Seo an iarracht is déanaí liom dlúth-aithris a dhéanamh ar an arán a chonaic mé á dhéanamh le linn dom samhradh na bliana 1950 a chaitheamh i nGaeltacht na Gaillimhe. Ní raibh leictreachas ar bith sa cheantar agus dhéantaí an chócaireacht uilig ar an tine mhóna sa chistin. Mar oigheann bhí bácús ag bean a’ tí agus faoi dhó sa tseachtain dhéanadh sí dhá bhullán mór sóid-arán: ceann de phlúr bán, an ceann eile de chaiscín. Ionann ‘bácus’ agus soitheach d’iarann teilgthe a raibh barr/clúdach ag dul leis. Trastomhas de16 orlach a bhí sa bhácús agus é 8 n-orlach ar airde. (Dutch oven atá air a leithéid de shoitheach sna bólaí seo.) Mar leacht taois, d’úsáidtí an bhláthach a fágadh tar éis im a dhéanamh. Go hiondúil bhíodh blúiríní ime sa bhláthach. I ngar do dheireadh na bácála chuirtí smeachóidí móna ar bharr an bhácúis. OK, is leor sin mar réamhrá, ach a chur ar bhur súile daoibh gur aistriúchán é seo ar an oideas a scríobh mé le déanaí dom chlann mac is iníne agus dá gclanna siúd. An bhfuil a fhios agaibh go bhfuil beirt iarua againn anois?
Mar bhácús tá mias casaróil 5 phionta de dhéantús Corningware le barr/clár gloine air.
Mar thine mhóna tá oigheann leictreach, réamh-théite go dtí 400 ° F agus an mhias chasaróil ann.
Mar bhláthach tá bainne beagmhéathrais (1%) maille le fínéagar bán agus ola canola. Más ghnáth-bhainne a bheidh á úsáid agat, fág an t-ola ar lár.
Comhábhair
Gnáth-phlúr bán 1 chupán
Caiscín garbh (Odlums) 2 chupán
Púdar bácála 2 thaespúnóg
Sóid bácála 2 thaespúnóg
Salann 1 taespúnóg
Siúcra 1 taespúnóg
Bainne (1%) 12 unsa
Ola canola 1 bhord spúnóg
Fínéagar 1 bhord spúnóg
Modh
Cuir an bainne, an fínéagar agus an t-ola le chéile agus measc iad.
Réamh-théigh an t-oigheann go dtí 400 ° F agus an mhias casaróil maille leis an mbarr san oigheann le linn an téite.
Measc na comhábhair thirime le chéile agus nuair a bheidh an t-oigheann ag 400 F doirt an leacht isteach d’aon gheábh amháin. Measc le spúnóg adhmaid go mbeidh an taos aonfhoirmeach. Iompaigh amach ar losaid phlúrtha é agus le lámha plúrtha fuin an taos a laghad agus is féidir ach go mbeidh sé ina chiorcal thart ar 8 n-orlach ar leithead. Tóg an mias chasaróil as an oigheann, bain an barr di agus sleamhnaigh an taos isteach sa mhias. Gearr cros ar bharr an taois, spréigh le huisce é, cuir an barr gloine ar an mias agus ar ais san oigheann leis an iomlán.
Tar éis 10, 20 agus 30 nóiméad spréigh barr an taois arís. Bain an barr den mias agus bácáil ar feadh 15 nóiméad breise. Bain an t-arán as an mias agus cuir ag fuaradh é ar raic. Is féidir an t-arán fionnuar a roinnt agus cuid de a reo má filltear i scragall alúmanaim é agus an beart sin a shéalú i Ziploc. Chun an t-arán a atéamh, bain as an Ziploc é agus téigh in oigheann ag 300 F ar feadh 40 nóiméad é.
Tá’s agam go bhfuil na treoracha seo roinnt mhaith iomadúil, ach is cineál “Baking For Dummies” atá ar siúl agam. Níl imir de tharcaisne i gceist.