Friday, October 21, 2011

Ré Nua sa Ghairdín


Ba é ba chúis dúinn cloí le ceapacha ardaithe, boichte na talún mar aon le heaspa ama, eolais agus taithí. Cuimhnigh go raibh an bheirt againn ag obair i bhfad ó bhaile agus na páistí fásta scaipthe. Creid é nó na creid, ach tá sé i bhfad níos éasca ceapach ardaithe a thógáil agus a líonadh le múirín ná a chóimhéid de thalamh aimrid clochach a thabhairt chun míntíreachais.

Seans gur cuimhin libh go ndúirt mé tamall ó shin go raibh seasamh An Chosantóra i gcoinne fál ag dul i léig. Tharla go raibh sí ag caint le comharsa linn agus d’inis an bhean chéanna di go raibh a céile sise tar éis fál leictreach a chur timpeall ar a phaiste beag glasraí chun iad a chosaint ar na fianna.

Ba leor sin chun seasamh mo chéile a athrú. Thóg mé an fál mí ó shin agus mise ag rá libh gurbh achrannach an jab é. Beagán thar 6 throigh ar airde agus mogall dubh plaisteach crochta ceangailte leis na cuaillí alúmanaim . Thart ar 2,300 troigh cearnach iata istigh agus geata breá so-ghluaiste ag gabháil leis. “An-jab,” dar léi.

Á, sea, an ré nua sin? Cheannaigh mé ‘burro’ agus chrom ar an talamh a threabhadh, na clocha a bhaint as agus gach pioc múirín a bhí againn a shaothrú/ionchorprú isteach sa phúdar a bhí fágtha tar éis clocha agus carraige a thabhairt chun siúil. Clocha agus carraige!! Seo figiúr daoibh: tonna díobh bainte as paiste talún de 150 troigh cearnach. An tonna céanna, is meastachán é, ach, mar is dual dom, is cuibheasach cruinn mar mheastachán é.

Sin mise agus an burro sa phictiúr agus íomhá de Naomh Fiacra ag crochadh ar an ngeata. Beidh mapa an ghairdín agus a bhfuil pleanáilte agam a dhéanamh ann agam daoibh i gceann seachtaine nó mar sin.

5 comments:

  1. Chuala mé na blianta ó shin go bhfuil ballaí cloiche ar fud na háite i Sasana Nua toisc go raibh orthu rud éigin a dhéanamh leis na clocha uilig a bhain siad as na páirceanna!

    ReplyDelete
  2. Mórchuid cloch is gannchuid chuid cré?

    Gó n-éirí leat. Naomh Fiachra patrún na garraíodóirí chomh maith le fir Taxi, nach ea?

    ReplyDelete
  3. @ Naomh Fiachra

    An cheist chéanna ar bharr mo mhéar féin, a Aonghuis!

    ReplyDelete
  4. Ní hamháin gurb é Fiacra patrún garraíodóirí agus feirmeoirí, ach é freisin ag freastal ar lucht tiomána taxi agus lucht fulaingt fíocas!! ‘That’s spreading the poor man a bit thin,’ arsa mac liom, ach sin is cás don naomh céanna.

    ReplyDelete
  5. Tá an focal “fiacre” (carráiste beag) in ainm a bheith beo sa Bhéarla, ach as óstán i bPáras a ainmníodh é, ní as an naomh. Ach is as an naomh a ainmníodh an t-óstán.

    ReplyDelete