Saturday, October 29, 2011

Go Luath is Gan Staonadh



Bhíothas á thuaradh le lá nó dhó anuas; leath-throigh sneachta roimh dheireadh na míosa. Agus, by dad, tháinig an tuar faoin tairngreacht mar a fheiceann sibh sna pictiúir thuas; ceann dara agus crann aitil. Seo titim as an ngnáth. Níorbh ionadh calóg nó dhó roimh thús Mhí na Samhna, ach leath-throigh! A leithéid. Bhí séidire sneachta nua le bheith seachadta chugainn inniu agus tá mé ag ceapadh nach féidir le carr an chomhlachta an fána suas ár sráid a shárú. Tine, bia agus deoch, iad uilig againn agus tuilleadh. Mé ag ceapadh nach baol dúinn, agus le titim na hoíche, seans go suífidh An Cosantóir liom go ndéanfaimid Yuki mi Zake; deoch a bhlaiseadh agus tú ag féachaint ar sneachta ag titim.

5 comments:

  1. 400,000 duine gan leictreachas!! Muidne OK

    ReplyDelete
  2. “Táim ag brionglóideach ar Oíche Shamhna bhán....” ������ ������

    ReplyDelete
  3. Leagan ceartaithe: 500,00 teaghlach gan leictreachas = 1,500,000 duine!!!

    ReplyDelete
  4. @ Tine, bia agus deoch

    Deacair iad a shárú nuair atá sneachta ar an talamh taobh amuigh..:-)

    Bhí mé ag labhairt le mo mháthair i mBostún aréir, agus dúirt siad go raibh sneachta ar an mbealach. Is dóigh liom, mar sin, gur thit sé ansin, freisin.

    Dar le fear an phoist as Dún na nGall, fear a leanann comharthaí an nádúir, níl sneachta tuartha abhus.

    ReplyDelete
  5. Maidin Domhnaigh.

    Tá mo chéile bocht faoi bhrón inniu, í ag siúl timpeall ag amharc ar an slad a rinne an sneachta bog tais do na crainn a bhí lag cheana féin de bharr gaoth agus báisteach Irene. Ní ag magadh fúithi a bhí mé nuair a bhaist mé Cosantóir na mBilí uirthi, óir tá cumann nó caidreamh ar leith aici le crainn agus cé go gcuireann an gaol sin as domsa ar uaire, aithním gur rud tábhachtach fónta é agus go ngoineann slad na stoirme go smior í.

    ReplyDelete