Friday, October 7, 2011

Nótaí Garraíodóireachta

Is den nádúr é go bhfásann crainn agus go dtagann airde orthu. Na crainn is túisce síneadh chun spéir, siad is túisce a éagann; conbhaiscní agus céadair mar shampla. Le fás na gcrann malla tagann leathnú ar a scáth agus i ndeireadh na dála dúnann ceannbhrat an duilliúir (the canopy) agus b’in ba chúis liom scaradh inné le sraith plandaí a raibh gaol agus meas eadrainn ar feadh suas le scór bliain. Na giolcaigh sú craoibhe atá i gceist agam. Le tamall de bhlianta bhí an dtairge ag dul i laghad agus chuir Irene an caidhp-báis ag an scéal. Inné, tar éis dom suíomh nua a ullmhú dóibh, suíomh glanta de chlocha agus méith le dea-ithir agus múirín, réab mé na sean-ghiolcaigh as an talamh, roghnaigh na fréamhacha ab fhearr, fiche díobh, agus chuir ceann ar cheann sa suíomh nua iad. An fuílleach, dhá bharr-rotha de, d’iompair mé go dtí an dumpa é agus d’fhág slán leis.

As seo go dtí deireadh na bliana, is faoin ngairdín nua a bheidh mé ag blagáil agus súil agam go gcuirfidh sibh suim agus go mbainfidh sibh taitneamh as a mbeidh le rá agam.

3 comments:

  1. Ábhar úr faoin úir agat mar sin.

    ReplyDelete
  2. Ní bás ach athfhás atá i ndán dóibh.
    :-)

    ReplyDelete
  3. Sliocht sleachta, go deimhin, agus tuilleadh le teacht. Fan go bhfeicfir.

    ReplyDelete