Músaem An Ghorta Mhóir’ ar láthair Quinnipiac University (Hamden, CT) ag an deireadh seachtaine.  Dealraíonn nach eol do lucht na hollscoile iomlán stair Gerry, nó sin a dúradh liom mar fhreagra ar r-phost a sheol mé chucu. 

Monday, September 17, 2012

Bláthach Abú


 
Seo daoibh ‘Cailín Deas Crúite na mBó’ agus raidhse bláthaí aici daoibh.  Agus mé ag cur síos ar m’oideas d’arán caiscín ar mo bhlag, thagair mé d’easpa bláthaí sa tír seo agus go raibh orm slimbhainne a aigéadú le fínéagar.  Well, cé nach bhfuil fail agamsa ar thairgeadh Colleen fós, beidh mé ag caitheamh súil ar sheilfeanna an ollmhargadh logánta, féachaint ar ghéill an banaisteoir do m’achainí.   http://www.nytimes.com/2012/09/12/dining/buttermilk-often-maligned-begins-to-get-its-due.html?pagewanted=all
 

Tuesday, September 4, 2012

An Arracht


Níor lena leithéid a bhí mé ag súil, arae níor thriail mé an barr seo cheana.  Ach gur thug Gina,  gruagaire mo chéile, cúpla síol dom, ní thriailfinn riamh é.  Leor domsa an puimcín a cheannaíonn An Cosantóir gach bliain ag tús Mhí na Samhna.  Dhá mhullóg bheaga a rinne mé d’ithir mhaith i lár na Feirme, ceann do shíolta Gina, ceann do puimcíní oráiste Oíche Shamhna, airde troigh I ngach mullóg.  I gceann seachtaine, phéac gach síol díobh agus níor fhág mé ach trí shíológ i ngach mullóg.  Ansin rinneamar ar Virginia chun slán a fhágáil leis an mac is óige agus a chlann agus iad ar tí bualadh leo go Napoli, mar a gcaithfidh siad 3 bliana.  Fás maith fúthu agus muid fillte abhaile agus ba léir go raibh cosa fúthu cheana féin.  Níorbh fhada, áfach,  go rabhamar ar ár slí go dtí an tSeapáin.  Coicís thaitneamhach a chaitheamar sa tír sin agus an teanga ag filleadh orm ar chosa in airde.  Faoi dheireadh na saoire, b’in mé ag argóint praghsanna le fear nó bean an tsiopa. 

Tuirseach, traochta a bhíos ar fhilleadh abhaile dúinn agus bhí cúpla lá ann sular thug mé faoin Arracht a raibh an ceathrú cuid den Fheirm gafa aici cheana féin.  Sea, tá’s agam go raibh dhá chineál scuais ar fás agam, ach faoin am a d’fhill muid abhaile, níorbh fhéidir idirdhealú eatarthu, iad claochlaithe ina nArracht mhór amháin.  Bhí leath de na tráta-phlandaí leagtha aici, ceapach ardaithe amháin gafa ina iomlán agus dhá chrann piorra geall le bheith tachta aici.  An t-amadóir atá i bhfeighil uisciú na mbarr, ní raibh teacht agam air gur ghearr mé bealach chuige.  Tá ar a laghad leathdhosaen scuais gheimhridh (Winter Squash) agus trí phuimcín oráiste le feiceáil anois agus seans go bhfuil cúpla ceann eile faoi cheilt na nduilleoga móra glasa.  Teorainn curtha agam anois le ‘Réimse na bPuimcíní’ agus castar siar le lámh láidir nó lámh bhog gach iarracht a dhéantar a thuilleadh talaimh a ghabháil.  Fanfaidh an scéal mar atá go dtaga céad sioc an fhómhair, nuair a nochtfar gach atá ceilte orm anois.  Seo pictiúr daoibh den Chosantóir le taobh na hArrachta. 
 
 
(Cé gur mhaith liom an locht a leagadh ar Google, is ormsa a thiteann sé an iarracht seo.  Praiseach cruthanta a rinne mé agus cuntas g-mail á bhunú agam.  Mó bhuíochas le hÁine as sibh a chur ar an eolas fúm, mé gan a bheith fós faoin gcré atá i gceist agam.)

Thursday, August 16, 2012

Mise Seán, Tusa Áine

Go tobann feicim lear mór de shean-bhlagmhíreanna ó ‘Mise Áine’ ar mo scáileán.  An amhlaidh d’éinne eile?

Wednesday, August 15, 2012

Ón bhFeirm

Cuireadh na prátaí, ‘Norkotah’, 3 phunt díobh, 22 síolphráta, i dtalamh 16 Aibreán agus baineadh iad inné, 14 Lúnasa.  Ba sa phlota ‘P’ (http://seano-thallisabhus.blogspot.com/2012/04/fheirm-cuid-do.html) ar an bplean a cuireadh iad, píosa talún nár fhás a dhath ann roimhe.  Tar éis gur baineadh 3 thonna clocha as an bpaiste sin, cuireadh seagalach bliantúil ag fás ann Mí Dheireadh Fómhair agus treabhadh an barr sin i dtalamh i lár Mhí Mhárta i mbliana.  OK, a deir sibh, toradh na hoibre?  Ó 3 phunt síolphrátaí, bhaineas 80 punt glan de bharr.  Agus seo pictiúr den cheann is mó díobh.  1.032 kg, (36 unsa). 

An fhaid a bhíomar sa tSeapáin, rinne na guird ionradh ar na plandaí taobh leo; leagadh leath de na trátaí, tachtadh crann amháin úill agus glacadh seilbh ina iomlán ar cheapach ardaithe.  Cinnte, beidh puimcíní geimhridh agus oráiste againn i gceann dhá mhí, ach b’éigean dom an scian a tharraingt ar na féithleoga rábacha a bhí ar a ndícheall an fheirm ar fad a ghabháil.  Rud thar a bhfaca mé riamh agus é uilig tarlaithe laistigh de choicís!!  Nod don té a chuirfeadh guird: ná téigh ar saoire agus caith súil ghéar orthu go laethúil. 

Sunday, August 12, 2012

Athrú Ceannais, Sasebo, 2 Lúnasa 2012

Bain de an gleo, na bratacha agus an feisteas bán míchompordach a chaitheann na príomhaisteoirí, agus is searmanas é atá thar a bheith simplí agus suaithinseach.  Ar eitealdeic an Bonhomme Richard tá triúr mac máthar ina seasamh; Aimiréal agus beirt Chaptaen; duine díobh siúd ina Chomadóir, and duine eile ina Leaschomadóir.  Arsa an tAimiréal leis an gComadóir “Léigh d’orduithe.”

‘Scar ón lonnú seo inniu agus i gceann míosa cláraigh tú féin ag X.’

Ag díriú ar an Leaschomadóir, cuirtear an cheist chéanna.

“Glac ceannas láithreach ar PHIBRON 11.”

Cúpla focal ón Séiplíneach dírithe ar ‘An Athar Neamhaí’, agus sin sin.

Ruaille buaille, Rí Rá, Bualadh bas.  Dhá bhláthfhleasc mhóra, ceann do chéile an Chomadóra nua, ceann do Chosantóir na mBilí agus ar aghaidh leis an gceiliúradh.  Bia den scoth ó chistineacha an flotilla, ach gan deor alcóil ar fáil.

Chéad dualgas an Chomadóra nua?  Seasamh i lár an aonaigh, é timpeallaithe ag an bPreas logánta, a theangaire oifigiúil lena ais.  Chuir sé Seóthriall i gcuimhne dom.  By Dad, ach tá oiliúint nach beag faighte ag an leaid sin, a deirim liom féin.

Dhá uair a chloig ó thús go deireadh.  Agus geall le bheith gach éinne bailithe leo, tionlacann an Comadóir nua an tIarchomadóir go dtí an dug.  Dhá fheadaíl, agus ón gcallaire cloistear den chéad uair ‘Bonhomme Richard departing’, ag tagairt don Chomadóir nua agus an ‘nasc pósta’ atá idir é agus an long.


Saturday, August 11, 2012

Feicim… Ní Fheicim


Seans ann nach ar Google atá an milleán.  Seans gurb ar mo bhaithis féin atá sé, le fíor.  Cheannaigh mé fón póca, ceann atá i bhfad níos ildánaí ná an seancheann nach n-úsáidim ach in am an ghátair.  Ba le linn dom an ceann nua a chur in oiriúint dom féin a d’éalaigh an seanbhlag uaim sa chaoi nár fhéad mé teacht air.  Dar le Dennis, bhí sé ‘inutile’, ach bhí teacht ag Aonghus air i gcónaí.  In ionad bheith ag iarraidh nithe dá leithéid a thuiscint, bhunaigh mé blag nua (An Focal Fánach) agus ar aghaidh linn go dtí an tSeapáin.  Ar fhilleadh dom, bhí teacht agam arís ar an seanbhlag maille le gach ar scríobh mé air leis na cianta. 

An Focal Fánach ar fionraí.  É rite liom go n-oirfeadh sé do ghiotaí scríbhneoireachta a mheastar go coitianta a bheith ‘neamhoiriúnach’.  Cuir i gcás, giotaí as úrscéal liom faoin ‘Maighdean Mhara/Selkie/Murúch.  Tharla gur cáineadh an saothar céanna le déanaí ar chúiseanna nach rabhthas sásta a mhíniú dom, seachas a rá go raibh sé ‘neamhoiriúnach’.  (Blas caint m’athar féin ar a leithéid agus é ag bac orm (agus mé in aois a deich) freastal ar “Juno and The Paycock”.)  Pléascadh na collaíochta idir an rón-bhean agus an feirmeoir, seans go ndeachaigh mé beagán thar fóir leis an gcur síos.  Ah, well.  Ní raibh mé ach ag tarraingt as mo shaoltaithí féin, nó sin a mhaífidh mé, pé ar bith é.     

Thursday, August 9, 2012

N'fheadar Cá Raibh Sé Faoi Cheilt


OK, muid fillte abhaile ón tSeapáin agus raidhse agam le hinsint daoibh (tráth a mbeidh mo chiall fillte orm, an t-am-mhearbhall glanta agus cúpla uair oibre déanta sa Fheirm.  Bíodh sin mar atá, an fhadhb is mó agam faoi láthair, cá raibh an sean-bhlag faoi gceilt?

Saturday, July 14, 2012

An IDA agus FDI don Bhliain 2011

Ar ndóigh, bíonn tuarascáil bhliantúil eagraíocht ar bith rud beag (nó rud mór) féinmholtach, ach is fiú súil a chaitheamh ar thuarascáil an IDA don bhliain 2011.  Táid ann a deir gurb é an ráta cáin chorparáideach amháin is cúis leis an FDI (foreign direct investment), ach tá a fhios ag madraí an bhaile nach é sin amháin atá i gceist agus comhlacht ag cinneadh ar infheistíocht a dhéanamh in Éirinn.  Bhí mé féin páirteach mar chomhairleoir do chomhlacht cógaseolaíochta Meiriceánach agus iad ag déanamh ‘due diligence’ féachaint arbh fhiú an tsaotharlann a bhí acu in Éirinn a fhorbairt.  Bí cinnte nárbh é an ráta cánach an cloch ba mhó ar an bpaidrín acu: fáil ar dhaoine a mbeadh a scileanna cuí acu, b’in an cheist ba mhó a bhí le freagairt againn.  Agus d’fhreagair, agus cruthaíodh 200 post dá bharr.  Anois, a chairde, caith súil ar an tuarascáil, as Gaeilge.

http://www.idaireland.com/news-media/publications/annual-reports/accesible-versions/2011/pdf/IDA-Annual_Report_2011-Irish.pdf

Thursday, July 5, 2012

Orgánach Abú?




Seans go bhfuil in bhur measc duine nó beirt a chreideann gur ‘fearr’ bia orgánach ná bia ‘neamhorgánach’.  Well a chairde, tá torthaí an fhiosraithe is déanaí ar an gceist seo ar fáil, agus creid é nó ná creid, ach níl puinn difir eatarthu.  Ach, deir tú, mórchomhlacht idirnáisiúnta a rinne an suirbhé, nárbh ea?  Dheara, níorbh ea.  Grúpa Orgánach Lochlannach a rinne agus a d’fhoilsigh.  Seo daoibh URL.

http://www.irishtimes.com/newspaper/opinion/2012/0705/1224319427071.html

Wednesday, July 4, 2012

Nótaí ón nGairdín (Tús Iúil)

Sárbharr piseanna. Lincoln le cur arís an bhliain seo chugainn.

An chéad bharr biatais bainte, beirithe, scabhta, stórtha i bhfínéagar.

Síolta biatais agus cairéid i dtalamh.

Gairleoga bainte:  triomaithe agus trilseánaithe cheana féin.

Deireadh le bláthú ar phrátaí.

Leitís as cuimse.  Baintear le siosúr.  ‘Gearr agus athfhás’. 

Bláthanna fireannaigh ag oscailt ar na puimcíní agus bachlóga baineannaigh le feiceáil.

An carn múirín ag coipeadh.  Gal ag éirigh as.  Breá liomsa an boladh, murab ionann agus daoine eile. 

Córas uiscithe ag feidhmiú.  Aisréadóir rothlach ar sheastán suite tríchosach d’airde 4 throigh.  Amadóir leis.  Dhá uair a chloig gach tríú lá, 5:30 – 7:30 am.  Soláthar uisce ó osán faoi thalamh ón teach go dtí An Fheirm.
Naomh Fiachra i réim.  Mé sásta le toradh na hoibre.

Friday, June 22, 2012

Rún na nGallán

Faoi dheireadh tá an leabhar is nua liom i mo lámha.  Agus más suim leat úrscéal a bhfuil idir ghrá, chairdeas, uabhar, theangeolaíocht, uisce faoi thalamh agus amthaisteal ag baint leis, agus 7.50 agat le caitheamh air, téigh sa seans agus ceannaigh é. 



Go mbaine sibh oiread taitnimh as is a bhain mise as an gcumadh. 

Piseanna, An Aimsir, Dóchas agus An tÁdh.


Gach bliain um an taca seo deirim leis an gCosantóir gan ligean dom, an t-earrach seo chugainn,  am, foighne, ceapach mhéith agus airgead a chur amú ar chur piseanna.  Ach, tá an-dúil agam i dtoradh an bharr céanna agus ina theannta sin, tá tábhacht shiombalach ag baint le piseanna; siad an síol is luaithe a chuirtear i dtalamh, thart ar, nó go fiú roimh Lá ‘le Pádraig.  Fógraíonn siad go bhfuil greim an gheimhridh ag lagú, go bhfuil an dúlra ag múscailt agus go bhfuil bliain nua chugainn.  Arae, níor thaise dom i mbliana.  Cé i dtalamh iad roimh an bhFéile, bhí siad mall ag péacadh, fíormhall ag bláthú agus faoin am sin bhí an teocht éirithe thar réim a bhfáis.  Bhain mé barr beag tá seachtain ó shin ann.  “Sea,” a deirim liom féin.  “Caitheann sí comhairle mo leasa a chur orm an t-earrach seo chugainn.”    

Inniu, bhí orm aire a thabhairt do na trátaí.  Roinnt díobh faoi bhrú ag an  Scoiltbholb (Cutworm, Foclóir Talmhaíochta).  Sin déanta agam, chaith mé súil ar na piseanna.  N’fheadar arbh é gur roghnaigh mé cineál difriúil i mbliana (Lincoln), nó cúinsí aimsire, atá an-ghuagach le tamall, nó an phaidir sin a dhírigh mé aníos agus mé á gcur, ach, go tobann, tá an-rath ar na piseanna agus go leor bainte agam inniu le roinnt díobh a scillig agus a reo.  Beidh siad san againn Lá an Altaithe. 

Ababú, a chéile.  Ná bac leis an gcomhairle um earrach!! 

Thursday, June 21, 2012

Baol Na Ró-Ghlaine?


Arís is arís eile le blianta beaga anuas, feicim altanna sna nuachtáin agus sna hirisí eolaíochta a léim, iad uile ag tagairt don fás atá tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil ailléirgí acu, pé acu do bhianna, deannach, nó fiú dá gcorp féin (Galar Crohn agus Drólainnítis).  Táthar den bharúil anois gurb é an ró-ghlaine is cúis le roinnt mhaith den fás seo.  Tá alt suimiúil intuigthe in NYT an lae inniu.

http://www.nytimes.com/2012/06/21/opinion/lets-add-a-little-dirt-to-our-diet.html

Slad is Creachadh


Maidin inné, baineadh siar as An gCosantóir nuair a chonaic sí go raibh ceann dá hionaid bheathaithe éan, (a ceann ar a dtugaimid ‘The Tank’ cionn is gur as cruach dó), briste réabtha.  Am dinnéir chonaic muid an coirpeach.  Seo pictiúr daoibh; máthair agus ceann amháin dá triúr coileán agus iad teite suas i gcrann ar imeall na coille. 

Wednesday, June 20, 2012

Blúiríní Barrúla


Mar is eol daoibh, más suim libh aon chuid dem rámhaillí ar an mblag seo, ba é ba chúis le tógáil an fháil timpeall na Feirme, ná na fianna a chur ó bheith ag innilt ar mo chuid plandaí.  Ní hé go raibh fúm iad a bhac ar fad, rud a éileodh airde de 8 dtroigh ar a laghad san fhál.  Sé throigh is airde dó, cuaille gach 8 dtroigh agus mogalra plaisteach dubh ceangailte leis go talamh.

Is iontach na nithe a thagann chun solais agus duine ina shuí gan chorraí sa ghairdín ar feadh tamaill.  Mar shampla, cionn is nach ndearna mé iarracht ar bith aon chuid den fhál a chur faoi thalamh, tá saorchead ag na hioraí talún sleamhnú isteach faoin mogalra.  Agus mé ag glacadh scíthe tamall ó shin, chonac beirt díobh ag imirt cleas nua leis an bhfál.  Rithidís ina threo agus i bhfogas slat nó dhó ón bhfál, léimidís san aer sa chaoi go mbuailfidís i gcoinne an mhogalra agus go n-aisteilgfí ar chúl iad.  Arís agus arís eile a lean siad leis an gcleas sin, an mogalra mar thrampailín ingearach acu.  A luaithe is a chorraigh mise, amach leo faoin mogalra.

Arís eile, má tá saorchead isteach ag na hioraí beaga, is amhlaidh, freisin, do na coiníní.  Deacracht ar bith ní bheadh acu brú isteach faoin mogalra.  Ach creidim nach bhfuil a leithéid déanta ag coinín ar bith, go nuige seo ar aon nós.  Agus cad is bun leis an gcreideamh sin, a deir tú?  Cionn is nach bhfuil oiread is greim amháin bainte as an lear mór leitíse atá ag fás i dtrí cheapach agam.  Meastar go coitianta sna bólaí seo gur ainmhí bómánta é an coinín, ach seo bómántacht thar a bhfaca mé riamh.
Ar na plandaí atá ar fás agam tá ceithre fhíniúin.  Dhá cheann díobh, is cineál iad a dtugtar Interlaken.  Ní fheicimse difear ar bith idir duilleoga Interlaken agus na fíniúnacha eile, ach dealraíonn go bhfuil difear eatarthu, mar siad na duilleoga sin atá á n-ithe ag créatúr éigin i rith na hoíche.  Mé chun an t-éancheamara a chur ag obair anocht féachaint cé an gourmand nach n-itheann ach duilleoga Interlaken.

Sunday, June 17, 2012

Pedro


Sé seo an t-oibrí is nua ar an bhFeirm.  Bhaist mé Pedro air, rud a chuir le cuthach é.  Dealraíonn nach neach daonna é.  Dar leis féin is de chine na nGnóman é agus roghnaigh sé Spáinnis mar a theanga labhartha leis an gcine daonna.  Tá cúpla focal Béarla aige, ach ós rud é go mbím ag labhairt liom féin as Gaeilge agus mé ag obair sa ghairdín, tá deacrachtaí cumarsáide againn.  Ní hamháin sin, ach ar chéad theacht dó chugam, d’iarr mé air carn clocha agus carraigeacha a lódáil isteach sa bharra rotha.  Tugadh le fios dom nach ‘bracero’ é agus mar chomhartha ar a chumhacht, leag sé ortha ar an mBurro sa chaoi nach raibh ar mo chumas é a chur ag obair.  N’fheadar an mbeidh aon chomhthuiscint eadrainn, nó an mbeidh orm é a dhíbirt sula leagann sé ortha de chineál éigin ormsa. 

Friday, June 8, 2012

An Calcalas Difreálach

An bharúil faoin gCalcalas Difreálach a nocht Dennis le déanaí “Tá mé níos cinnte ná riamh anois gur ortha uimhriúil atá ann”, chuir sí ag smaoineamh mé ar an gcaoi a gcuireann Matamaitic i gcoiteann, agus An Calcalas go háirithe, as do dhaoine. Imní, mearbhall, agus breoiteacht is minice a bhraitheann lear mór daoine agus iallach á chur orthu aghaidh a thabhairt ar an earnáil seo den scolaíocht. Agus, im thuairimse, is trua sin, mar, má fhágaimid an nodaireacht ar leataobh, is fíorshimplí iad an dá bhun-idé ar a mbunaíodh An Calcalas.

1. Ráta an athrú (ar luas, mar shampla; luas seasta, ráta = 0)

2. Cá fad a taistealaíodh? (ar luas seasta, nó ar luas athraitheach)

Creid é nó ná creid, ach sin iad an dá rud is gá a thuiscint. Thairis sin, is ornáidiú nó ‘twiddly bits’ gach rud eile a chuirtear leis na cothromóidí. Sa chás a ba bhun leis an téad seo, sé a bhí i gceist ná teacht ar an líon daoine nua ar ghá dóibh tosú ar an teanga a fhoghlaim chun buan- mharthanacht a chinntiú don teanga. Baintear leas as an gcóras céanna chun teacht ar an bhfuinneamh is gá chun satailít a chur i bhfithis. Ná lig do leithéid dy/dx∫_x^y mearbhall a chur ort. Níl iontu ach nodanna nó ‘shorthand’ a chruthaigh Leibnitz agus é ag iomrascáil le gluaiseacht na bpláinéad agus níl de dheacracht iad a fhoghlaim thar mar a bheadh agat agus tú ag teacht isteach ar an aibítear Gréagach.

Tuesday, May 29, 2012

Lánúin Nua sa Ghairdín


Ar theacht go dtí an teach seo dúinn, d’iarr An Cosantóir orm na héan-tithe a bhí crochta ar na crainn thall is abhus a ghlanadh agus a dheisiú, rud a rinne.  Thugas faoi deara nach raibh teach dreoilín ina measc agus i rith an chéad gheimhridh sin, rinne mé ceann as giotaí adhmaid a bhí sa gharáiste.  Níor thúisce an teach sin crochta agam an bhliain dár gcionn nó b’in mo dhuine ag glacadh seilbh air agus ag fógairt don domhan mór go raibh togha lóistín ar fáil ach an bhean cheart a theacht á lorg.  D’éirigh go seoigh leis, chinn dreoilín baineann glacadh leis an tairiscint agus cromadh ar nead a thógáil agus ál a ghoradh agus a bheathú.  Lean an scéal amhlaidh go ceann 4-5de bhlianta, mé ag glanadh agus ag deisiú an éan-tí i ndiaidh don phéire agus a n-ál bailiú leo.  Agus le teacht an earraigh, chrochainn an teach an athuair. 

Mar is eol daoibh, is éan an-bheag é an dreoilín, ach is draíochta ceolmhar glórmhar canadh an éin chéanna.  Ní féidir bheith in iomrall faoi cheol an dreoilín.  Cumasc de rírá, mealladh agus bagairt, agus go bhfóire Dia ar an gcréatúirín nach dtuigeann an bhagairt.  Thart ar chúig bliana ó shin tosaigh bearna shuntasach i saol ceoil an ghairdín; muid in éagmais dreoilín in ainneoin go raibh an t-éanteach cóirithe i gceart agam.  In áit an dreoilín ghlac cnóshnag (Sitta europaea, Nuthatch) sealbh ar an teach ach ní raibh ar a cumas siúd an nead a chosaint ar an iora talún (Chipmunk) a chnaígh adhmad an pholl iontrála go dtí go raibh ar a chumas dreapadh isteach agus na huibheacha a ithe.  Bhain mé síos an t-éanteach agus é ar intinn agam ‘rud éigin a dhéanamh leis’, nó sin a dúirt mé léi féin.  Iontach mar a shleamhnaíonn na blianta thart, ceann i ndiaidh a chéile.  An geimhreadh seo caite agus mé ag cuardach ruda éigin, thugas an t-éanteach faoi deara, é ina shuí go huaigneach deannachúil i gcúinne san íoslach.  Dar le Bing, trastomhas d’orlach ba chóir a bheith sa pholl iontrála i dteachín do dhreoilín.  Dhruileáil mé poll den tomhas sin i ngiota miotail ó bhun channa beorach agus rinne an poll céanna i gcearnóg adhmaid.  Ghreamaigh mé an miotail den phíosa adhmaid le Gorilla Glue, na poill os cionn a chéile agus ansin ghreamaigh mé an t-iomlán d’aghaidh an éantí. 

Seachtain i ndiaidh dom an teach a chrochadh b’in éanín á iniúchadh.  Ar dhreoilín é?  N’fheadramar, ach seachtain anonn b’in arís é agus cipín ina ghob.  Isteach leis an gcipín, agus ceann eile agus ceann eile arís.  B’ansin a thosaigh an ceol, ó mhoch na maidine go fuineadh na gréine;  “Teach álainn sábháilte nuachóirithe i measc na gcrann agus chuile áis ann.”  B’in an teachtaireacht a bhí á fógairt aige, agus by dad, i gceann seachtaine bhí céile neide aige.
Tá camera bídeach Sony agam agus de réir an menu féadtar video a ghlacadh leis. Inné, cheangail mé an camera den tríchosach, zúmáil isteach ar bhéal an tí, bhrúigh an cnapa agus as liom go bun an ghairdín, i bhfad ón éanteach.  Trua nach féidir liom an video a roinnt libh (fiú dá mbeadh sin ceadaithe, ní thuigim conas a leithéid a dhéanamh).  30 nóiméad a leanann an video agus fústar thar a bhfaca riamh faoin mbeirt.  Go deimhin, tá lánúin nua sa ghairdín.

Sunday, May 20, 2012

Seachfhoinsiú de Chineál Eile

Sea, Seachfhoinsiú na Sean atá i gceist agam.  Sin an gnóphlean is bun le plota scannán a chonaic mise agus An Cosantóir inné.  ‘The Best Exotic Marigold Hotel’ is teideal dó agus cé gur aimsigh mé eithne an phlota go measartha tapa, bhain mé an-taitneamh as an scannán.  Aisteoirí a bhfuil sean-aithne againn orthu is ea na ‘expats’ a chinneann ar a mblianta deiridh a chaitheamh in óstán in India.  Agus tuige nach n-oibreodh an gnóphlean?  Tá an costas maireachtála níos lú agus cóir sláinte den scoth ar fáil ach breis bheag ar bheagán airgid a bheith ag duine.  Ar ndóigh, níl glaine na háite thar moladh beirte, tá amhras faoin gcóras séarachais agus ní plód go plód India. Mheas An Cosantóir go ndearna Judi Dench éacht sa pháirt a bhí aici ach maidir liom féin bhí an lá ag Maggie Smith agus an tslí a chuaigh sí i ngleic leis na Dalit, an aicme ar a dtugtar ‘Untouchables’.  Agus seo nath eile daoibh:  ‘Sa deireadh thiar thall, beidh gach ní sásúil, agus mura mbíonn sé amhlaidh, níl muid ag an deireadh thiar thall.’

Friday, May 18, 2012

Nótaí ón nGairdín

Ceapach na Luibheanna


Le blianta beaga anuas bíonn piobair mhilse agus ‘te’ agus basal ar fás agam i bpaiste beag talaimh cois bóthair.  Anuraidh chinn mé ar luibhghairdín a dhéanamh de.  Ar na luibheanna eile a bhí ar fás ann agus a raibh rath orthu bhí peirsile, tím, sáiste, marós, dragan Francach, oragán Gréagach agus cilantro.  Ionadh orm agus mé ag cóiriú na ceapaí le déanaí go bhfaca mé gur mhair an peirsile Iodálach (ach ní an cineál catach), an tím, an sáiste, an t-oragán agus an dragan thar geimhreadh agus an dealramh ar an scéal go bhfuil an cilantro ag athfhás ó shíol.  Agus an geimhreadh ag teannadh liom, d’ardaigh mé an dá phlanda marós a bhí ag fás i bpotaí agus d’aistrigh mé go dtí an tábla san íoslach iad mar a bhfuil ‘fás-shoilse’ (gro-light) againn.  I gceann míosa bhí an dá cheann feoite marbh, ainneoin go bhfuair siad idir uisce agus sholas.  ‘Bhing’ mé chun an chúis a aimsiú: easpa taise san aer, b’in an freagra.  I mbliana beidh ‘Ziploc’ móra bun os cionn orthu maille le maidí beaga bambú san ithir chun bac ar na plandaí tadhall leis an bplaisteach.

Thursday, May 17, 2012

Fiachra faoi Dhíon

Mór mo náire, ach ba é Dennis, an Frithchríostaí a chuir ar mo shúil dom go raibh an íomhá de Fiachra Naofa in éagmais cosaint ón síon.  Tharla go raibh píosa d’adhmad síonchaite sa gharáiste agus rinne mé foscadh dó.  B’éigean dom leas a bhaint as an splanc agus mé ag glacadh an phictiúr mar go raibh aghaidh na híomhá faoi scáth ón ngrian

Monday, May 14, 2012

Ár gComharsa Béal Dorais


Is cineál iora é, ceann beag.  Sna bólaí seo tugtar ‘chipmunk’ orthu.  Nuair a rinne mé tagairt do cheann díobh in úrscéal liom, thug mé ‘siopmonc’ air, ach is gnáth linne ‘Shima’ a thabhairt orthu.  Tharla go raibh cuairteoirí againn ón tSeapáin agus chuir siad an-suim san ainmhí beag.  Dealraíonn go gcoimeádtar mar pheataí iad sa tSeapáin agus ‘Shima risu’ mar ainm orthu.  Ionann sin agus ‘iora stríocach’ agus, ar ndóigh, sé Tamias striatus an t-ainm eolaíoch idirnáisiúnta. 



Friday, May 11, 2012

Nótaí ón nGairdín

Mion-nóta fánach:  An crann piorra áiseach atá ag fás mar espalier agam cois balla an gharáiste, is tearc an barr a fhaighim uaidh.  Easpa pailniú is cúis leis sin.  Dhá bhliain ó shin cheannaigh mé crann beag a raibh trí chineál piorra áiseacha beangaithe air.  I mbliana an chéad bhliain a bhláthaigh an crann nua agus b’álainn an radharc é.  Ní hamháin go raibh pailniú fónta ar an sean-chrann, ach bhí an crann beag nua breac le damhna torthaí.  N’fheadar an eol daoibh nach féidir ceadú dá leithéid?  B’éigean dom beagnach gach ceann díobh a bhaint sa chaoi nár fhág mé ach dhá bhleibe an ceann ar na trí bheangán. Loitfí an crann beag dá gceadóinn dó dul ar aghaidh leis an ualach a bhí air.  Focal scoir: nocht an chéad duilleog práta inné.

Monday, April 30, 2012

An Fheirm, Cuid a Dó




A: Úll.
B: Cuirín dubh.
C: Silín
D: Conbhaiscne, Nua
E: Conbhaiscne, Sean
F: Coll
G: Gairleog
H: Hiodrainsia
J: Seallóid
K: Asparagas
L: Fraochán Gorm
M: Pis
N: Spíonán
O: Piorra Áiseach
P: Práta
Q: Fíniúin
R: Sú craoibhe
S: Cró múirín
T: Gurd,
W: Uisce

Sunday, April 29, 2012

An Fheirm

Seo daoibh toradh mo shaothair, a chairde. Tá 2,300 troigh chearnach iata ag an bhfál agus an dian-obair chun an talamh a thabhairt chun míntíreachais geall le bheith críochnaithe. Níl uaim inniu ach spléachadh a thabhairt daoibh ar chruth an iomláin. Beidh a thuilleadh le rá agam amach anseo faoi na plandaí atá curtha i dtalamh agam. Inniu, áfach, dírím bhur n’aire ar dhuibhe na línte. Ionann líne dubh dúbailte agus ceapach ardaithe, líne singil agus gnáthcheapach san ithir. Ionann poncanna agus plandaí aonar.

Friday, April 6, 2012

Cantoral.

Dé Máirt bhí sé d’ádh againn freastal ar chlár ceoil le haghaidh Seachtain na Páise in eaglais in New Haven. Planctus a thugtar ar a leithéid de chur i láthair caointeach agus ba é an grúpa Cantoral ó Dhámh Chruinne Éireann d’Ollscoil Luimnigh na hoirfidigh. Cé go raibh formhór na bpíosaí i Laidin bhí dhá cheann i nGaeilge; Seacht nDólás na Maighdine Muire (‘An chéad dólás a bhí ar an Maighdean’) agus Caoineadh Mhuire (‘A Pheadair, a aspail’). Cé go raibh cur i láthair ‘Caoineadh Mhuire’ sásúil, bhí an bhean a chan ‘Seacht nDólás’ thar barr ar fad sa chaoi go raibh na deora ag rith liom agus ag mo chéile, cé nár thuig sí focal de. Ar an drochuair níor tugadh le fios dúinn cérbh iad na hoirfidigh aonar agus ní raibh sé d’uain againn bualadh leo ag deireadh an taispeántais. Má bhíonn sé d’uain ag éinne agaibh freastal ar chur i láthair an ghrúpa seo, tapaigh an deis.

Tuesday, April 3, 2012

Nótaí Ón nGairdín

Nóta a Trí (4/3/2012). Tháinig deireadh le prátaí na bliana seo caite ar an gcéad lá d’Aibreán. Níorbh annamh a leithéid fadó agus is as sin, is dócha a tháinig an nath ‘Aibreán an Ocrais’. Beidh prátaí na bliana seo á gcur i gceann coicíse, ach in a mhalairt de cheapach, ar ndóigh, agus saghas nua á thriall agam, Norkotah a thugtar orthu agus deirtear go mbíonn buannacht mhaith acu. An stoirm ghaoithe úd agus an stoirm sneachta a lean í, rinneadar slad ar chonbhaiscní An Chosantóra sa chaoi gur léir dom gur gá tosú ar ghlún nua den chrann céanna. Na cinn dhúchasacha, Cornus florida, seachas an saghas ón tSeapáin, Cornus kousa, a bhí uaithi agus an deireadh seachtaine seo caite chuireamar i dtalamh trí cinn nua; dhá cheann bhána agus ceann amháin bándearg. Ná crainn a roghnaíomar ag plandlann logánta, tá siad in ainm a bheith frithsheasmhach i gcoinne Anthracnose, Discula destructiva, galar fungach atá go forleathan sna bólaí seo le blianta beaga anuas.

Sunday, March 25, 2012

Nótaí ón nGairdín

Nóta a Dó (03/25/12)


Mar a thuair mé i gcéad nóta na bliana seo, bhí na piseanna i dtalamh roimh dheireadh Feabhra agus inniu chuir mé an dara dreas díobh sa cheapach chéanna. Aisteach ar fad an aimsir a bhí againn le breis is coicís anuas, an teocht 20°F níos airde ná mar is gnáth. Dá bharr sin, tá borradh faoi chuid de mo phlandaí agus mé buartha dá réir. Tuige sin? Well, an gcreidfeá go mbeidh íosteocht de 20°F againn anocht? Sin a deir na heolaithe agus sin ba fáth dúinne, agus muid fillte ón Aifreann ar maidin, clúdacha cosanta a chur ar Hiodrainsianna An Chosantóra agus ar cheann amháin de mo chrainn piorra. An crann céanna, tá sé óg fós agus díreach ag bláthú agus loitfear an barr má bhaineann an sioc leis na bláthanna. Thairis sin, tá chuile rud sa ghairdín ar fheabhas, seachas ar ndóigh, na tiúilipí atá ite cheana féin ag na fianna. Seo amharc daoibh ar chuid den cheapach thaobh bóthair ar maidin. Cuireann a leithéid gliondar ar mo chroí.

Sunday, March 18, 2012

Ceist an Dátheangachais.

Agus mé thart ar thosú ar an mbunscoil, is cuimhin liom m’athair agus deirfiúr leis ag argóint faoin bplean a bhí aige idir Ghaeilge agus Bhéarla a labhairt liom agus leis na leanaí eile ina mhuirear. Is cuimhin liom, freisin, gur léigh mé, tamall de bhlianta ó shin, píosa taighde in Nature nó Science a thuairiscigh go raibh log ar leith san inchinn ag gach teanga i leanbh a tógadh go dátheangach ón mbroinn, ach nárbh fhíor sin i gcás leanaí nár thosaigh ar an dara teanga go dtí go raibh siad 8+ bliana d’aois. Féach anois an t-alt seo in NYT an lae inniu. Suimiúil mar alt é.

http://www.nytimes.com/2012/03/18/opinion/sunday/the-benefits-of-bilingualism.html?hp

Saturday, March 17, 2012

Beannachtaí na Féile Oraibh Uile

Tar éis naoi mí ar dhroim na mara, d’éirigh leis an mac is óige linn seal trí lá a chaitheamh linn agus é ar a shlí go comhdháil míochaine i Las Vegas. Pé ar bith faoin láthair sin, ba mhór an chabhair é don seanleaid seo agus trinse á thochailt aige. Ach sin scéal don tsraith ‘Nótaí Ón nGairdín’.

Beidh an leaid céanna agus déanamh ar Bhunáit Chabhlaigh san Eoraip i gceann mí nó dhó agus An Cosantóir ag pleanáil cheana féin ar ghabháil trasna ‘chun na garleanaí a fheiceáil’. Ar ndóigh, beidh teangaire de dhíth uirthi feadh an ama. Dála an scéil, gabhann an bhean chéanna buíochas le Dennis as ucht a haire a dhíriú ar Google an lae inniu.

Beannacht Phádraig oraibh, cuma cén troigh lena gciceann tú nó mura gciceann tú le ceachtar díobh.

Friday, March 2, 2012

Dhá Phictiúr




Faoi dheireadh chinn mé ar mo ‘scriptorium’ a athchóiriú. Bhí an seomra beag ag brúchtadh leis na leabhair, pictiúir agus memoralia a bhailigh mé ó shroich mé an tír seo breis agus daichead bliain ó shin. Roinn mé na leabhair i dtrí charn; le coimeád sa seomra, le coimeád thíos san íoslach agus le fáil réidh leo. Deachair fáil réidh le leabhar ar bith cuma cé chomh leibideach is atá sé, ach níl dul as. A rogha ag an leabharlann logánta, cúpla cnuasach seolta sa phost go dtí úinéirí nua agus an fuílleach anois dóite chun leictreachas a ghiniúint sa stáisiún áitiúil. Coicís a chaith mé leis an jab agus seo dearcadh ar chuid den toradh.

An pictiúr eile? Ba é a tharla go raibh giota beag d’arán caiscín éirithe stálaithe gur chaith mé amach an doras cúil é. Seo an t-iora a sciob chuige féin an blúirín, é suite ar ráille na deice ag cogaint leis.

Wednesday, February 22, 2012

Nótaí Ón nGairdín 2012

Nóta a hAon

Ní fada uainn an tEarrach sna bólaí seo anois, óir den chéad uair i mbliana chonac inniu Plúiríní sneachta agus Dáthabhaí geimhridh (Erantis hyemalis; Winter aconite) agus thairis sin bhí ar mo chumas bheith ag treabhadh leis an mBurro. Mura dtéann an aimsir i ndonas beidh na piseanna i dtalamh i gceann seachtaine.

Sunday, February 19, 2012

Díomhaointeas an Gheimhridh

‘Ná lig sinn i gcathú’ a deir an paidir, ach ‘Lig Sinn i gCathú’ a bhí ag Breandán Ó hEithir i gceann de na húrscéalta is greannmhara dar léigh mé riamh, agus is eagal liom gurbh ag leanúint comhairle Bhreandáin seachas an paidir a bhí mé feadh an
gheimhridh, geimhreadh nach bhfuil a dheireadh sroichte againn fós in Connecticut.

Tá luaite liom gur garraíodóir mé agus le blianta beaga anuas táid ann a deir gur imithe thar fóir atáim i bhfianaise m’aoise agus mo dhroim fhabhtach. Pé ar bith é, ag filleadh dúinn ar an díomhaointeas úd agus a tharlaíonn dá bharr, ag tosú thart ar Lá an Altaithe agus ag leanúint gan staonadh gan stad go dtí lár Mhárta, tagann na catalóga ina gcaise; catalóga maisithe le pictiúir de bhláthanna, bláthanna de fhoirfeacht, idir chruth agus dhath, nach bhfaca neach daonna riamh; catalóga de chrainn, de ghlasraí, de shíolta agus d’uirlisí ilghnéitheacha a maítear fúthu go ndéanann siad beag is fiú den jab is déine. Cathú iad uilig, sea, cathú.

Agus mé ar bhunscoil logánta Rialto i bhfad ó shin is cuimhin liom na focail a bhí ag an sean-Chaiticiosma faoi ghéilleadh don chathú:

‘He who fails in small things shall fall by little and little.’

Beag a thuig mé ag an am nach do ghoid úll ó ghairdín na comharsan a bhíothas ag tagairt, ach do mhealladh na gcatalóga. Súimín beag as an gceann seo agus súimíní fíorbheaga as na cinn eile agus i ndeireadh na dála tá a leithéid seo agat.

Dhá chrann coill; Trí fhíniúin; Dhá thor spíonán; Tor cuiríní dubha; Dhá chrann silíní; Dhá chrann úll; Crann Piorra Áiseach; Sé Labhras Sléibhe; Dhá chrann cuilinn; Sé Helleborus agus cnuasach raithneacha le dul leo.

Is leor sin chun blaiseadh den liosta a thabhairt daoibh, mar nílim chun cur síos ar na cineálacha síolta atá seachadta cheana féin, síolta nach gcuirfear roinnt díobh i dtalamh go dtí mí Bealtaine (Edamame agus puimcín, mar shampla) ná ar na plandaí eile a cheannófar in am trátha, ar nós trátaí agus piobair.

Ar fheiceáil an liosta seo do Chosantóir na mBilí, ar sí “You poor man. Couldn’t you take is easy, for once?”

Fíor di, ach níl dul as agam, nó sin a deirim liom féin i gcoim na hoíche.