Tuesday, December 13, 2011

Comhar



Tá’s agam gur mhóidigh mé nach mbeadh aon teagmháil agam leis an iris seo ón am go ndearna siad feall ar Aindrias Ó Cathasaigh, ach tharla nach raibh mo shíntiús ídithe agus le déanaí feicim go bhfuil an-athrú tagtha ar leibhéal na scríbhneoireachta agus ar phroifisiúntacht an eagarthóra. Le heagrán nó dhó anuas dírítear ar ábhar amháin, Seán Ó Riada in eagrán Dheireadh Fómhair agus Brian Ó Nualláin/Myles etc san eagrán reatha. Fiú más fuath leat roinnt de na daoine atá bainteach leis an iris (agus tá beirt nó triúr leibideach ón ré náireach bainteach léi fós) b’fhiú €4 a chaitheamh féachaint an n-aontaíonn tú liom gur iris as an nua í.

2 comments:

  1. Is ea. Mé féin ag machnamh ar mo shíntiús a athbheochan. Seachas go bhfuil sé níos saoire é a cheannach gach mí seachas síntiús a bheith agat....

    ReplyDelete
  2. D'aontóinn go bhfuil feabhas as cuimse tagtha air cinnte, ach céard a rinneadh ar Aindreas?

    ReplyDelete